Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 15:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus tug beaṫaċ do na ceiṫre beaṫaiḋiḃ do na seaċd naingliḃ seaċd soiṫiġe órrġa líonta dfeirg Dé, ṁaireas go sáoġal na sáoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus ṫug ceann de na ceiṫre h‐ainṁiḋṫiḃ seaċt soiṫiġe óir do na seaċt n‐aingliḃ, agus iad lán de ḋíḃeirg Dé ṁaireas go saoġal na saoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 15:7
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír atá cupán a láiṁ an TIĠEARNA, agus atá an fíon dearg; lán do ċumasc; agus dóirtiġ sé as amaċ: a ḋeasgaiḋ sin aṁáin, ḟáisgfid uile ṗeacaiḋ na talṁan, agus iḃid.


¶ Oír is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel riomsa; Glac cupán fíona na díḃḟeirgesi as mo láiṁ, agus taḃair ar na huile cineaḋ, gus a ccuirfe misi ṫú, ol de.


Oír foillsiġid féin oruinn, cionnas do ċúaḋmar a steaċ ċuguiḃse, agus an gléus air ar ḟill siḃsé ó íoḋaluiḃ ċum Dé ċum seirḃíse do ḋéunaṁ don Día ḃéo ḟírinneaċ;


Agus an tí atá beó, giḋ go raiḃ mé marḃ; agus, féuċ, atáim beo go sáoġal na sáoġal, Amén; agus atáid eoċraċa ifrinn agus an ḃáis agam.


Agus tug sé an tí ṁaireas go sáoġal na sáoġal, noċ do ċrúṫuiġ neaṁ, agus na neiṫe atá ann, agus an talaṁ, agus na neiṫe atá ann, agus a nfairrge, agus na neiṫe atá innte, mar ṁionnuiḃ, naċ bíaḋ aimsir ann feasda:


I ḃfiḋ an tise fós dfíon ḟeirge Dé, do nfíon ġlan líontar a gcupán a ḟeirge; agus do ġeaḃuiḋ a ṗíanaḋ a dteine agus a ruiḃ a ḃfiaḋnuise na naingeal náoṁṫa, agus a ḃfíaḋnuise a Nuáin:


Do ċonnairc mé na ḋiáiġ sin cóṁarṫa mór iongantaċ eile ar neaṁ, seaċd naingil agá raḃádar na seaċd bpláġa deiġeanaċa; óir is ríu sin do coiṁlíonaḋ fearg Dé.


Agus do imṫiġ an ċéudaingeal roiṁe, agus do ḋóirt sé a ṡoiṫeaċ ar an dtalaṁ; agus do éiriḋ droċ neasgóid niṁneaċ don druing ar a raiḃ cóṁarṫa a nainṁiḋe, agus don luċd do onóruiġ a ioṁáiġ.


Agus táinic aingeal do na seaċd naingliḃ agá raḃadar na seaċd soiṫiġe, agus do laḃáir sé riom, ag ráḋ riom, Gaḃ a leiṫ; taisbéana mé ḋuit dámnuġaḋ na méirrdriġ móire atá na suiḋe ár uisgeḋiḃ iomḋa:


Agus táinic neaċ do na seaċd naingliḃ ċugum agá raḃadar na seaċd soiṫiġe líonta do na seaċd bpláġuiḃ deiġeanaċa, agus do laḃair sé riom, ag ráḋ, Gaḃ a leiṫ, taisbéunfadsa ḋuit an ḃean núaḋṗósda, bean a Nuáin.


Do léigeadar an ceaṫrar air ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise an té do ṡuiġ sa gcaṫaóir, agus tugadar onóir don té ṁaireas go sáoġal na sáoġal, agus do ṫeilgeadar a gcorónaċa a ḃfíaḋnuise na caṫáoire, ag ráḋ,


Agus ar nglacaḋ an leaḃair ḋó, do leigeadar na ceiṫre beaṫuiġ agus an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise a Nuáin, ar mbeiṫ ċláirseaċ, agus ṡoiṫeaċ nórġa ag gaċ áon díoḃ fó leiṫ lán do ḋeagḃalaiḋiḃ, agár ab íad urnuiġe na náoṁ íad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ