Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 2:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus do cuireaḋ eire ort, agus iomċruiḋ tú go foiġideaċ, agus ar son ṁanmasa do rinne tú sáoṫar, agus níor tuirsiġeaḋ ṫú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 agus go ḃfuil foiġid agat agus gur ḟulaingis ar son m’ainme, agus nár éiriġis tuirseaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 2:3
49 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Bí ad ṫoċt don TIĠEARNA, agus déan feiṫioṁ, foiġideaċ air: ná fearguiḋ ṫú féin ris an té ḃíos sona iona ṡliġe, ris an tí noċ ċrioċnuiġios a ḋroċ smuáintiġ.


Do ḃríġ gur iomċair mé scannail ar do ṡonsa; atá maġaiḋ a ḃfolaċ lé náire.


Iomċoruiḋ mé díḃḟearg an TIĠEARNA, do ḃríġ gur ṗeacaiḋ mé na aġaiḋ, nó go ttagra sé mo ċúis, agus go mbéara breaṫ ar mo ṡon: do ḃéara sé amaċ ċum an tsoluis mé, agus do ċífiḋ mé a ḋioġrus.


Agus dó ċuireadar dfíaċuiḃ ar oglaċ áiriġṫe do ḃí ag gaḃáil ṫárrsa, dar ḃáinm Simón Siréanaċ, (aṫair Alecsander agus Ruṗus,) ṫáinic ón túaiṫ a muiċ, a ċroiċ diomċar.


Agus giḋ bé naċ iomċrann a ċros déin, agus naċ leanann mise, ní héidir leis ḃeiṫ ná ḋeisciobal agamsa.


Agus a duḃairt sé fós cosaṁlaċd riú, gur ab éigin urnuiġṫe ḋéanaṁ do ġnáṫ, agus gan a ḃeiṫ leisgeaṁuil.


Sealḃuiġiḋ ḃar nanmanna féin lé ḃar ḃfoiġid.


Agus ar ḃfreagra do Ṡímon a duḃairt sé ris, A Ṁaiġisdir, do ṫuirrsiġeamar sinn féin feaḋ na hoiḋċe uile, agus níor ġaḃamair éin ní: aċd ċeana ar do ḃreiṫir se cuirfe mé síos an líon.


Aċd an ní do ṫuit ann sa talaṁ ṁaiṫ, a síad súd éisdeas ris an mbreiṫir, agus ċungṁas é a gcroiḋe ṡocraiḋ ṁaiṫ, agus do ḃeirid toraḋ úaṫa a ḃfoiġid.


Aċd do ḋéunuid síad na neiṫesi uile riḃ ar son manmasa, do ḃriġ naċ ḃfuil fios an tí ó a dtáinig mé aca.


Ag déunaṁ gáirdeaċais tré ḋóṫċas; foiġideaċ a mbuáiḋearṫuiḃ; cóṁnuiġeaċ a núrnaiġe;


Fáiltiġiḋ do Ṫriṗéna agus do Ṫriṗósa, mná ṡáoṫruiġeas sa Dtiġearna. Fáiltiġiḋ do Ṗersis ionṁuin, noċ do rinne móran sáoṫair sa Dtiġearna.


Eaḋon don druing iarrus tré ḟoiġid na deaġoibre glóir agus onóir agus neaṁṫruáilleaḋ, an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ:


Aċd má ḃíonn súil aguinn ris an ní naċ ḃfaicmíd, do nimíd fuireaċ tre ḟoiġid.


Fuilngiḋ sé na huile neiṫe, creidiġ sé na huile neiṫe, bí muiniġin aige as na huile neiṫiḃ, iomċraiḋ rís na huile neiṫiḃ.


Bíḋiḋse fós úṁal da leiṫid sin, agus dá gaċ áon do ní obair, agus sáoṫar maill rinn.


Ní ag déunaṁ mórḋála as na neiṫiḃ nar toiṁseaḋ ḋúinn, as sáoṫruiḃ ḋaóineaḋ eile; aċd as doiġ linn, ar mbeiṫ dá ḃir gcreideaṁsa ag fá ionnuiḃ, go léigfiġṫear tuilleaḋ fairsinge ċuguinn sa ní do toiṁseaḋ ḋúinn,


An minisdrí do Ċríosd íad? (laḃruim mar ḋuine miċéilliḋe) atáim ós a gcrionn sa ċáil sin, níos líonṁuire a sáoṫruiḃ, a mbuilleaḋuiḃ níos ro ṁó, a bpríosúnuiḃ níos mionca, a ngúas ḃáis go minic.


Ar a naḋḃarsin ar mbeiṫ don ṁiniosdrálaċdsa aguinn, do réir mar fúaramar trócaire, ní ṫeiġmid a nanḃfuinne;


Uime sin ní ḃfuilmíd ag dul a nanḃfainne; aċd bíoḋ go dtruáilliġṫear ar nduine leiṫimealaċ, aṫnúaḋaiġṫear fós an tí atá don táóḃ a stiġ go láeṫaṁuil.


Uime sin fós cía bé aca ḃiam ag fuireaċ, na ag imṫeaċd, is roḟonnṁar sinn air a ṫoilsean do ḋéanaṁ.


A mbuilliḋiḃ, a bpriosúnuiḃ, a ndíbirt ó áit go háit, a sáoṫar, a ḃfaire, a dtroisgiḃ;


Iomċruiḋ úaluiḋe a ċéile, agus mar sin coiṁlíonfuiḋ réaċd Ċríosd.


Aċd ag déunaṁ maiṫeasa ná bímid tuirseaċ: oír beanfum iona ám féin, muna ndeaċam a neimbríġ.


Ag síneaḋ ḃréiṫre na beaṫa uáiḃ amaċ; ionnus go dtiucfaḋ ḋíomsa mórḋáil do ḋéunaṁ a ló Ċríosd, nár rioṫ mé go díoṁáoin, agus nár ṡáoṫruiḋ mé go díoṁáóin.


Agus sírim daṫċuinge ortsa, mar an gcéudna, a ċompanuiġ ċarṫanaiġ, cungnaṁ ris na mnáiḃ noċ do rinne díṫċioll maille riomsa sa tsoisgéul, agus fós maille ré Clemens, agus ris an gcuid eile dom luċd caḃarṫa, agá ḃfuilid a nanmanna a leaḃar na beaṫa.


Ar ḃur neartuġaḋ maille ris a nuile neart, tré na ċúṁaċd glórṁarsan, ċum na huile ḟoiġide agus ḟulaing maille ré gáirdeaċas;


Gan sgur dá ḃeiṫ ag coiṁniuġaḋ ḃur nobair creidiṁ, agus sáoṫar carrṫannaċda, agus foíġide ḃur ṁuiniġne ann ar Dtíġearna Iósa Críosd, a bfíaḋnuisi Dé éaḋon ar Naṫair:


Oír as cúiṁain liḃ, a ḋearḃráiṫre, ar sáoṫairne agus ar nanṡóġ: óir ar mbeiṫ ḋúinn ag déunaṁ sáoṫair do ló agus doiḋċe, deagla ar dtruim do léigean ar éunduine aguiḃse, do rinneamar soisgéul Dé do ṡeanmóir ḋaóiḃ.


Agus íarrmuid daṫċuinġe oruiḃ, a ḋearḃraiṫre, aiṫne do ḃeiṫ aguiḃ air an luċd do ní sáoṫar ḃur measg, agus atá ós ḃur gcionn sa Dtíġearna, agus ṫeaguisgeas siḃ;


Agus ná biġiḋse, a ḋearḃráiṫre, tuirseaċ do ḋéunaṁ maiṫeasa.


Agus go dtréoruiḋe an Tíġearna ḃur gcroiḋṫe sá tslíġe ḋíriġ ċum gráḋa Dé, agus ċum feiṫeaṁ go foiġideaċ ré Críosd.


Agus ní a naisgiḋ do iṫeamar atán ó aóin neaċ; aċd maille ré sáoṫar agus ré hanṡóġ ag déunaṁ oibré do ló agus doíḋċe, deagla ar dtruime do leigean ar áon neaċ aguiḃse.


Oír as uime do nimíd sáoṫar agus imḋeargṫar sinn, do ḃríġ go ḃfuil ar muiniġin a Ndía ḃí, agár ab é as fear sáorṫa do na huile ḋáoiniḃ, go mórṁór do druing ċreideas.


Na sinnsir ríaġluiġeas go maiṫ, bíoḋ meas orrṫa gur fíu onóir ḋúbalta íad, go mórṁór an luċd ṡáoṫruiġeas sa mbréiṫir agus a dteagusg.


Oir atá foiġid na ríaċdanus oruiḃ, ionnus ar ndéunaṁ tola Dé ḋíḃ, go ḃfuiġe siḃ toraḋ na geallaṁna.


Ar a náḋḃarsin ó ṫárrla a ċoṁmór sin do néull fíaḋnuiseaḋ ar dtimċiollne mar an gceudna, ag cur gaċ uile ṫruim ḋínn, agus an ṗeacuiġ leanus din go héusguiḋ, rióṫam maille ré foiġid ċum ċin na coiṁleanga atá roṁuinn,


Ar a náḋḃarsin imṫiġeam amaċ as an gcampa ċuigesion, ag iomċur masla air a ṡon.


Oír ní ḃfuil Día neaṁċoṁṫrom, go mbíaḋ dearmud aige ar ḃur nobair agus air ṡáoṫar ḃur ngráḋa, noċ do ḟoillsiġeaḃair ḋá ainm, sa miniondrálaċd do rinneaḃair, agus fós do ní siḃ do na náoṁuiḃ.


Ionnas náċ mbiáḋ siḃ lesgeaṁuil, aċd ḃur luċd leanṁana ag an druing agá ḃfuil oiġreaċd na ngeallaṁnaċ tré ċreideaṁ agus tré ḟoiġid.


Agus mar sin, ar ḃfuireaċ go foiġideaċ ḋó, fuáir sé toraḋ na geallaṁna.


Agus measarrġaċd ré ḃur neólas; agus foiġid ré ḃur measarrġaċdl; agus díaġaċd ré ḃur ḃfoiġid;


Do ḃí misi Eóin, ḃur ndearḃráṫair, agus ḃur gcóṁċompánaċ a dtáoḃ ḃuáiḋearṫa, agus ríoġaċda agus ḟúlaing Iósa Criosd, sa noiléun dá ngoirṫear Patmos, ar son ḃreiṫre Dé, agus ar son ḟíaḋnuise Iósa Críosd.


Do ḃríġ gur ċoiṁéid tú briaṫar mfoiġidesi, do ḋéunsa ṫusa ċoiṁéud ar aimsir an ċaṫuige, noċ atá ċum teaċda ar a tsáoġal uile, ċum dearḃṫa na druinge áitiġeas an talaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ