Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 2:26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus an tí ḃeireas buáiḋ, agus ċomgṁus moibreaċasa gus an gcríċ ḋeiġeanuiḋ, do ḃéur cúṁaċda ḋó ós cionn na gcineaḋaċ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus an té ḃeireas buaiḋ, agus ċoiṁeádas m’oibreaċa go deireaḋ, do‐ḃéarfad dó‐san uġdarás os cionn na náisiún,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 2:26
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Iarr orum, agus do ḃéara mé ḋuit na geinte mar oiġreaċt, agus na codċa is imċéine don talaṁ mar ṡeilḃ.


Brisfe tú íad lé slait íaruinn; mionḃruiġfir íad iona ccodċuiḃ mar ṡoiġṫeaċ críaḋ.


Cuirṫear san úaiḋ íad mar ċáorċaiḃ; iosfuiḋ an bás íad; biáiḋ úaċdaránaċd ag an ḃfíréun orra air maidin; agus cnaóifiġear a mbréaġḋaċd san úaiḋ as a nionad coṁnuiġe.


Aċt géaḃuid naóiṁ an té is ro Airde an rioġaċd, agus sealḃoċuid an rioġaċd go bráṫ, go sáoġal ná sáoġal.


Nó go ttáinic Sinsior na laéṫeaḋ, agus tugaḋ breiṫeaṁnus do náoṁuiḃ an té is ro Airde; agus ṫáinic an tan gur ṡealḃuiġeadar na naóiṁ an rioġaċt.


Agus béarṫar an rioġaċd agus an tiġearnas, agus mórḋaċd na rioġaċda faói neaṁ go hiomlán, do ṁuinntir náoṁ an té is ró Aírde, noċ ar rioġaċd síorruiḋe a rioġaċt, agus fóiġeonuid agus uiṁleoċuid a nuile ṫiġearnas dó.


Agus biaiḋ fúaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋíḃ ar son manmasa: aċd gioḋ bé ḟuiléongas go dtí deireaḋ a sé so ṡlainéoċṫar.


Agus a duḃairt Iósa riu, A deirimsi riḃ go deiṁin, An tráṫ ṡuiḋfeas Mac an duine a gcaiṫír a ġlóire féin, go suiḋfiḋ siḃse, do lean misi ann sa naiṫġeineaṁuin mar an gcéadna ar ḋá ċaiṫir ḋéag, ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ ḋéag Israel.


Aċd giḋ bé ḃías seasṁaċ go deireaḋ, a sé ṡláineoċṫar.


Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé riúm, Ag so obair Dé, siḃsi do ċreideaṁ ann sa té do ċuir sé uáḋ.


Eaḋon don druing iarrus tré ḟoiġid na deaġoibre glóir agus onóir agus neaṁṫruáilleaḋ, an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ:


Aċd, buáiḋemíd ionnta so uile trés an té do ġráḋuiġ sinn.


Ar a naḋḃarso, ó nár ḃféidír leamsa congṁáil oram ní buḋ ḟaide, do ċuir mé eision ċuguiḃ ċum feasa ḃur gcreidiṁ dfaġáil, deagla gur ċuir an caṫuiġeóir caṫuġaḋ oruiḃ a gcás ar biṫ, agus go mbíaḋ ar sáoṫairne díoṁaóin.


Aċd atá Críosd mar ṁac a gceannas a ṫiġe féin; agár ab sinne a ṫíġ, má ċungḃamuid go daingean go teaċd don ċríċ ḋeiġeanuiġ dóṫċas agus gairdeaċas na muiniġne.


Aċd a ḋuine ḋíoṁaóin, an mían leaċd a ḟios dfáġáil, gur marḃ an creideaṁ gan oibreaċuiḃ?


Do ċúadar amaċ as ar measgne, oir ní raḃadar ḋínn: óir dá mbéidís dínn, dfanfaidís go deiṁin má ráon rinn: aċd dimṫiġeadar uainn, ionnus go maḋ follas naċ dínne íad uile.


Agus a sí so a áiṫne, Go ccreidfeaḋ sinne a nainm a Ṁic Iósa Críosd, agus a ċéile do ġráḋuġaḋ, réir na háiṫne tug seision dúinn.


Cía ḃeireas buáiḋ ar a tsáoġal, aċd an tí ċreideas gur ab é Iósa Mac Dé?


An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an spiorud ris na heagluisiḋiḃ; An tí ḃeireas buáiḋ ní ḃfuiġe sé doċar ón dara bás.


An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋíḃ; Do ḃéurad don tí ḃeireas buáiḋ ré a iṫe don ṁanna ḟoluiġeaċ, agus do ḃéur ḋó cloċ ġeal, agus ainm núaḋ sgríoḃṫa air an gcloiċ, náċ aiṫniḋ daóin neaċ aċd aṁáin don tí ġlacas í.


An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Spiorad ris na heagluisiḋiḃ; Do ḃéura mé don tí ḃeireas buáiḋ, ní ré a iṫe do ċrann na beaṫa, noċ atá a meaḋón ṗárrṫais Dé.


Agus do ċonnairc mé cáṫaóireaċa, agus do ṡuiġeadar dream ionnta, agus do tugaḋ breiṫeaṁnus dóiḃ: agus do ċonnairc mé anmanna na druinge do díċeannaḋ ar son ḟiaḋnuise Iosa, agus ar son ḃreiṫre Dé, agus naċ dtug onóir don nainṁiḋe, ná ḋá ioṁáiġ, agus nár ġaḃ a ċoṁarṫa ċuca a gcláruiḃ a néudan, ná na láiṁ; agus mairfid agus béid na ríoġuiḃ a ḃfoċair Ċríosd míle blíaḋuin.


An tí ḃeireas buáiḋ buḋ hoiġre é ar an huile neiṫiḃ; agus biáiḋ mise um Ḋía aige, agus biáiḋ seision na ṁac agumsa.


Agus ní ḃiáiḋ óiḋċe ann sin; agus ní ḃfuil uireasḃuiḋ lóċruinn, ná solais gréine orrṫa; óir do ḃeir an Tíġearna Día solas dóiḃ: agus béid síad na ríoġuiḃ go sáoġal na sáoġal.


Do ḋéuna mé posda a dteampoll mo Ḋé don tí ḃeireas buáiḋ, agus ní raċa sé ní sa ṁo amaċ: agus sgríoḃṫad ainm mo Ḋé air, agus ainm ċaiṫreaċ mó Ḋé, Iarusalém núaḋ, noċ ṫig a núas ó neaṁ ó mó Ḋía: agus mainm núaḋ féin.


Do ḃéur cead don tí ḃeireas buáiḋ suiḋe maille riom um ċaṫáoir rioġa, aṁuil fós rug mise buáiḋ, agus ṡuiġim a ḃfoċair Maṫair ann a ċaṫáoir ríoġasan.


An tí ḃeireas buáiḋ, biáiḋ sé ar na éuduġaḋ déuduiġiḃ gléiġeala; agus ní sgriosfad a ainm ċoiḋċe as leaḃar na beaṫa, aċd aidmeóċa mé a ainm a ḃfíaḋnuise Maṫar, agus a ḃfíaḋnuise a aingliḋiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ