Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 16:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus do ċúala mé aingeal na nuisgeaḋ ag ráḋ, Is cóṁṫrom ṫú, a Ṫíġearna, noċ atá, agus do ḃí, agus ḃías, tré go rug tú breaṫ air na neiṫiḃse.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus do rinneaḋ fuil díoḃ. Agus do ċualas aingeal na n‐uiscí g‐á ráḋ, Is tusa atá cóir, coṫrom, tusa atá agus do ḃí ann an tAon Naoṁṫa, de ċionn an ḃreiṫeaṁnais atá déanta agat:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 16:5
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Go maḋ fada sin uaitsi a ḋéunaṁ marso, an fíréun do ṁarḃaḋ maille ris an cciontaċ: agus go mbiaiḋ an firéun mar an cciontaċ, go maḋ fada sin uaitsi: naċ déuna Breiṫeaṁ na talṁan uile ceart?


Atá an TIĠEARNA fíréunta: noċ do ġearr ó ċéile téada na gciontaċ.


Is fíréunta an TIĠEARNA iona ṡliġṫiḃ úile, agus is náoṁṫa iona oibriġ uilé.


¶ Atá an TIĠEARNA ceart; óir do ċaṫuiġ misi a naḋuiġ a aiṫeantaḋ: éistiġ, íarruim daṫċuinge oruiḃ, a ṗobal uile, agus féuċuiḋ mo ḋóbrón: do ċúadar mo ṁaiġdiona agus mo ḋaóine óga a mbraiġdionus.


Uimesin do ḟorḟairiġ an TIĠEARNA ar a nolc, agus ṫug sé oruinne é: óir atá an TTIĠEARNA ar Ndía fíréanta ann uile oibreaċuiḃ do ní sé: óir níor uṁluiġeamairne dá ġúṫ.


A Aṫair ċoṁṫruim, níor aiṫin an sáoġal ṫusa, aċd daiṫin misi ṫú, agus daiṫniġeadar so gur tusa do ċuir uáit mé.


Aċd do réir do ċruáis féin agus do ċroíḋe neaṁaiṫriġeaċ taisgiḋ tú ḋuit féin féarg fá ċoṁair láoi na feirge agus ḟoillsiġṫe ċeirtḃreiṫeaṁnuis Dé;


Aċd má neartuiġeann ar néagcóirne cóir De, créd a déaram? An ḃfuil Día éagcóraċ do ní dioġaltus? (mar ḋuine laḃruim.)


Eoin ċum na seaċd neagluíseaḋ atá sa Násia: Grása maille riḃ, agus síoṫċáin, ón tí áta, agus do ḃí agus ḃías; agus ó na seaċd Spioraduiḃ noċ atá a ḃfíaḋnuise a árdċaṫáoiresion;


As mise Alṗa agus Oméga, an tosaċ agus an deireaḋ, a deir an Tíġearna, an tí atá, agus do ḃí, agus ḃías an tí atá Uileċúṁaċdaċ.


Ag ráḋ, Beirmíd buiḋeaċas riotsa, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ, noċ atá, agus do ḃí, agus ḃías; óir do ġaḃ tú ċugad do ṁórċuṁaċda féin, agus do ġnoḋuiġ tú do ríoġaċd.


Agus do ḋóirt an treas aingeal a ṡoiṫeaċ sna haiḃniḃ agus sna tiubruidiḃ fíoruisge; agus do rinneaḋ fuil dioḃ.


Agus do ċúaluiḋ mé neaċ eile ó níosdaḋ náoṁṫa ag ráḋ, A seaḋ, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ, is fírinneaċ cóṁṫrom do ḃreaṫasa.


Oír is fírinneaċ cóṁṫrom a ḃreaṫasan: óir do ḋamnuiġ sé an meirrdreaċ ṁór, do ṫruáill an talaṁ ré na sdríopaċas, agus do ḋíoġail se fuil a ṡearḃḟoġantuiġeaḋ do dóirteaḋ ar á láiṁ.


Agus do ḃí ar gaċ beaṫaċ fó leiṫ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ sin, sé sgiaṫáin fá gcuáirt; agus íad don táoḃ a stiġ lán do ṡúiliḃ: agus níor sguireadar do ló ná doiḋċe, dá ḃeiṫ ag ráḋ, Is náoṁṫa, náoṁṫa, náoṁṫa, an Tiġearna Día Uileċúṁaċdaċ, an té ḃí, agus atá agus ḃías.


Agus do éiġeadar go ġúṫ ard, ag ráḋ, Cá fad ḃías tú, a Ṫiġearna, náoṁṫa ḟírinniġ, gan breiṫeaṁnus do ḃreiṫ agus dioġaltus do ḋéunaṁ ar son ar ḃfolainne ar an druing áitiġeas ar an dtalaṁ?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ