Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 20:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus rug sé ar an drágún, an seanaṫair niṁe, noċ is Díaḃal agus is Satán ann, agus do ċeanguile sé é míle blíaḋain,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus rug sé ar an dragún, an tsean‐naṫair niṁe, gur ab é an Diaḃal agus Sátan é, agus do ċeangail sé míle bliaḋain é,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 20:2
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Anois do ḃí a naṫair niṁe ní buḋ cealguiḋe ná áoin ḃeiṫeaċ san ṁaċaire dá ndéarna an TIĠEARNA Día. Agus a duḃairt sí ris an ṁnáoi, A neaḋ, a nduḃairt Día, Ní iostáoi dá gaċ áon ċrann sa ngáirdín?


Agus cuirfe misi náṁadus eadrad agus an ḃean, agus eidir do ṡíol agus a síolsa; brúiġfiḋ sé do ċeannsa, agus brúiġfiḋ tusa a ṡálsan.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Sátan, Cáit as a ttig tusa? Aunsin do ḟreagair Sátan don TIĠEARNA, agus a duḃairt, O ḃeiṫ ag imṫeaċt fá ccuáirt ar feaḋ na talṁan, agus ó ṡiuḃal síos agus súas ann.


Agus cruinneoċṫar a ccionn a ċéile íad, mar ċruinniġṫear braiġde annsa log, íaḋfniġear san ṗríosun íad, agus tar éis móráin do láeṫiḃ tigṫior dá ḃféuċuin.


Annsa ló sin smaiċdeoċuiḋ an TIĠEARNA le na ċloiḋeaṁ géur agus mór agus láidir leḃiatan an naiṫir niṁe ṫolltaċ, eaḋon leḃiatan a naiṫir niṁe ċam; agus muirfiḋ sé an dragún atá annsa ḃfairge.


Na ḋiáiġsin do ṫoṁais sé míle; agus do ḃí na ṡruṫ naċ ar ḟéud mé dul ṫairis; óir déirġeadar na huisgeaḋa, uisgeaḋa do ṡnáṁ ionta, aḃuinn nár ḃféidir dul ṫairse.


Agus giḋ bé neaċ do ṫréig tiġṫe, nó dearḃráiṫreaċa, nó deirḃṡeaṫraċa, nó aṫair, nó maṫair, nó bean, nó clan, nó dúṫuiḋ ar son manmasa, do ġeaḃa sé a ċead oirid, agus an ḃeaṫa ṁarṫanaċ mar oiḋreaċd.


Agus, féuċm do éiṁġeadar, ag ráḋ, Créud é ar gcuídne ḋiót, a Iósa, Ṁic Dé? an dtainic tú ann so dár gcéusaḋne roiṁe a naimsir?


Agus is íad so an drong a tá láiṁ ris a tsliġe, ann a gcuirṫear an ḃríaṫar; agus tar éis a cloisdean, tig Sátan ar an mball, agus tógḃuiḋ sé úaṫa an bríaṫar do siólaḋ an a gcroiḋṫiḃ.


Agus ag eiṁġe do ġuṫ árd, a duḃairt sé, Créd í mo ċuidsi ḋíot, a Iósa, a Ṁic Dé roáird? Cuirim a huċd Dé ort, gan mo ṗianaḋ.


A nois atá breiṫeaṁnus an tsáoġailsi a laṫair: a nois teilgfiḋear amaċ úaċdarán an tsaoġailsi.


A dtáoḃ breiṫeaṁnuis, ar son go ḃfuil úaċdarán an tsáoġailsi ar na ḋamnuġaḋ.


Agus bruiṫfiḋ Día na síoṫċána Sátan fáoi ḃur gcosaiḃ go haiṫġoird. Grása ar Dtiġearna Iósa Críosd maille riḃ. Amén.


Uime sin ó atá fuil agus feóil ar na roinn ris an gcloinn, do ġaḃ seision mar an gcéudna a ċuid díoḃ sin ċuige; ċum an tí agá ḃfuil cúṁaċd an ḃáis, éaḋon an díaḃal, dionnarbaḋ ḋó tré ḃás;


Bíġiḋ measarrġa, déunuiḋ faire; óir atá ḃur naṁuid an díaḃal, mar leoṁan ḃéicfeaċ, ag gaḃáil fá gcuáirt dá ḟéuċain cía ṡluiġfeaḋ sé:


Oír munar ċoigil Día na haingil do ṗeacuiḋ, aċd ar na dteilgean síos go hifrionn dó, go dtug íad do ṡlaḃraiḋiḃ an dorċaduis ċum a gcongṁála ris an mbreiṫeaṁnus;


Na haingil mar an gcéudna nár ċoiṁéid an ċeúd sdaid ann a raḃadar, aċd do ḟág a nionad coṁnuiġe féin, do ċoiṁéid sé íad a ngeiṁliḃ síorrúiḋe fá ḋorċadas ċum breiṫeaṁnuis an láe ṁóir.


Agus an tan do ċonnairc an dragún gur teilgeaḋ síos ar an dtalaṁ é, do rinne sé gérleanṁuin air an mnaói rug an leanaḃ mic.


Agus do ṫeilg a naiṫir niṁe uisge mar ṡrúṫ as a ḃéul a ndiáiġ na mná, ionnus go dtiuḃraḋ fó deara ḋi imṫeaċd ré fánuiġ ris an tsrúṫ.


Agus do ġáḃ fearg an dragún ris an mnaói, agus do imṫiġ sé do ḋéunaṁ coguiḋ ris an gcuid eile dá síol, ċoiṁéudas aiṫeanta Dé, agus aga ḃfuil fíaḋnuise Iósa Críosd.


Agus do taiḋḃreaḋ coṁarṫa iongantaċ eile ar neaṁ: agus féuċ dragún mór rúaḋ, air a raḃadar seaċd gcinn, agus deiċ naḋarca, agus seaċd gcorónaċa ar a ċeannuiḃ.


Agus do ṫarruing a earball an treas cuid do réultuiḃ niṁe, agus do ṫeilg íad ċum na talṁan: agus do ṡeas an dragún a ḃfiaḋnuisi na mná do ḃí ré haḋuiġ a toirrċeasa de ḃreiṫ, ċum a leinḃ do ṡlugaḋ ḋó ar na ḃreiṫ.


Agus do teilgeaḋ amaċ an dragún mór, an tseanaiṫir niṁe, dá ngoirṫear an Díaḃal agus Sátan, an tí ṁeallas an doṁan uile: do teilgeaḋ amaċ é fán dtalaṁ, agus do teilgeaḋ amaċ a aingil maille ris.


Agus bá cosṁuil an tainṁiḋe do ċonnairc mé ré liopard, agus bá cosṁuil a ċosá ré cosuiḃ ṁaṫġaṁuin ṁóir, agus bá cosṁuil a ḃéul ré béul leoṁain: agus tug an dragún a neart féin, agus a ċaṫaóir, agus cúṁaċda móra ḋó.


Agus tugadar onóir don dragún noċ tug cuṁaċda don nainṁiḋe, agus tugadar onóir don ainṁiḋe, ag ráḋ, Cía as cosṁuil ris a nianṁiḋe? Cía ḟéudus cogaḋ ḋéunaṁ ris?


Agus do teilgeaḋ an díaḃal do ṁeall íad a loċ teineaḋ agus ruiḃe, mar a ḃfuil an beaṫaċ agus an fáiḋ fallsa, agus béid síad dá bpianaḋ do ló agus doiḋċe go sáoġal na sáoġal.


Agus an tan ċríoċnóċar an míle blíaḋan, sgaóilfiġṫear Satán as a ṗríosún,


Agus do ḃí rí aca ós a gcionn, aingeal an duḃaigéin, dárob ainm a Neaḃrais, Abaddon, agus a Ngréigis a sé is ainm ḋó Apollion.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ