Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 15:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ċonnairc me cosaṁlaċd ḟairrge gloiniḋe ar na cúmasg ré teine: agus an luċd rug buáiḋ ar a nainṁiḋe, agus ar a ioṁáiġ, agus ar a ċóṁarṫa, agus ar úiḃir a anma, na seasaṁ ag an ḃfairrge ġloiniḋe, agus cláirseaċa Dé aca.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ċonnacas mar ḃéaḋ fairrge ġloine, agus í meascṫa le teiniḋ; agus iad‐san ṫáinig go buaḋaċ ó’n ainṁiḋe, agus ó n‐a íoṁáiġ, agus ó uiṁir a ainme, ’n‐a seasaṁ le h‐ais na fairrge gloine, agus cláirseaċa Dé aca.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 15:2
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Go deiṁin baisdimsi siḃ lé huisge do ċum aiṫriġe: aċd ċeana an té ṫig am ḋíaiġ is láidire é ná me, agus ni fíu misi a ḃróga diomċur: baisdfe seisean leis an Spioraid Náoṁ, agus lé teiniġ siḃ:


Ionnus go ḃfuiġṫiġ dearḃaḋ ḃur gcreidiṁ, is rouáisle na ór ṫéid air neiṁní, bíoḋ go ndearḃṫar é lé teine, na ṁolaḋ agus na onóir agus na ġlóir an tan ḟoillseóċas Iósa Críosd é féin:


A ċaired, ná bíoḋ iongnaḋ aguiḃ sa dteasduġaḋ tinntiġe do niṫear oruiḃ ċum ḃur ndearḃṫa, aṁnil do ṫeigéuṁaḋ ní éigin coiṁṫiġeaċ ḋiḃ:


Giḋeaḋ rugadar buáiḋ air tré ḟuil a Nuáin, agus tré ḃréiṫir a ḟiaḋnuise; agus ní raiḃ suim aca na nanam féin go bás.


Agus do ṡeas mé air ġaineaṁ na mara, agus do ċonnairc mé ainṁiḋe ag éiriġe as an ḃfairrge, air a raḃadar seaċd gcinn agus deiċ naḋárca, agus deiċ gcorónaċa ar a aḋárcuiḃ, agus ainm blaisṗéime air a ċeannuiḃ.


Agus do ṁeall sé an luċd áitreaḃas an talaṁ do ḃríġ na miorḃuileaḋ tugaḋ ḋó ré a ndéunaṁ láṫair a nainṁiḋe; ag ráḋ ris an luċd áitreaḃas an talaṁ, Ioṁáiġ a ḋéunaṁ don náinṁiḋe, air a raiḃ an buille cloiḋiṁ, agus do ḃí béo.


Agus naċ bíaḋ cúmas ag éinneaċ réic nó ceannaċ, aċd aṁáin ag an tí ar a mbíaḋ an coṁarṫa, nó ainm a nainṁiḋe, nó úiḃir a anma.


Agus is ré cloiċ Iaspis do tógḃaḋ súas a balla: agus bá hór glan an ċaṫair féin, cosṁail ré gloine fíorġlan.


Agus do ḃí a ḃfíaḋnuise na caṫaóireaċ fairrge ġloine bá cosṁuil ré criosdal: agus eidir an gcaṫaóir, agus na neiṫe do ḃí na timċioll, do ḃádar ceiṫre beaṫuiġ lán do ṡúiliḃ rompaḋ agus na ndiáiġ.


Agus ar nglacaḋ an leaḃair ḋó, do leigeadar na ceiṫre beaṫuiġ agus an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise a Nuáin, ar mbeiṫ ċláirseaċ, agus ṡoiṫeaċ nórġa ag gaċ áon díoḃ fó leiṫ lán do ḋeagḃalaiḋiḃ, agár ab íad urnuiġe na náoṁ íad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ