Agus ar néirġe súas do neaċ aca dar ḃainm Agabus, dfoillsiġ sé trés an spiorad go mbíaḋ gorta ṁór feaḋ na talṁan uile: noċ ṫárla mar an gcéudna a láeṫiḃ Ċláudius Séasar.
Uime sin ná beiriḋ breiṫ ar áoinní roiṁ a nam, nó go dtíg an Tiġearna, noċ ḟoillseóċas neiṫe folaiġeaċa an dorċadais, agus noċdfus rún na gcroiḋeaḋ: agus ann sin do ġéuḃaiḋ gaċ áon molaḋ ó Ḋía.
Aċd atá Críosd mar ṁac a gceannas a ṫiġe féin; agár ab sinne a ṫíġ, má ċungḃamuid go daingean go teaċd don ċríċ ḋeiġeanuiġ dóṫċas agus gairdeaċas na muiniġne.
Giḋeaḋ tiucfuiḋ lá an Tíġearna marġaduiġe sa noiḋċe; ann a raċuiḋ neaṁ ṫoruinn maille ré tormán, agus ann a mbéid na dúile ag leaġaḋ ré teas, agus ann a loisgfiġṫear an talaṁ agus na hoibreaċa atá air.
Féuċ, atá sé ag teaċd maílle ré neulluiḃ; agus do ċífiḋ gaċ uile ṡúil é, agus an dream féin do ṫoll é: agus cáoinfid na huile ṫreaḃa na talṁan na ḟíaḋnuise. As aṁluiḋ ḃías, Amén.
Uime sin bíoḋ na neiṫe do ġlac agus do ċúala tú ar coiṁne agad, agus connaiṁ íad, agus déun aiṫriġe. Aċd ċeana muna ḋearna tú faire, tiucfa mé ort mar ġaduiġe, agus ní ḃiáiḋ fios na huáire a dtiucfa mé ort agud.