Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 17:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 An tainṁiḋe do ċonnairc tú do ḃí sé ann, agus ní ḃfuil; agus eiréoċuiḋ sé a níos as an bpoll duḃaigéin, agus do ġeuḃuiḋ a sgrios: agus buḋ hiongnaḋ ris an luċd áitreaḃas an talaṁ, (ag naċ ḃfuil a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar na beaṫa o ṫus an doṁain,) an tan do ċífid an tainṁiḋe do ḃí ann, agus naċ bḟuil, agus fós atá.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 An t‐ainṁiḋe do ċonnacais, do ḃí sé ann, agus ní ḟuil sé ann: agus atá sé le teaċt aníos as an duiḃeagán agus imṫeaċt ċum léirscriosta. Agus béiḋ iongnaḋ ar luċt áitreaḃa na talṁan, ar an méid naċ ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ó ṫosaċ an tsaoġail i leaḃar na beaṫaḋ, nuair ċífeas siad an t‐ainṁiḋe, de ḃriġ go raiḃ sé ann, agus naċ ḃfuil sé ann, agus go ḃfuil sé le teaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 17:8
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Scriostar amaċ íad as leaḃar na mbéo, agus ná scríoḃṫar íad maille ris na fíréunuiḃ.


Agus suiḋeoċa sé pailliúin a ṗáláis eidir na fairgiḃ annsa tslíaḃ ġlorṁar náoṁṫa; ṫairis sin tiucfa sé ċum a ċríċe, agus ní ċuideoċuiḋ duine ar bioṫ ris.


Dféuċ mé annsin do ḃríġ ġoṫa na mbríaṫar mór do laḃair a naḋarc: dféuċ mé nó gur marḃaḋ an beaṫaċ, agus gur milleaḋ a ċorp, agus gur tugaḋ don lasair ṫintiġe é.


Aċt suiġfiḋ an breiṫeaṁnus, agus béaruid a ṫiġearnus úaḋa, da ḋíoṫ‐laiṫriuġaḋ agus da scrios go deireaḋ.


Agus ṫangadar ceiṫre beaṫuiġ mora súas as an ḃfairge, éagsaṁuil gaċ áon ó ar oile.


Na ḋiáiġ so do ċonnairc mé a naislingiḃ na hoiḋċe, agus feuċ an ceaṫraṁaḋ beaṫaċ, úaṁnaċ agus imeaglaċ, agus ro neartṁar; agus do ḃádar fíacla móra íaruinn aige: do ṡluig sé agus do ḃris a mbloḋuiḃ, agus do ṗreab an ċuid oile le na ċosaiḃ: agus dob éagsaṁuil é do nuile ḃeaṫaċ ṫáinic roiṁe; agus do ḃádar deiċ naḋarca air.


Ann sin a déara an Rí ris an luċd ḃías air a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋáoine beannuiġṫe Maṫarsa, gaḃuiḋ ċugaiḃ óiġreaċd na ríoġaċda a tá ar na hullṁuġaḋ ḋáoiḃ ó ṫosaċ an doṁuin:


Aċd ċeana na bíoḋ gáirdeaċas oraiḃ, ar son go ḃfuilid na spioraidiḋe fá ḃur smaċd; aċd go maḋ mó ḃiás gairdeaċas oruiḃ fá go ḃfuilid ḃur nanmanna sgríoḃṫa ar neaṁ.


Agus diárradar air gan a ċur dfiaċaiḃ orṫa dul ann sa duḃaigen.


A Aṫair, is áill leam, an dream úd ṫug tú ḋaṁ, do ḃeiṫ am ḟoċair mar a ḃfuilim; ionnus go ḃfaicfidís mo ġlóir, noċ ṫug tusa ḋaṁ: óir do ġráḋuiġ tú mé suil do ċrúṫuiġeaḋ an doṁan.


Atá fios a oinreaċa féin uile ó ṫosaċ an tsáoġáil ag Día.


Aṁuil do ṫóġ sé sinn annsan, sul do ċrúṫuiġeaḋ an dóṁan, ionnus go mbéimís náoṁṫa agus neiṁċiontaċ ḋá laṫairsion a ngráḋ:


Ċum muiniġne na beaṫa marṫanuiġe, noċ do ġeall Día, ris naċ féidir bréug a ḋéunaṁ, suil do crúṫuiġeaḋ an dóṁan;


Noċ do hórduiġeaḋ roiṁ ċrúṫuġaḋ an doṁain, aċd do foillsiġeaḋ sna haimsearuiḃ deiġeanaċa ar ḃur sonsa,


Agus an tan ċrioċnóċuid síad a ḃfíaḋnuise, do ḋéunuiḋ an tainṁiḋe éirġeas ón bpoll duḃaigéin cogaḋ ríu, agus béuruiḋ sé buáiḋ orrṫa, agus muirfiḋ sé íad.


Agus an tainṁiḋe do ḃí ann, agus naċ ḃfuil, a sé fós an toċdṁaḋ é, agus as don ṁóirṡeisear é, agus do ġeuḃuiḋ a sgrios.


Ré a ndearnadar ríġṫe na talṁan sdríopaċas, agus agá ḃfuilid áitreaḃuiḋ na talṁan ar misge o ḟion a sdriopaċais.


Agus do teilgeaḋ an díaḃal do ṁeall íad a loċ teineaḋ agus ruiḃe, mar a ḃfuil an beaṫaċ agus an fáiḋ fallsa, agus béid síad dá bpianaḋ do ló agus doiḋċe go sáoġal na sáoġal.


Agus do ċonnairc mé na mairḃ, eidír ḃeag agus ṁór, na seasaṁ a ḃfíaḋnuise Dé; agus do hosglaḋ na leaḃair: agus do hosglaḋ leaḃar eile, eaḋon leaḃar na beaṫa: agus rugaḋ breaṫ ar na ṁarḃaiḃ as na neiṫiḃ do ḃí sgríoḃṫa sna leaḃruiḃ, do réir a ngníoṁarṫaḋ.


Agus giḋ bé nar friṫ sgríoḃṫa a leaḃar na beaṫa do teilgeaḋ é sa loċ teineaḋ.


Do ḃríġ gur ċoiṁéid tú briaṫar mfoiġidesi, do ḋéunsa ṫusa ċoiṁéud ar aimsir an ċaṫuige, noċ atá ċum teaċda ar a tsáoġal uile, ċum dearḃṫa na druinge áitiġeas an talaṁ.


An tí ḃeireas buáiḋ, biáiḋ sé ar na éuduġaḋ déuduiġiḃ gléiġeala; agus ní sgriosfad a ainm ċoiḋċe as leaḃar na beaṫa, aċd aidmeóċa mé a ainm a ḃfíaḋnuise Maṫar, agus a ḃfíaḋnuise a aingliḋiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ