Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 20:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Is beannuiġe agus is náoṁṫa an tí agá ḃfuil cuid aige sa gcéud eiséirġe: óir ní ḃfuil cúṁaċda ag an dara bás orrṫa so, aċd béid síad na sagartuiḃ do Ḋía agus do Ċríosd, agus béid na ríoġuiḃ na ḟoċairsean míle blíaḋuin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Is beannuiġṫe, naoṁṫa iad‐san go ḃfuil páirt aca san gcéad aiséirġe: ní ḟuil cuṁaċt ar biṫ ag an dara bás orṫa; aċt béiḋ siad ’n‐a sagartaiḃ do Ḋia agus do Ċríost, agus riaġlóċaiḋ siad i n‐éinḟeaċt leis ar feaḋ míle bliaḋan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 20:6
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tiucfa a ccríċ, an té fúigfiġear a Sion, agus an té ḟanfas ann Ierusalem, go ngoirfiġear náoṁṫa ḋe, eaḋon gaċ neaċ atá scríoḃṫa a measg na mbéo ann Ierusalem:


Aċt goirfiġear ḋíḃsi Sagairt an TIĠEARNA: goirfid na daóine Minisdrí ar Ndé ḋíḃ: íostaói saiḋḃrios na ngeinteaḋ, agus ann a nglóir ṁáoiṫfiḋe siḃ féin.


Is beannuiġ an té ḟeiṫios, agus ṫig gus an míle, trí ċéad tríoċad agus a cúig la.


Agus an tan do ċúalaiḋ duine áiriġe dá raiḃ ar áonḃord ris na neiṫesi, a duḃairt sé ris, Is beannaiġe an té iṫeas arán a ḃflaiṫeas Dé.


Ar a naḋḃarsin sirim daṫċuinge oraiḃ, a ḋearḃraiṫreaċa, tré trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫaḃairt na ḃéo-ioḋbairt, náoṁṫa, geanaṁail do Ḋía, ḃur seirḃís réusúnta.


Agus más clann, is oiḋriġe fós sinn; óiḋriġe gan aṁaras do Ḋía, agus coṁóiḋriġe do Ċríosd; má ḟuilngmíd a néinḟeaċd ris, ionnus go mbemís a ccóṁġlóir ris.


Má nimíd fúlang bíam a rioġaċd mar an gcéudna maille ris: dá séunam é, séunfa seision sinne mar an gceudna:


Agus bíġiḋse mar ḃéoċloċaiḃ, tógṫa súas ḃur dtiġ spioradálta, ḃur sagartaċd náoṁṫa, ċum íoḋbarṫaḋ spioradálta dforáil, ar a mbiáiḋ gean ag Día tré Iósa Críosd.


Aċd is cinéul toġṫa siḃse, sagartaċd ríoġa, cineaḋ náoṁṫa, pubal ar leiṫ; ionnus go ḃfoillséoċaḋ siḃ suḃáilciḋe an tí do ġoir siḃ as dorċadus ċum a ṡolais iongantuiġ féín.


Agus do rinne ḋínn ríġṫe agus sagairt do Ḋía agus dá Aṫair; glóir agus cúṁaċda ḋósan go sáoġal na sáoġal. Amén.


Agus do ċúala mé gúṫ ó neaṁ ag ráḋ riom, Sgríoḃ, Is beannuiġe na mairḃ do ġeiḃ bás sa Dtíġearna feasda: A seaḋ a deir an Spiorad, go sguirfid síad feasda ḋá sáoṫar; agus leanuid a noibreaċa íad.


An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an spiorud ris na heagluisiḋiḃ; An tí ḃeireas buáiḋ ní ḃfuiġe sé doċar ón dara bás.


Agus do teilgeaḋ an bás agus ifearn a loċ teineaḋ. A sé so an dara bás.


Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.


Agus ní ḃiáiḋ óiḋċe ann sin; agus ní ḃfuil uireasḃuiḋ lóċruinn, ná solais gréine orrṫa; óir do ḃeir an Tíġearna Día solas dóiḃ: agus béid síad na ríoġuiḃ go sáoġal na sáoġal.


Féuċ, tigim go lúaṫ: is beannuiġe an tí ċoiṁéudas bríaṫra fáiḋeadoireaċda an leaḃairse.


Do ḃéur cead don tí ḃeireas buáiḋ suiḋe maille riom um ċaṫáoir rioġa, aṁuil fós rug mise buáiḋ, agus ṡuiġim a ḃfoċair Maṫair ann a ċaṫáoir ríoġasan.


Agus go ndearna tú ríġṫe agus sagairt dinn dár Ndía féin: agus bíam ag ríaġluġaḋ air an dtalaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ