Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 2:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Giḋeaḋ atá beagan agum a taḋuiġ, go ḃfuil agud sa náit sin dream leanas do ṫeagusg Ḃálaam, an tí do ṫeaguisg Bálac fá aḋḃar oilḃéime do ċur roiṁe ċloinn Israél, ionnus go níosdáois na neiṫe do ḃí ar na nioḋbairt dioḋaluiḃ, agus go ndéunaidís sdríopaċas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Aċt atá beagán agam le ráḋ it’ aġaiḋ, de ḃriġ go ḃfuil annsin agat cuid de’n dream leanas de ṫeagasc Ḃaláaim, an té do ṁúin do Ḃalac ceap tuisliḋ do ċur roiṁ ċlainn Israel, ċum neiṫe do ḃí íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe, agus ċum striapaċas do ċleaċtaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 2:14
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a déaruid, Teilgiḋ súas, teilgiḋ súas, ullṁuiġiḋ an tsliġe, beiriḋ an ceap tuisliġe as sliġe mo ṁuinntire.


Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, cuirfiḋ mé cip ṫuisliġṫe roiṁe an bpobalso, agus tuitfid na haiṫre agus na mic a néinḟeaċd orra; sgriosfuiġear an ċoṁarsa agus a ċara.


A rís, A nuáir ḟillfios duine fíréunta ó na ḟíréantaċd, agus do ḋéana sé peacaḋ, agus ċuirfeas misi ceap tuisliġ roiṁe, do ġeaḃa sé bás: do ḃríġ naċ ttug tusa raḃaḋ ḋó, ġeaḃa sé bás iona ṗeacaḋ, agus ní cuiṁneoċṫar a ḟiréantaċt noċ do rinne sé; aċt íarrfa mé a ḟuil as do láiṁse.


Do ḃriġ gur ṁiniostraladar ḋóiḃ a ḃfíaġnuise a nioḋal, agus go ttugadar air ṫiġ Israel tuitim a neigceart; uimesin do ṫóig misi súas mo láiṁ na naġaiḋ, a deir an Tiġearna DIA, agus iomċóruid síad a neigceart.


Agus féuċ, a nois atáim ag dul ċum mo ḋáoine: ar a naḋḃursin, tárr agus foillseoċa mé ḋuit cred do ḋéanuid na dáoinesi red ḋáoiniḃsi annsna laéṫiḃ deiġeanaċa.


Féuċ, tugadar so ar ċloinn Israel, tré ċoṁairle Ḃálaam, peacuġaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA a gcúis Ṗeoir, agus do ḃí pláiġ a measc ċoṁċruinniġ an TIĠEARNA.


Agus do marḃadar fós ríġṫe na Mídianaċ, táoḃ amuiġ don ċuid eile ḋíoḃ do marḃaḋ; Eḃi, agus Recem, agus Sur, agus Hur, agus Reba, cúig riġṫe Mídian: Balaam mar an ccéadna ṁac Beor do ṁarḃadar leis an ccloiḋeaṁ é.


Is mairgneaċ don doṁan ar son oilḃeimeann! oir is éigin do na hoilḃéimeannaiḃ teaċd; aċd ċeana is anáoiḃin do duine tré a dtig an toilḃéim!


Go seaċna siḃ féin ar neiṫiḃ do níṫear ofráil dioḋaluiḃ, agus ar ḟuil, agus ar ní taċduiġe, agus ar striopṫaċus: má ċongḃuiṫí siḃ féin úaṫa so, is maiṫ do ḋéuntáoi. Slán liḃ.


Aċd a dtáoḃ ar ċreid do na Cineaḋaċuiḃ, do sgríoḃamairne agus dórdaiġeamar ḋóiḃ gan a leiṫéid sin do ġnáṫuġaḋ, aċd aṁáin íad féin do ċoiṁéd ó gaċ ní íoḋbarṫar díoḋaluiḃ, agus ó ḟuil, agus ó néiṫiḃ taċduiġe, agus ó sdríopaċus.


Agus a deir Dáiḃi, Bíoḋ a mbórd mar ḋúl, agus mar ġléus gaḃála, agus mar aḋḃair oilḃéime, agus mar ṁalairt dóiḃ:


Uime sin ná bímid ní sa ṁó ag breiṫ ḃreiṫe ar a ċéile: aċd go maḋ mó ḋéanus siḃ bréiṫeaṁnus air so, eaḋon gan aḋḃar oilḃéime na tuitme do ṫaḃairt da ḃur ndearḃraṫair.


As indéunta gan feóil diṫe, ná fíon diḃe, na éainni tré ḃfuiġe do ḋearḃráṫair tuisleaḋ, nó oilḃéim, nó tré a ndéantáoi éugcruáiḋ é.


Créd uime? Do ḃriġ naċ ó ċreideaṁ, aċd mar do ḃeiṫ ó oibriġṫiḃ an reaċda do iarradar í. Oir fúaradar oilḃhéim fa ċloiċ na hoilḃéime;


Giḋeaḋ fós do nímidne Críosd ar na ċéusaḋ do ṡeanmóruġaḋ, na oilḃéim do na Iuduiġiḃ, agus na éigcríonnaċd do na Gréugaiḃ;


Giḋeaḋ, do ṡeaċna sdríopaċais, bíoḋ a ḃean féin ag gaċ áoinneaċ, agus a fear féin ag gaċ éunṁnáoi.


As onóraċ an pósaḋ a measg na nuile, agus an leabuiḋ neaṁṡalaċ: aċd béuruiḋ Día breiṫ ar luċd na drúise agus a naḋaltrannuis.


Annsin déiriġ Bálac ṁac Sippor, ríġ Ṁoab, agus do ċaṫuiḋ sé a naġaiḋ Israel, agus do ċuir fios agus do ġoir Bálaam mac Beor da ḃur malluġaḋ:


Agus cloċ oilḃéime, agus carruic ṫuisliḋ, don druing ḃíos casúṁal, do ġeiḃ oilḃéim fán mbréiṫir: ċum ar hórduiġeaḋ fós íad.


Noċ do ṡeaċuin an tsliġe ḋíreaċ, agus do ċuáiḋ ar seaċrán, ag leanṁuin luirg Ḃálaaim ṁic Bósoir, noċ tug gráḋ do ṫúarusdal na héugcóra;


Buḋ hanáoiḃinn dóiḃ! óir do leanadar lorg Ċáin, agus do ċúadar amúġa tré ṁéalltóireaċd ṫúarasduil Ḃálaaim, agus do sgriosaḋ iad tré ḃeiṫ ḋóiḃ coṁċonntrarḋa re Córe.


Giḋeaḋ atá beagan agum a taḋuiġ, go ḃfuilngeann tú don ṁnáoi Iesabel, a deir gur banḟáiḋ í féin, teagusg do ṫaḃairt uáiṫe agus mo ṡearḃḟoġantuiġeaḋsa do ṁeallaḋ ċum sdríopaċais do ḋéunaṁ, agus ċum na neiṫeann atá ar na níoḋbairt dioḋaluiḃ iṫé.


Giḋeaḋ atá agum a táḋuiġ, gur ṫréig tú do ċéudġráḋ.


Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.


Oír don táoḃ amuiġ béid na madruiġ, agus luċd na bpiseóg, agus a naḋaltrannuis, agus an dúnṁarḃṫa, agus a nioḋalaḋruiġ, agus gaċ neaċ ġráḋuiġeas agus do ní an ḃréug.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ