Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 20:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus do ċúadar súas ar leiṫead na talṁan, agus do ṫimċiolladar campa na náoṁ, agus an ċaiṫair ionṁuin: agus táinic teine a núas ó neaṁ ó Ḋía, agus do ṡluig sí íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 agus do ċuadar suas tar leiṫead na talṁan, agus d’iomṡuiḋeadar campa na naoṁ agus an ċaṫair ionṁain: agus ṫáinig teine anuas ó neaṁ, agus do ṡloig sí iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 20:9
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ann sin do ḟear an TIĠEARNA ar Ṡodom agus ar Ġomorrah ruiḃ agus teine ón TIĠEARNA amaċ as flaiṫeaṁnus;


¶ Agus an tan do éiriġ searḃḟoġantuiġ óglaiċ Dé go muċ, agus do ċuáiḋ amaċ, féuċ, do ḃí slúaġ timċioll na caiṫreaċ maille re heaċuiḃ agus le carbaduiḃ. Agus a duḃairt a ṡearḃḟoġantuiġ ris, Mo ṫrúaiġe, a ṁaiġistir! ered ḋéanam?


Ar ṁeas tú leiṫead na talṁan? foillsiġ má atá a ḟios uile agad.


Agus do faduiġeaḋ teine iona ccoṁḋáil; do loisg an lasair súas na ciontuiġ.


Is ionṁuin leis an TIĠEARNA geataḋa Sion ós cionn ionad suiġe Iácob uile.


Téid teine roiṁe, agus loisgfe sí a naiṁde fa ccuairt na ṫimċioll.


Oír do hórduiġeaḋ Toṗet ón tseanaimsir; iseaḋ, don ríġ fós do hullṁuiġeaḋ é; do rinne sé doṁuin agus leaṫan é: sé a ċárn sin teine agus iomad connaiḋ: lasaiḋ anál an TIĠEARNA é, aṁuil sruṫ ruiḃe.


¶ Annsin do ċuáiḋ aingeal an TIĠEARNA amaċ, agus do ḃuáil sé a ḃfoslongṗort na Nassírianaċ céud ceiṫre fiṫċid agus cúig ṁíle: agus a nuáir do éirġeadar go moċ ar maidin, féuċ do ḃádar uile na ccorpuiḃ marḃa.


Agus tiucfa tú a níos a naġaiḋ mo ṗobail Israel aṁuil néull dfolaċ na talṁan: annsna láeṫiḃ deiġnioċa ḃías sé, agus do ḃéara misi ṫú a naġaiḋ mo ḋúiṫċe, ċor go mbía a ḟios ag na geintiḃ, an tan náoṁṫeaċṫar ionnadsa mé, a Ġog, as coinne a súl.


Agus taigeora mé na aġaiḋ maille re pláiġ agus lé fuil; agus fearfa mé air, agus air a ḃannaḋuiḃ, agus air a niomad daóine atá aige, fearṫuinn anfaċ, agus cloiċṡneaċta móra, teine, agus ruiḃ.


Eíreoċa tú súas agus bíaiḋ tú cosṁuil ré hanfa, biáiḋ tú cosṁuil ré néull dfolaċ na tíre, ṫusa, agus do ḃannaḋa uile, agus mórán daóine maille riot.


Agus cuirfiḋ mé teine ar Ṁagog, agus a measc na ndáoine ċoṁnuiġios go neaṁċúramaċ annsna hoiléanuiḃ: agus aiṫeonuid síad gur misi an TIĠEARNA.


Ṫáinic an bristeóir súas rompa: do ḃriseadar súas, agus do ġaḃadar ṫríd an ngeata, agus do ċúadar amaċ ann: agus raċuiḋ a ríġ rompa, agus an TIĠEARNA iona ccionn.


Oír, féuċ, tógḃuim súas na Caldéanuiġ, an cineaḋ searḃ deiṫneasaċ sin, noċ imṫiġios tre leiṫead na tíre, do ṡealḃuġaḋ na náiteaċ ccoṁnúiḋe naċ leó féin.


Agus a nuáir do iomċasáoid an pobal, do ċuir sin fearg ar an TIĠEARNA: agus do ċualuiḋ an TIĠEARNA sin; agus do lasaḋ a ḟearg; agus do las teine an TIĠEARNA na measg, agus do loisg an luċd dó ḃí a nimliḃ an ċampa.


Agus táinic teine a maċ on TTIĠEARNA, agus do loisc an dá ċéad agus an cáogad do ofráíl an túis.


Aċd an lá ann a ndeaċaiḋ Lot amaċ as Sodom do fearaḋ teine agus ruiḃ ó neaṁ, agus do sgrios sé iúd uile.


Oír tiocfuid láeṫe ort, ann a dteilgfid do naiṁde diog ad ṫimċeall, agus iona dtimċiollfaid, agus iona gcuiḃreoċaid ṫú gaċ éantáoḃ.


Agus an tan do ċífí Iérusalem ar na timċeallaḋ ó ṡlúaġuiḃ, bíoḋ a ḟios aguiḃ an tansin gur ab fogas a fásuġaḋ.


Agus an tráṫ do ċuncadar a ḋeisciobuilsion Séumas agus Eóin so, a duḃradar, A Ṫiġearna, a naill leaċd go nabramáois teine do ṫeaċd a núas ó neaṁ, dá losaḋ síad, mar do rinne Elías leis?


Oír siuḃluiġ do ṪIĠEARNA Día a lár do ċampa, dot ċuṁdaċsa, agus do ṫaḃairt do náṁad súas ad ḟíaġnuisi; ar a naḋḃarsin biáiḋ do ċampa náoṁṫa: go naċ ḃfaiciḋ sesion éainni salaċ ionnad, agus go ḃfillfeaḋ sé uáit:


A dteine lasarrḋa ag déunaṁ díoġaltuis ar a ndruing ag naċ ḃfuil éolas Dé, agus náċ dtaḃair úṁlaċd do ṡoisgéul an Dtíġearna Iós Críosd:


Ar a náḋḃarsin imṫiġeam amaċ as an gcampa ċuigesion, ag iomċur masla air a ṡon.


Agus cía bé lér mían doċar do ḋéunaṁ ḋóiḃ, tig teine amaċ as a mbéul, agus sluigiḋ sí a naiṁde: agus cía bé lér mían doċar do ḋéunaṁ ḋóiḃ, as aṁluiḋ so ás éigean a ṁarḃaḋ,


Agus do rinne sé miorḃuile móra, ionnus go dtug sé fó deara teine ṫeaċd a núas ó neaṁ ċum na talṁan a ḃfíaḋnuise na ndaóineaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ