Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 16:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus do ḃádar daóine ar fiuċaḋ ré hainteas mór, agus do ṁasluiġeadar ainm Dé, agá ḃfuil cúṁaċda ós na pláġuiḃsi: agus ni ḋearnadar aiṫriġe ċum glóire do ṫaḃairt dósan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus do ḃí na daoine d’á loscaḋ le dian‐teas mór, agus do ṁasluiġeadar ainm an Dé go raiḃ smaċt ar na pláiġeannaiḃ seo aige; agus ní ḋearnadar aiṫriġe ċum glóir do ṫaḃairt dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 16:9
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an fad do ḃí sé fós ag coṁráḋ ríu, féuċ, ṫáinic an teaċdaire a núas ċuige: agus duḃairt seision, Féuċ, is ón TIĠEARNA ṫig an tólesa; cred fá mbéinnsí ag feiṫioṁ ar an TTIĠEARNA ni as faide?


¶ Agus a naimsir a aindesi do ċiontuiġeaḋ sé fós ní sa ṁó a naġaiḋ an TIĠEARNA: an ríġsi féin Ahas.


¶ Cred as a mbuailfiḋe siḃ ní sa ṁó? fillfiḋe nisa ṁó agus ní sa ṁó: atá an ceann uile tinn, agus an croiḋe iomlán lag.


Agus raċaiḋ gaċ áon ṫríd, ar na ccur ċuige go crúaḋċúiseaċ agus ocraċ: agus tiucfuiḋ a ccríċ, a nuáir ḃías gaċ áon aca ocraċ, feargaċuid féin, agus mailleoċuid a ríġ, agus a Ndia, agus féuċfuid súas.


Agus tárla tar éis ṁóráin do láeṫiḃ, go ndúḃairt an TIĠEARNA riom, Eiriġ, imṫiġ go Heuṗrátes, agus taḃair an críos as sin, noċ daiṫin mé ḋíot dfólaċ ann.


O a ṪIĠEARNA, naċ ḃfúilid do ṡúile air an ḃfírinne? do ḃuáil tú íad, aċt ní raiḃ doilġios orra; do ḋíoḃáiḋ tú íad, aċt do ḋíultadar smaċd dó ġlacaḋ: do rinneadar a naiġṫe ní as cruáiḋe ná carruic; do ḋíultadar filleaḋ.


Atá úallaċus ann do ṡalċar: do ḃríġ gur ġlan misi ṫú, agus naċ raiḃ tú glan, ní glanfuiġear ód ṡalċar ṫú ní sa ṁó, nó go ttuga misi air mo ḋioġaltas socruġaḋ ort.


A deirimsi riḃ, Naċ mó: aċd, muna ndéantáoisi aiṫriġe, go sgríosfuiḋṫear siḃ euile mar an gcéadna.


A deirim riḃ, Naċ ar ṁó; aċd mona ndéarntáoisi aiṫriġe, go sgriosfuiḋṫear siḃ uile mar an gcéadna.


Deagla, ar dteaċd a ris ċuguiḃ ḋaṁ, go nísleóċuiḋ mo Ḋía me eadruiḃ, agus go gcáoinfe mé morán don druing do ṗeacuiḋ ċeana, agus naċ dearna aiṫriġe sa neaṁġloine agus sa sdríopṫaċas agus sa mionáire do rinneadar.


¶ Agus a duḃairt Iosua re Aċan, Guiḋim ṫú a ṁic, taḃair glóir don TIĠEARNA Día Israel, agus déana adṁáil ris; agus innis dambsa a nois cred do rinne tú; ná ceil orum é.


Agus ar a nuáirsin féin do ḃí críoṫ mór talṁan ann, agus do ṫuit an deaċṁaḋ cuid don ċaṫruiġ, agus do marḃaḋ seaċd míle pearsa ris an gcríṫ talṁan sin: agus do ġaḃ eagla an ċuid eile, agus tugadar glóir do Ḋía neiṁe.


Ag ráḋ do ġúṫ árd, Bíoḋ eagla Dé oruiḃ, agus tuguiḋ glóir ḋó; óir táinic uáir a ḃreiṫeaṁnuis: agus déunuiġ úṁla don tí do ċrúṫuiġ neaṁ, agus talaṁ, agus an ḟairrge, agus na tuibruideaċa uisge.


Agus do ṫuit cloiċṡneaċda mór a núas ó neaṁ, a gcóṁṫrom taluinne air ḋaóiniḃ: agus do ṁasluiġeadar daóine Día tré ṗláiġ an ċloiċṡneaċda sin; óir do ḃí a ṗláiġ roṁór.


Agus tug mé aimsir ḋi ċum aiṫriġe ḋéunaṁ a dtáoḃ a sdríopaċais; agus ní ḋearna sí aiṫriġe.


Agus an ċuid do na daóiniḃ do fágḃaḋ gan ṁarḃaḋ ris na pláiġiḃse ni ḋearnadar aiṫriġe ar son oibreaċa a láṁ, ionnus naċ déunaidís seirḃís do ḋeaṁnuiḃ, agus dioḋaluiḃ óir, agus áirgid, agus ṗráis, agus ċloiċe, agus ċroinn, ris naċ éidir aṁarc, ná éisdeaċd, ná siuḃal:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ