Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 19:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus do ċúala mé aṁuil gúṫ buḋne móire, agus aṁuil fuáím uisgeaḋ iomḋa, agus aṁuil fúaim tóirrniḋ aintréin, ag ráḋ, Alleluía: óir a sé an Tíġearna Día uileċúṁaċdaċ as Rí ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus do ċualas mar ḃéaḋ glór mór‐ṡluaiġ, agus mar béaḋ torann uiscí iomḋa, agus mar ḃéaḋ torann tóirniġe tréine, g‐á ráḋ Allelúia! óir riaġluiġeann an Tiġearna, ár nDia Uile‐ċuṁaċtaċ anois.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 19:6
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An ḃfuil láṁ agad mar ata ag Día? nó an ḃféadann tú tóirneaċ do ḋéanaṁ lé guṫ mar eision?


Oír atá an TIĠEARNA is ro áirde úaṫḃásaċ; Ríġ mór ós cíonn na talṁan uile.


Oír isé Día Ríġ na talṁan uile: canaiḋ molaḋ go héolgaċ.


Do ḃí fúaim do ṫóirniġe annsna spéiriġ: dfoillsiġ do ṫinnteaċa an saoġal: do ċrioṫnuiġ agus do ġaḃ eagla an talaṁ.


A ta an TIĠEARNA a ríoġaċt, atá sé ar na éuduġaḋ ré mórḋaċd; atá an TIĠEARNA ar na éuduġaḋ ré neart, do ċreasruiġ sé é fein: atá an sáoġal fós ar na ḋaingniuġaḋ, go naċ féidir a ċorruġaḋ.


A ta an TIĠEARNA a ríoġaċt; bíoḋ lúaṫġáire air an ttalaṁ; déanaḋ a niomad oiléun gáirdeaċus.


Lúaṫġáiriġiḋ annsa TIĠEARNA, siḃsi a ḟíréuna; agus moluiḋ cuiṁne a náoṁṫaċda.


Ata an TIĠEARNA a rioġaċd; bíoḋ crioṫnuġaḋ air na poibleaċa: suiġe sé idir na ċerubíniḃ; corruiġeaḋ an talaṁ.


¶ Cred é scíaṁuiḋe ar na sléiḃtiḃ atáid cosa an té do ḃeir scéala maiṫe leis, ḟuagras síoṫċáin; do ḃeir scéala maiṫe leis ar ṁaiṫ, ḟoillsiġeas slánuġaḋ; noċ a deir ré Sion, Atá do Ḋía a ríoġaċt!


Annsin gáirdeoċuiḋ neaṁ agus talaṁ, agus a nuile ní dá ḃfuil ionnta ar son na Babilóine: óir tiucfuid na creaċadóiriḋ ċuice ón tuáisceart, a deir an TIĠEARNA.


Agus an tan dimṫiġeadar, do ċúala mé tormán a sciaṫán, aṁuil tormán uísgeaḋ móra, aṁuil gúṫ a Nuileċuṁaċtaiġ, gúṫ cainte, aṁuil tormán sluáiġ: an tan do ṡeasadar, do léigeadar a sciaṫáin síos.


Agus, féuċ, ṫáinic glóir Dé Israel as an tsliġe a noir: agus do ḃí a ḟuáim aṁuil fuáim ṁóráin uisceaḋ: agus do loinnriġ an talaṁ le na ġlóir.


Agus na léig sinn a ccaṫuġaḋ, aċd sáor inn ó olc: Oir is leaċd féin an ríoġaċd, agus an ċúṁaċd, agus an ġloír, go siórruiġe. Amen.


Agus bá cosṁuil a ċosa ré fionnḃruine, aṁuil ar na ndeargaḋ a nuáiṁ ṫéineaḋ; agus bá cosṁuil a ġúṫ ré fuáim ṁoráin duisgiḋiḃ.


As mise Alṗa agus Oméga, an tosaċ agus an deireaḋ, a deir an Tíġearna, an tí atá, agus do ḃí, agus ḃías an tí atá Uileċúṁaċdaċ.


Agus do ċúala mé gúṫ mór ar neaṁ, ag ráḋ, A nois atá slánuġaḋ, agus neart, agus ríoġaċd ar Ndéine, agus cuṁaċda a Ċríosdsan: óir do téilgeaḋ síos fear éiliġṫe ar ndearḃraiṫreaċ, noċ do ḃí ḋá néiliuġaḋ do ló agus doiḋċe a ḃfíaḋnuise ar Ndé.


Agus do ċúaluiḋ mé gúṫ ó neaṁ, mar ḟuáim iomad uisgeaḋ, agus mar ḟuáim tóirniġ móire: agus do ċúaluiḋ mé fuáim cláirséoraḋ ag déunaṁ ceóil ré na gcláirseaċuiḃ:


Agus a ndiáiġ na neíṫeannsa dó ċúala mé gúṫ árd buiḋne móire ar neaṁ, ag ráḋ Alleluía; Slánuġaḋ, agus glóir, agus onóir, agus cúṁaċda, don Tíġearna ar Ndíane:


Agus do léigeadar an cearṫar ar ḟiċíd seanóir, agus na ceiṫre beaṫuiġ íad féin síos agus tugadar onóir do Ḋía do ḃí na ṡuíḋe sa gcaṫaóir, ag raḋ, Amén; Alleluía.


Agus ní ḟácuiḋ mé teampoll innte óir a sé an Tíġearna Día Uileċuṁaċdaċ agus an Túán as teampoll di.


Agus táinic amaċ ón gcaṫáoir sin tinnteaċ agus tóirrneaċ agus goṫanna: agus do ḃádar seaċd lampuiġe teineaḋ ar dearglasaḋ a ḃfíaḋnuise na caṫáoireaċ, agár ab íad seaċd Sbiorada Dé íad.


Do ċonnairc mé an tan do ḋosguil an Túan an ċéid séula do na séuluiġiḃ, agus do ċúaluiḋ mé beaṫaċ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ ag ráḋ, mar ḟúaim tóirrniġe, Gaḃ a leiṫ agus féuċ.


Agus do ġlac an taingeal an sionnsa, agus do líon sé do ṫeine na haltóra, agus do ṫeilg sé fan dtalaṁ é: agus do éiriġ góṫanna, agus tóirneaċ, agus tinnteaċ, agus criṫ talṁan ann.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ