Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 2:27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Agus do ḋéunuiḋ a ríaġluġaḋ ré slait íaruinn; agus do ḋéuntar a gcoimbriseaḋ mar ṡoiṫiġe críaḋ: aṁuil as do ġlac mise fós óm Aṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 agus déanfaiḋ sé aoḋaireaċt orṫa le slait iarainn, mar bristear soiṫiġ criadóra ’n‐a mbroscar; do réir na cuṁaċta fuaras ó’n Aṫair:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 2:27
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cuirṫear san úaiḋ íad mar ċáorċaiḃ; iosfuiḋ an bás íad; biáiḋ úaċdaránaċd ag an ḃfíréun orra air maidin; agus cnaóifiġear a mbréaġḋaċd san úaiḋ as a nionad coṁnuiġe.


Agus brisfe sé é aṁuil briste soiṫiġe a nuisge ḃristior na ḃloḋuiḃ; ni ċoigeola sé: ionnus naċ ḃfuiġṫear iona ḃriseaḋ píosa le a mbéarṫaói teine on teallaċ, nó leis a ttiuḃarṫaói uisge as an log.


Agus a déara tú ríu, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Eaḋon is marso ḃrisfios mé an pobalso agus an ċaṫairsi, mar ḃrisios neuċ soiġṫeaċ an ṗotadóra, naċ féidir a ḋéanaṁ slán a rís: agus aḋlocuid síad a Ttoṗet, nó go raiḃ gan áit aḋluicṫe ann.


Aċt géaḃuid naóiṁ an té is ro Airde an rioġaċd, agus sealḃoċuid an rioġaċd go bráṫ, go sáoġal ná sáoġal.


Nó go ttáinic Sinsior na laéṫeaḋ, agus tugaḋ breiṫeaṁnus do náoṁuiḃ an té is ro Airde; agus ṫáinic an tan gur ṡealḃuiġeadar na naóiṁ an rioġaċt.


A tá gaċ uile ní ar na ṫaḃairt ḋaṁsa ó Máṫair: agus ní háiṫniḋ déinneaċ an Mac, aċd do Náṫair; agus ní báiṫniḋ deinneaċ an Taṫair, aċd don Ṁac, agus dá gaċ áon dár ab áill leis an Mac a ḟoillsiuġaḋ.


Ar a naḋḃarsín órduiġim ḋáoiḃsi rioġaċd, mar do órduiġ Máṫair féin daṁsa;


A Aṫair, is áill leam, an dream úd ṫug tú ḋaṁ, do ḃeiṫ am ḟoċair mar a ḃfuilim; ionnus go ḃfaicfidís mo ġlóir, noċ ṫug tusa ḋaṁ: óir do ġráḋuiġ tú mé suil do ċrúṫuiġeaḋ an doṁan.


Agus rug sí mac, riaġlóċus na huile ċineaḋaċa ré slait íarruinn: agus do tógḃaḋ súas a mac ċum Dé, agus ċum a ċaṫaóireaċ.


Agus ṫáinic cloiḋeaṁ géur ḋá ḟáoḃar amaċ as a ḃéul, ċum na gcineaḋaċ do ḃúalaḋ ris: agus do ḋéunuiḋ sé a ríaġluġaḋ ré slait íaruinn: agus a se ṡaltras fá na ċosaiḃ úmar fíona cúṫuiġ ḟeirge Dé Uileċuṁaċduiġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ