Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 15:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus do ċanadar cainntic Ṁaóise ṡearḃḟoġantuiġ Dé, agus cainntic a Nuáin, ag ráḋ, As mór iongantaċ hoibreaċasa, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ; is coṁṫrom fírinneaċ do ṡliġese, a Rí na ccineáḋaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do ḃíodar ag canaḋ aṁráin Ṁaoise seirḃísiġ Dé, agus aṁráin an Uain, g‐á ráḋ, Is mór, iongantaċ iad t’oibreaċa, a Ṫiġearna, a Ḋia Uile‐ċuṁaċtaiġ. Is cóir, fírinneaċ iad do ṡliġṫe, a Riġ na gciniḋeaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 15:3
49 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a nuáir do ḃí Abram nóċad agus náoi mbliaḋna dáois, do ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin do Abram, agus a duḃairt ris, Is misi an Día uile ċuṁaċdaċ; siuḃuil am ḟiadnuise agus bí diongṁalta.


¶ Aċt dofráil Aáron agus a ṁic air altoír na hofrála loisge, agus air altóir na túise, táoḃ amuiġ do gaċ uile obair na háite ronaoṁṫa, agus sin do ḋéanaṁ síoṫċána Dísrael, réir a nuile ní dar ḟúagair Máoise serḃíseaċ Dé.


Agus do ġoir an ríġ air Iehoiada an túaċdarán, agus a duḃairt sé ris, Cred fa nár ċuir tú dfiaċaiḃ air na Leḃítiḃ an gearraḋ do ṫaḃairt a steaċ ó Iúdah agus ó Ierusalem, do réir aiṫne Ṁáoise serḃíseaċ an TIĠEARNA, agus ċoṁċruinniġe Israel, go tabernacuil na fíaḋnuise?


Agus dfoillsiġ tú ḋóiḃ do ṡábbóid náoṁṫa, agus dfúagair tú ḋóiḃ aiṫeanta, reaċda, agus dliġṫe, lé láiṁ Ṁaoise do ṡerḃísiġ:


Cuiṁniġ a obair do ṁóruġaḋ, noċ do ċíd na daóine.


Noċ do ní neiṫe móra dóspíonta; neiṫe iongantaċa gan áireaṁ:


Oír is maiṫ an TIĠEARNA; is síorruiḋe a ṫrócaire; agus a ḟírinne ó ġinealaċ go ginealaċ.


Cuiṁniġiḋ a ionganta noċ do rinne sé; a ċoṁarṫaḋa, agus breiṫeaṁnuis a ḃéil;


Is aḋḃal oibreaċa an TIĠEARNA, ar na ttaisbeanaḋ do nuile ḋuine, agá ḃfuil dúil ionnta.


Fírinne agus breiṫeaṁnus a síad oibreaċa a láṁ; atáid a aiṫeanta uile coinġiollaċ.


Molfa mé ṫú; do ḃríġ go ndéarnaḋ mé go hiongantaċ agus go húaṫḃasaċ: is oirḋeirc hoibreaċa; agus atá a ḟios sin aig manamsa go ro ṁaiṫ.


Is fíréunta an TIĠEARNA iona ṡliġṫiḃ úile, agus is náoṁṫa iona oibriġ uilé.


Agus laḃeoruid dáoine air neart do ġníoṁ uaṫḃásaċ: agus foillseoċa misi do ṁórḋaċd.


Do ṫáoḃ Dé, atá a ṡliġe iomlán: do dearḃaḋ bríaṫra an TIĠEARNA: is scíaṫ é do nuile ċuirios a ndoṫċus ann.


Do laṫair a naiṫreaḋ do rinne se miorḃuil, a ttalaṁ na Hégipte, a maċaire Soan.


Cred é méad hoibreaċ, a ṪIĠEARNA! mar a nduḃaigéan atáid do smuaintiġe.


Agus is ionṁuin ré neart an ríġ breiṫeaṁnus; daingniḋ tú ceart, do ní tu breiṫeaṁnus agus ceart ann Iácob.


Oír isé an TIĠEARNA ar mbreiṫeaṁ, isé an TIĠEARNA taḃarṫaċ ar ndliġe, isé an TIĠEARNA ar ríġ; cuiṁdeoċuiḋ sé sinn.


Innisiḋ, agus tugaiḋ a ḃfogus íad; gaḃaidís fós, coṁairle agá ċéile: cía dfoillsiġ so ón tseanaimsir? cía dinnis é ó sin a leiṫ? naċ déarna misi an TIĠEARNA? agus ní ḃfuil Día ar biṫ ann taóḃ amuiġ ḋíomsa: Día ceart agus Slánaiġṫeoir; ní ḃfuil maiṫearraċ ann.


Agus an tan ṫáinic sé ċum na húaṁa, do ġoir sé maille re gúṫ trúaġanta ar Ḋániel: agus do laḃair an ríġ agus a duḃairt re Dániel, A Ḋániel, a ṡerḃisiġ Dé ḃí, an féidir lé do Ḋía, dar ḟóġain tú a ccoṁnuiḋe, do ṡáoraḋ ó na leoṁanuiḃ?


Do ṡáruiġ fós, Israel uile do ḋliġeaḋ, agus sin le filleaḋ air ais, ċor naċ éisdedís red ġúṫsa; uimesin do dóirteaḋ an málluġaḋ oruinn, agus an mionn atá scríoḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaóise seirḃiseaċ Dé, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar na aġaiḋ.


Cía is críonna, agus tuigfe sé na neiṫese? glic, agus aiṫeona sé íad? óir is díreaċ sliġṫe an TIĠEARNA, agus siuḃoluid na fíréin ionta: aċt tuitfid na ciontuiġ ionta.


Coiṁeoluiḋ tú a nfírinne do Iácob, agus an trócaire do Abraham, noċ do ṁionnuiġ tú dar naiṫriḃ ó na laéṫiḃ a nallód.


Atá an TIĠEARNA ceart iona lársin; ní ḋéana sé éaccóir: do ḃeir sé a ḃreiṫeaṁnus ċum soluis gaċ áon ṁaidin, ní ḟailliġion sé; aċt ní ḃfuil fis náire aig na daóiníḃ éiccearta


¶ Urġaírdiġ go mór, a inġean Ṡion: gáir, a inġean Ierusalem: féuċ, atá do Ríġ ag teaċt a tḟoċair: atá sé ceart, agus slánuġaḋ aige; go huirisiol, ag marcuiġeaċd air assal, agus air ḃromaċ searraċ assail.


Oír do tugaḋ an reaċ tré Ṁaoisi, aċd ṫáinic grása agus fírinne tré Iósa Criosd.


Agus do laḃair Máoise a ccluasuiḃ ċoṁċruinniġ Israel uile briaṫra na canticesi, no gur críoċnuiġeaḋ íad.


Do ċionn go ḃfoillseoċuiḋ mé ainm an TIĠEARNA: cuiriḋsi mórḋaċd a leiṫ ar Ndé.


¶ Mar sin ḟuáir Maóise searḃfoġantuiġ an TIĠEARNA bás ann sin a ttír Ṁoab, do réir ḃreiṫre an TIĠEARNA.


Uime sin don Rí ṡíorruiḋe, ṁarrṫannaċ, ḋoḟaicsiġ, don Día atá na áonar éagnuiḋe, go raiḃ onóir agus glóir go sáoġal na sáoġal. Amén.


Agus go deiṁin do ḃí Máoise díleas ann a ṫíġsean uile, mar ṡearḃḟoġantuiġ, ċum fíaḋnuise na neíṫeann do ḃí ċum a laḃarṫa;


Aċ tugaiḋ aire ġéar do ċoiṁlíonaḋ na naiṫneaḋ agus an dliġe, noċ do ċuir Maóise óglaċ an TIĠEARNA do ċúram oruiḃ, gráḋ do ṫaḃairt dá ḃur TTIĠEARNA Día, agus siúḃal iona ṡliġṫiḃ uile, agus a aiṫeanta do ċoiṁlíonaḋ, agus táoḃaiḋ ris, agus foġnaṁ ḋó le ḃur nuile ċroiḋe agus lé ḃur nuile anam.


As mise Alṗa agus Oméga, an tosaċ agus an deireaḋ, a deir an Tíġearna, an tí atá, agus do ḃí, agus ḃías an tí atá Uileċúṁaċdaċ.


Ag ráḋ, Beirmíd buiḋeaċas riotsa, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ, noċ atá, agus do ḃí, agus ḃías; óir do ġaḃ tú ċugad do ṁórċuṁaċda féin, agus do ġnoḋuiġ tú do ríoġaċd.


Agus do ċannadar mar do ḃíaḋ céol núaḋ a ḃfiaḋnuise na caṫaóireaċ, agus a ḃfíaḋnuise na gceiṫre mbeaṫaċ, agus na seanóireaḋ: agus níor ḃféidir déinneaċ an céol sin dfoġlaim aċd aṁáin don ċéud agus do na ceiṫre ar ḋá ḟiċead do ṁíltiḃ, do ḃí ar na gceannaċ ón dtalaṁ.


Agus do lean aingeal eile, ag ráḋ, Do ṫuit, do ṫuit an Ḃabilóin, an ċaṫair ṁór; óir tug sí air na huile ċineaḋaċuiḃ fíon feirge a sdríopaċuis diḃe.


Cóṁruicfid an dreamsa ris a Núan agus béuruiḋ an Túan buáiḋ orrṫa: óir a sé Tíġearna na dtíġearnaḋ é, agus Rí na ríġṫeaḋ: agus an luċd atá ḋá ṫáoḃ atáid síad ar na ngairm, agus ar na dtóġa, agus ionnruic.


Agus do ḃí ainm sgríoḃṫa aige air a éudaċ agus air a ṡlíasaid, RI NA RIĠṪEAḊ, AGUS TIĠEARNA NA DTIĠEARNAḊ.


Oír is fírinneaċ cóṁṫrom a ḃreaṫasan: óir do ḋamnuiġ sé an meirrdreaċ ṁór, do ṫruáill an talaṁ ré na sdríopaċas, agus do ḋíoġail se fuil a ṡearḃḟoġantuiġeaḋ do dóirteaḋ ar á láiṁ.


Agus do ḃí ar gaċ beaṫaċ fó leiṫ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ sin, sé sgiaṫáin fá gcuáirt; agus íad don táoḃ a stiġ lán do ṡúiliḃ: agus níor sguireadar do ló ná doiḋċe, dá ḃeiṫ ag ráḋ, Is náoṁṫa, náoṁṫa, náoṁṫa, an Tiġearna Día Uileċúṁaċdaċ, an té ḃí, agus atá agus ḃías.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ