Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 2:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Sgrioḃ ċum aingil eagluise Eṗesuis; Ag so na neiṫe a deir an tí ċomgṁas na seaċd réulta na láiṁ ḋeis, noċ ṡiúḃlas a meaḋón na seaċd gcoinnleóir órrġa;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i nÉiféis; Is é adeir an té ċongḃuiġeas na seaċt réaltana ’n‐a láiṁ ḋeis, an té ṡiuḃlas i lár na seaċt gcoinnleoir óir:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 2:1
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an prionnsa iona meaḋon, a nuáir raċuid siad a steaċ, raċuiḋ seision a steaċ; agus an tan raċuid síad amaċ, raċuiḋ seision amaċ.


Oir giḋ be aít ann a ḃfuilid días nó tríur ar ná gcruinneaġaḋ am ainmsi, a táimsí ann sin ann a lár súd.


Agus teaguisgiḋ íad gaċ uile ní dár, aiṫín misi ḋiḃ do ċoiṁéud: agus, féuċ, a táimsi ḃur ḃfoċair gaċ éinla go deireaḋ an tsaoġail. Amen.


Do ḃí seisean na loċrann lasárrḋa agus ṡolasda: agus do ṫrograḃairsi ar feaḋ tamaill gáirdeaċus do ḋéunaṁ ann a ṡolus.


Agus táinic sé go Héṗesus, agus dfág sé ann sin íad; giḋeaḋ do ċuáiḋ sé féin a steaċ don tsinagóig, agus do ṫaguir sé ris na Iúduiḋiḃ.


Aċd dfag beannaċd aca, ag ráḋ, Is éigin dáṁsa go deiṁin an tsollomuin so ċugainn do ḋéunaṁ a Niarusalém: aċd más toil lé Día é, fillfiḋ mé ċuguiḃsi a rís. Agus do ṡéol sé ó Eṗesus.


Agus tárla, a nuáir do ḃí Apollos a Gcorintus, gur ṡioḃail Pól tres na rannuiḃ úaċdaráċa agus go dtáinic sé go Heṗesus: agus ar ḃfaġáil ḋeisciobal airiġe ḋó,


Nó créd é an ceangal do ḃíaḋ ag teampoll Dé agus ag ioḋaluiḃ ré ċéile? óir is siḃse teampoll Dé ḃí; do réir mar a duḃairt Día, Biáiḋ mé um ċóṁnuiḋe ionnta, agus siuḃólad na measg; agus biáiḋ me um Ḋía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa.


Agus do ḃí aige na láiṁ ḋeis seaċd réulta: agus cloiḋeaṁ géur ḋá ḟáoḃar ag teaċd amaċ as a ḃéul: agus a ġnúis aṁuil ḋeallruiġeas an ġrían ann a láinneart.


Rúindiaṁair na seaċd réult do ċonnairc tú am láiṁ ḋeis, agus na seaċd gcoinnleóir órrġa. A síad na seaċd réulta seaċd naingil na neaglúisiḋiḃ: agus na seaċd gcoinnleóir do ċonnairc tú a síad na seaċd neagluiseaḋa íad.


Agus do taiḋḃreaḋ cóṁarṫa mór iongantaċ ar neaṁ; bean ar na héuduġaḋ ris an ngréin, agus an ġealaċ fá na cosuiḃ, agus coróin ḋá réult deug air a ceann:


Agus sgrioḃ ċum aingil na heagluise atá a Bpergamus; Ag so na neíṫe a deir an tí agá ḃfuil an cloiḋeaṁ géur ḋá ḟáoḃar;


Agus sgríoḃ ċum aingil na heagluise atá a Dtiatíra; Ag so na neiṫe a deir Mac Dé, agá ḃfuilid a ṡúile mar Iasair ṫeineaḋ, agus a ċosa cosṁuil ré fionnḃruiné;


Agus sgríoḃ ċum aingil eagluise na Smirna; Ag so na neiṫe a déir an céidneaċ agus an neaċ deiġeanaċ noċ fuáir bás, agus atá beó;


Agus sgríoḃ ċum aingil na heagluise atá a Sardis; Ag so na neiṫe a deir an ti agá ḃfuilid seaċd Sbiorada Dé, agus na seaċd réulta; As aiṫne ḋaṁ hoibreaċa, go ḃfuil ainm ort ḃeiṫ béo, giḋeaḋ atá tú marḃ.


Agus sgríoḃ ċum aingil eagluise Laodicéa; Ag so na neiṫe a deir Amen, an ḟíaḋnuise ḋíleas ḟírinneaċ, tosaċ crúṫuíġeaḋ Dé;


Agus sgríoḃ ċum aingil na heagluise atá a Bṗiladelṗia; Ag so na neiṫe a deir an neaċ náoṁṫa, án neaċ fírinneaċ, agá ḃfuil eoċair Ḋáiḃi, an tí osglas, agus ní ḋúnann éinneaċ; an tí ḋúnas, agus ní osglann éunduine;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ