Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 18:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus ag ráḋ, As trúaġ, trúaġ an ċaṫair ṁór, do ḃí ar na héuduġaḋ do linéudaċ caól, agus do ṗurpaír, agus do sgárlaóid, agus do ḃí ar na hóraḋ ré hór, agus ré cloċuiḃ búaḋa, agus ré péurluiġiḃ!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 g‐á ráḋ, Mo ṁairg! mo ṁairg! an ċaṫair mór do ḃíoḋ clúduiġṫe le línéadaċ mín, agus le corcra, agus le h‐éadaċ caoir‐ḋearg, agus do ḃíoḋ maisiġṫe le h‐ór, agus le seodaiḃ luaċṁara, agus le péarlaiḃ!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 18:16
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is tú an ċerub ungṫa ḟolċas; agus do ṡuiġiḋ misi marsin ṫú: do ḃi tú air ṡliaḃ náoṁṫa Dé, do ṡiuḃail tú a meaḋon na leac tteineaḋ.


Glacaiḋ siḃsi a néadáil airgid, glacaiḋ a néadáil óir: óir ní ḃfuil críoċ air an stór agus glóir amaċ as an ttrealaṁ mbreáḋa.


Agus rug sé ris mé fán ḃfásaċ trés an spioruid: agus do ċonnairc mé bean na sniḋe ar ainṁiḋe air ḋáṫ na sgárrlaóide, lán danmannuiḃ blaísṗéimiġe, ar a raḃadar seaċd gcinn agus deiċ naḋárca.


Agus an ḃean ar na héudúġaḋ do ṗúrpair agus do sgárrlaóid, agus ar na hóraḋ ré hór agus ré cloċuiḃ morluáiḋ agus ré péurluiġiḋ, agus do ḃí cupán órrġa aice na láiṁ lán do ġráineaṁlaċd agus do neaṁġloine a sdríopaċais.


Agus béid ag éiġṁe an tan ċífid deataċ na teineaḋ ré a loisgfiġtear í, ag ráḋ, Cía an ċaṫair bá cosṁail ris an gcaṫair ṁóirse!


Agus teilgfid luáiṫreaċ ar a gceannuiḃ, agus béid ag éiġṁe, ag gul agus ag caói, ag ráḋ, As trúaġ, trúaġ an ċaṫair ṁór, ré ndearnaḋ saiḋḃir an ṁéid agá raḃadar longa ar fairrge do ḃríġ a saiḋḃriosa sin! Óir do fasuiġeaḋ í a néunuáir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ