Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 14:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus do ċonnairc mé aingeal eile ag eitealluiġ a meaḋón neiṁe, agá raiḃ soisgéul síorruiḋe ċum a ṡoisgéulta don druing áitreaḃas an talaṁ, agus do nuile ċineaḋ, agus ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus do ċonnacas aingeal eile ar eiteall i lár na spéire, agus soiscéal síorraiḋe aige le n’ḟógairt do luċt áitreaḃa na talṁan, agus do gaċ cineaḋ, agus treiḃ, agus teangain, agus pobal;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 14:6
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Día, Bioḋ fiormament a meaḋón na nuisgeaḋ, agus roinneaḋ na huisgeaḋa ó na huisgeaḋuiḃ.


Má atá naċ ḃfuil mo ṫiġ marsin ag Día; giḋeaḋ do rinne sé ceangal síorruiḋe riomsa, órduiġṫe ann gaċ uile ní, agus daingion: óir sé so mo ṡlánuġaḋsa uile, agus mfonn uile, mátá naċ dtiuḃra seision air fás.


Is fíréantaċt síorruiḋe ṫfíréantaċdsa, agus is fírinne do ḋliġeaḋ.


Agus féuċ an ḃfuil sliġe ar biṫ ċiontaċ ionnam, agus treóruiḋ mé a sliġe na síorruiḋeaċta.


Is rioġaċt síorruiġ do rioġaċtasa, agus do ċuṁaċda tre nuile ġinealaċ.


Críonuiḋ an féur, searguiḋ an bláṫ: aċd seasfuiḋ bríaṫar ar Ndé go bráṫ.


Aċt sáorfuiḋear Israel ansa TIĠEARNA maille le slánuġaḋ síorruiḋe: ní ḃeiṫí náireaċ nó claóite go sáoġal na sáoġal.


Tógḃuiḋ súas ḃur súile ċum na neaṁ, agus féuċuiḋ ar an ttalaṁ síos: óir leaġfuid na neaṁa ṫort aṁuil deataċ, agus raċuiḋ an talaṁ a nárrsuiġeaċd aṁuil éadaċ, agus raċaiḋ an ṁéid ċoṁnuiġeas ann déug ar an moḋ ccéadna: aċd biáiḋ mo ṡlánuġaḋsa go bráṫ, agus ní cuirfiġear mfíréantaċd ar ccúl.


Oír íosuiḋ an léamann súas íad aṁuil éadaċ, agus íosuiḋ an ṗéist íad aṁuil olann: aċt biáiḋ mfírinnesi ann go bráṫ, agus mo ṡlánuġaḋ ó ġinealaċ go ginealaċ.


Os a ċionn ṡúas do ṡeasadar na seraṗiniġ: do ḃí sé scíaṫáin ar gaċ aon díoḃ; le cúpla dfoluiġ sé a aġaiḋ, agus lé cúpla dfoluiġ sé a ċosa, agus lé cúpla do eitil sé.


Agus do riṫiodar na beaṫuiġe, agus dfilleadar aṁuil taisbéanta lasraċ tinntiġe.


Nebuċadnessar an ríġ ċum a nuile ṗobal, cineaḋaċa, agus teangṫa, áitreaḃus air an ttalaṁ uile; Go méaduiġṫear síoṫċáin díḃ.


Fós, an feaḋ do ḃí mé ag laḃairt a núrnaiġ, an fear céadna Gábriel, noċ do ċonnairc mé annsa ḃfis ar tús, air ar tugaḋ eitiol do ḋéanaṁ go deiṫniosaċ, do ḃean sé riom a dtimċioll aimsire íoḋbarṫa an tráṫnóna.


An ní a deirimsi riḃ ann sa dorċadus, abruiḋsi é ann sa tsolus: agus an ní do ċluinntí in ḃur gclúais, foillsiġe é air ṁullaċ na tiġṫe.


Agus a duḃairt sé ríu, Imṫiġiḋ ar feaḋ an doṁain uile, déanuiḋ an soisgéul do ṡeanmóir do gaċ uile ċreatúir.


Agus a nois don té lér féidir siḃ do ḋaingniuġaḋ do réir mo ṡoisgeilsi, agus ṡeanmóra Iósa Críosd, do réir ḟoillsiġe na seicréide, noċ do congṁaḋ go folaiġeaċ ó ṫús an doṁain,


Má ċóṁnuiġeann siḃ go fonndameinteaċ daingean sa gcreideaṁ, gan ḃeiṫ ḋíḃ ar ḃur naṫruġaḋ ó ṁuiniġin an tsoisgéil, noċ do ċúalaḃair, agus do rinneaḋ ṡeanmóir dá gaċ uile ċreatúr atá faói neaṁ, dá ḃfuilimse Pól am ṁinisdir;


Agus gó dtuguiḋ an Tíġearna féin Iósa Críosd, agus Día, eaḋon ar Naṫair, noċ do ġráḋuiġ sinn, agus tug ḋúinn coṁḟurtaċd síorruiḋe agus muiniġin ṁaiṫ tré ġrás,


Agus Día na síoṫċana, tug air ais ó ṁarḃuiḃ an Tíġearna Iósa, árdáoḋaire na gcáoraċ, tré ḟuil an ċonnarṫa ṡíorruiḋe,


Aċd fanuiġ bríaṫar an Tíġearna go síorruiḋe. Agus á sí so an ḃríaṫar do soisgéuluġaḋ ḋíḃse.


Agus a duḃairt sé ríom, is éigean duit fáiḋeadóireaċd do ḋéunaṁ a rís a ḃfíaḋnuise a niomad ṗuibleaċa, agus ċineaḋaċa, agus ṫeangṫa, agus ṁoráin ríġteaḋ.


Aċd a láeṫiḃ ġoṫa an seaċdṁaḋ aingeal, an tan ṡéidfeas sé a sdoc, biáiḋ rúindíaṁair Dé ar na ċrioċnúġaḋ, do réir mar do ḟoillsiġ sé ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ féin na fáiḋe.


Agus tugaḋ ḋó cogaḋ ḋéunaṁ ris na náoṁuiḃ, agus buáiḋ do ḃreiṫ orrṫa: agus tugaḋ cúṁaċda ḋó ós cionn gaċ uile ṫréiḃe, agus ṫeanguiḋ, agus ċiniḋ.


Do ḃríġ gur ċoiṁéid tú briaṫar mfoiġidesi, do ḋéunsa ṫusa ċoiṁéud ar aimsir an ċaṫuige, noċ atá ċum teaċda ar a tsáoġal uile, ċum dearḃṫa na druinge áitiġeas an talaṁ.


Agus do ċanadar cainntic núaḋ, ag ráḋ, As fíu ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ, agus a ṡéuluiḋe dfosglaḋ: do ḃríġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiḋ tú sinne do Ḋía réd ḟuil féin as a nuile ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal, agus ċineaḋ;


Agus do ċonnairc mé, agus do ċúaluiḋ mé aingeal ná áonar ag eitealluiḋ a meaḋón neiṁe, ag ráḋ do ġúṫ árd, As mairg, mairg, mairg, don druing áitiġeas an talaṁ ar son ġóṫann sdoc na dtrí naingeal atá fós ċum teaċda, ar tí a sdoc do ṡéideaḋ!


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ