Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 19:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus a ndiáiġ na neíṫeannsa dó ċúala mé gúṫ árd buiḋne móire ar neaṁ, ag ráḋ Alleluía; Slánuġaḋ, agus glóir, agus onóir, agus cúṁaċda, don Tíġearna ar Ndíane:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 ’Na ḋiaiḋ sin do ċualas mar ḃéaḋ árd‐ġlór mór‐ṡluaiġ ar neaṁ, g‐á ráḋ, Allelúia! Is le n‐ár nDia an slánuġaḋ, agus an ġlóir, agus an ċuṁaċt:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 19:1
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

As leatsa, a ṪIĠEARNA, an ṁórḋaċd, agus na cuṁaċda, agus an ġlóir, agus an ḃuáiḋ, agus an ríoġaṁlaċd: óir is leaċd a nuile ní da ḃfuil ar neaṁ agus air talaṁ; as leaċd an rioġaċd, a ṪIĠEARNA, agus atá tú ar hárduġaḋ mar ċeann ós cionn a nuile ní.


Go scriostar na peacṫaiċ amaċ as an ttalaṁ, agus nar raiḃ na cionntuiġ ann nios mó. Beannuiġ ó manam, an TIĠEARNA. Beannuiġe siḃsi an TIĠEARNA.


Moluiḋe an TIĠEARNA. O taḃaríġe búiḋeaċas don DTIĠEARNA; óir is maiṫ é: óir mairiḋ a ṫrócaire go síorruiḋe.


Molaiḋ an TIĠEARNA. Molfa misi an TIĠEARNA rém ċroiḋe iomláin, a ccoṁḋáil na ndíreaċ, agus annsa ccoiṁṫional.


Aċt beinnoċaimne an TIĠEARNA ó núairsi súas agus go bráṫ. Moluiḋsi an TIĠEARNA.


Moluiḋ an TIĠEARNA. O manum, mol an TIĠEARNA.


Moluiḋ an TIĠEARNA. Moluiḋ an TIĠEARNA ó na neaṁuiḃ: moluiḋ é annsna hárduiḃ.


Moluiḋ an TIĠEARNA. Canuiḋ don TIĠEARNA caintic núaḋ, bíoḋ a ṁolaḋ a gcioṁṫionól na náoṁ.


Moluiḋ an TIĠEARNA. Moluiḋ Día iona náoṁṫaċt: moluiḋ é a spéiriḃ a ċuṁaċt.


Is ón TTIĠEARNA ṫig slanuġaḋ: atá do ḃeannaċd air do ṗobal. Selah.


Do laḃair Día aonuáir; fá ḋó ċúala mé so; gur ré Día ḃeanas cuṁaċda.


Annsin gáirdeoċuiḋ neaṁ agus talaṁ, agus a nuile ní dá ḃfuil ionnta ar son na Babilóine: óir tiucfuid na creaċadóiriḋ ċuice ón tuáisceart, a deir an TIĠEARNA.


Aċt íoḋboruiḋ misi ḋuitsi maille re guṫ ḃuiḋeaċuis; díolfa mé an ní noċ do ṁóidiġ mé. Is ón TTIĠEARNA atá slánuġaḋ.


Agus na léig sinn a ccaṫuġaḋ, aċd sáor inn ó olc: Oir is leaċd féin an ríoġaċd, agus an ċúṁaċd, agus an ġloír, go siórruiġe. Amen.


Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.


Agus do ċúala mé gúṫ mór ar neaṁ, ag ráḋ, A nois atá slánuġaḋ, agus neart, agus ríoġaċd ar Ndéine, agus cuṁaċda a Ċríosdsan: óir do téilgeaḋ síos fear éiliġṫe ar ndearḃraiṫreaċ, noċ do ḃí ḋá néiliuġaḋ do ló agus doiḋċe a ḃfíaḋnuise ar Ndé.


Agus do ċúala mé aṁuil gúṫ buḋne móire, agus aṁuil fuáím uisgeaḋ iomḋa, agus aṁuil fúaim tóirrniḋ aintréin, ag ráḋ, Alleluía: óir a sé an Tíġearna Día uileċúṁaċdaċ as Rí ann.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ