Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 20:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus do ċonnairc mé cáṫaóireaċa, agus do ṡuiġeadar dream ionnta, agus do tugaḋ breiṫeaṁnus dóiḃ: agus do ċonnairc mé anmanna na druinge do díċeannaḋ ar son ḟiaḋnuise Iosa, agus ar son ḃreiṫre Dé, agus naċ dtug onóir don nainṁiḋe, ná ḋá ioṁáiġ, agus nár ġaḃ a ċoṁarṫa ċuca a gcláruiḃ a néudan, ná na láiṁ; agus mairfid agus béid na ríoġuiḃ a ḃfoċair Ċríosd míle blíaḋuin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do ċonnacas árd‐ċaṫaoireaċa; agus duine ’n‐a suiḋe ionnta go dtugaḋ de ċead dóiḃ breiṫeaṁnas do ṫaḃairt: agus do ċonnacas anmanna na ndaoine do di‐ċeannuiġeaḋ ar son fiaḋnaise Íosa, agus ar son briaṫair Dé, agus naċ dtug aḋraḋ do’n ainṁiḋe, ná d’á íoṁáiġ, agus nár ġlac ċuca a marc ar ċlár a n‐éadain, ná ar a láiṁ; agus ṫángadar ’n‐a mbeaṫaiḋ, agus do riaġluiġeadar i ḃfoċair Íosa míle bliaḋain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 20:4
40 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a láeṫiḃ na ríoġ so cuirfiḋ Día neiṁe rioġaċd súas, naċ scriosfuiġear go bráṫ: agus ní fúigfiġear an rioġaċd ag daóiniḃ oile, aċd brisfiḋ sí iona codċuiḃ agus díbeoruiḋ na rioġaċda uile, agus seasfuiḋ sí go braṫ.


Aċt géaḃuid naóiṁ an té is ro Airde an rioġaċd, agus sealḃoċuid an rioġaċd go bráṫ, go sáoġal ná sáoġal.


Nó go ttáinic Sinsior na laéṫeaḋ, agus tugaḋ breiṫeaṁnus do náoṁuiḃ an té is ro Airde; agus ṫáinic an tan gur ṡealḃuiġeadar na naóiṁ an rioġaċt.


Agus béarṫar an rioġaċd agus an tiġearnas, agus mórḋaċd na rioġaċda faói neaṁ go hiomlán, do ṁuinntir náoṁ an té is ró Aírde, noċ ar rioġaċd síorruiḋe a rioġaċt, agus fóiġeonuid agus uiṁleoċuid a nuile ṫiġearnas dó.


¶ Dféuċ mé nó gur teilgeaḋ na caṫaoire ríoġa síos, agus do ṡuiġ Sinsior na laéṫeaḋ, agá ráiḃ a ċulaiḋ coiṁġeal lé sneaċda, agus grúag a ċinn aṁuil olann ṁín: buḋ cosṁuil a ċaṫaóir ríoġa lé lasair ṫeineaḋ, agus a rioṫleáin aṁuil teine loiscniġ.


¶ Féuċ, cuirfe mé Eliiah an fáiġ ehugaiḃ suil ṫiucfas lá mór baoġlaċ an TIĠEARNA:


Agus a duḃairt Iósa riu, A deirimsi riḃ go deiṁin, An tráṫ ṡuiḋfeas Mac an duine a gcaiṫír a ġlóire féin, go suiḋfiḋ siḃse, do lean misi ann sa naiṫġeineaṁuin mar an gcéadna ar ḋá ċaiṫir ḋéag, ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ ḋéag Israel.


Ann sin do ġeaḃuid móran aḋḃar oilḃeime, agus braiṫfid dáoine a ċeile, agus bíaiḋ fúaṫ aca ḋá ċéile.


Aċd ar na ċluinsín Diorúaiṫ, a duḃairt sé, Is é so Eóin, do ḋiċeann misi: déiriġ sé ó ṁarḃuiḋ.


Agus ar gcur fir diċeanta a maċ don ríġ do láṫair, do aiṫin sé a ċeannsan do ṫaḃairt a sdeaċ: agus do imṫiġ seisean, agus do ḋíċeann sé é ann sa ṗríosún,


Agus do ḟíafruiġeadar ḋeisean, ag ráḋ, Créd fá nabruid na sgriobuiḋe gur ab éigean Elías do ṫeaċd ar tús?


Oir géuḃaiḋ seisean roiṁesan a spioraid agus a ṡuḃáilce Elías, dfilleaḋ ċroiḋeaḋ na naiṫreaċ ċum na cloinne, agus na neasuṁal ċum gliocuis na dáoine gcoṁṫrom; agus dullṁuġaḋ ṗobuil ḋiongṁálta don Tiġearna.


Agus biáḋ tú beannuiġe; do ḃriġ naċ ḃfuil acfuinn aca an ċomáoin ċeadna do ṫaḃairt ḋuit: óir do ḃéarṫar a luáiḋeaċd ḋuit a neiséirġe na ḃfíréun.


Ionnus go níosdáoi agus go níoḃṫáoi ar mó ḃórdsa ann mo rioġaċd féin, agus go suiġfí ar ċaiṫíreaċaiḃ ag breiṫ ḃreiṫe ar ḋá ṫreiḃ ḋéug Isráel.


Tamall beag fós, agus ní ḟaicfe an sáoġal feasda mél aċd do ċífiḋísi mé: do ḃríġ go ḃfuilimsi béo, beiṫisi béo mar an gcéadna.


Oír más é ndíultaḋsan is réiteaċ don doṁan, créd é a naṫġaḃáil, aċd beaṫa ó ṁarḃuiḃ?


Agus más clann, is oiḋriġe fós sinn; óiḋriġe gan aṁaras do Ḋía, agus coṁóiḋriġe do Ċríosd; má ḟuilngmíd a néinḟeaċd ris, ionnus go mbemís a ccóṁġlóir ris.


Má nimíd fúlang bíam a rioġaċd mar an gcéudna maille ris: dá séunam é, séunfa seision sinne mar an gceudna:


An tí do rinne fíaḋnuise do ḃréiṫir Dé, agus dfíaḋnuise Iósa Críosd, agus dá gaċ ní ḋá ḃfacuiḋ sé.


Do ḃí misi Eóin, ḃur ndearḃráṫair, agus ḃur gcóṁċompánaċ a dtáoḃ ḃuáiḋearṫa, agus ríoġaċda agus ḟúlaing Iósa Criosd, sa noiléun dá ngoirṫear Patmos, ar son ḃreiṫre Dé, agus ar son ḟíaḋnuise Iósa Críosd.


Aċd a gcionn ṫrí lá go leiṫ do ċuáiḋ Spiorad na béaṫa ó Ḋía ionnta, agus do ṡeasadar air a gcosuiḃ; agus do ġaḃ eagla ṁór an dream do ċonnairc íad.


Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.


Agus do ḃéura mé cúṁaċd dom ḋá fíaḋnuisiġe, agus béid síad ag faiḋeadóireaċd míle ḋá ċéud agus trí fiċid lá, ar na néuduġaḋ déuduiġiḃ róin.


Agus an tan ċrioċnóċuid síad a ḃfíaḋnuise, do ḋéunuiḋ an tainṁiḋe éirġeas ón bpoll duḃaigéin cogaḋ ríu, agus béuruiḋ sé buáiḋ orrṫa, agus muirfiḋ sé íad.


Giḋeaḋ rugadar buáiḋ air tré ḟuil a Nuáin, agus tré ḃréiṫir a ḟiaḋnuise; agus ní raiḃ suim aca na nanam féin go bás.


Agus biáiḋ deataċ a bpeannuiḋe ag éiriġe súas go sáoġal na sáoġal: agus ní ḃiáiḋ suáiṁneas do ló agus doiḋċe, ag an drong do ḃeir onóir don nainṁíḋe agus dá ioṁáiġ, ná ag an tí ġaḃus ċuige coṁarṫa a anmasan.


Agus do ċonnairc me cosaṁlaċd ḟairrge gloiniḋe ar na cúmasg ré teine: agus an luċd rug buáiḋ ar a nainṁiḋe, agus ar a ioṁáiġ, agus ar a ċóṁarṫa, agus ar úiḃir a anma, na seasaṁ ag an ḃfairrge ġloiniḋe, agus cláirseaċa Dé aca.


An tainṁiḋe do ċonnairc tú do ḃí sé ann, agus ní ḃfuil; agus eiréoċuiḋ sé a níos as an bpoll duḃaigéin, agus do ġeuḃuiḋ a sgrios: agus buḋ hiongnaḋ ris an luċd áitreaḃas an talaṁ, (ag naċ ḃfuil a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar na beaṫa o ṫus an doṁain,) an tan do ċífid an tainṁiḋe do ḃí ann, agus naċ bḟuil, agus fós atá.


Agus an tí ḃeireas buáiḋ, agus ċomgṁus moibreaċasa gus an gcríċ ḋeiġeanuiḋ, do ḃéur cúṁaċda ḋó ós cionn na gcineaḋaċ:


Is beannuiġe agus is náoṁṫa an tí agá ḃfuil cuid aige sa gcéud eiséirġe: óir ní ḃfuil cúṁaċda ag an dara bás orrṫa so, aċd béid síad na sagartuiḃ do Ḋía agus do Ċríosd, agus béid na ríoġuiḃ na ḟoċairsean míle blíaḋuin.


Agus ní ḃiáiḋ óiḋċe ann sin; agus ní ḃfuil uireasḃuiḋ lóċruinn, ná solais gréine orrṫa; óir do ḃeir an Tíġearna Día solas dóiḃ: agus béid síad na ríoġuiḃ go sáoġal na sáoġal.


Do ḃéur cead don tí ḃeireas buáiḋ suiḋe maille riom um ċaṫáoir rioġa, aṁuil fós rug mise buáiḋ, agus ṡuiġim a ḃfoċair Maṫair ann a ċaṫáoir ríoġasan.


Agus a dtimċioll na caṫáoireaċ fá gcuáirt do ḃádar ceiṫre caṫáoireaċa fiṫċead: agus do ċonnairc mé sna caṫáoireaċuiḃ sin na suiḋe, ceaṫrar ar fiċid seanóir umá raiḃ éuduiġe gléiġeala; agus do ḃádar coróna órrġa aca ar a gceannuiḃ.


Agus an tan do ḟosguil sé an cúigeaḋ séula, do ċonnairc mé faói a naltóir anmanna na druinge do marḃaḋ ar son ḃréiṫre Dé, agus ar son na fíaḋnuise do ċosnadar:


Ag ráḋ, Ná déunuiḋ doċar don talaṁ, ná don ḟairrge, ná do na crannuiḃ, nó go gcuiream séula ar searḃḟoġantuiġiḃ ar Ndé a gcláruiḃ a néudan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ