Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 14:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 A síad so an dream nár salċaḋ ré mnáiḃ; óir as óġa íad. A síad so an dream leanas an Túan giḋ bé hionad a dtéid. Atáid siad ar na gceannaċ as meaḋón na ndaóineaḋ, na ccéudṫórṫa do Ḋía agus do Núan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Is iad‐san iad nár ṡaluiġ iad féin le mnáiḃ; óir is ar staid óġaċta atáid. Is iad‐san leanas an tUan cibé áit ’n‐a dtéiġeann sé. Is iad do ceannuiġeaḋ as lár na ndaoine ċum ḃeiṫ ’n‐a gcéad‐ṫorṫaiḃ do Ḋia agus do’n Uan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 14:4
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃéarṫar í ċum an ríġ a nórnaiḋeaċd dobair ṡnaiṫide: na maiġdiona a compánuiġ noċ leanas í do ḃéarṫar ċugadsa íad.


Coiṁniġ do ċoiṁṫionól, noċ do ċeannuiġ tú fada ó ṡin; dfúascail tú slat hoiġreaċta; do ċnoc Sion, ann ar ċoṁnúiġis.


Do ḃríġ deaġḃoluiḋ huinnimeinte maiṫe is cosṁuil hainm ré ola dóirte amaċ, uimesin gráḋuiġid na maiġdiona ṫú.


Atá annsin trí fiṫċid bainríoġan, agus ceiṫre fiṫċid leannán, agus maiġdiona gan áireaṁ.


Do ḃí Israel na náomṫaċt don TIĠEARNA, agus na ṗrimidil dá ḃiseaċ: sgriosfuiġear gaċ a sluigeann é; tiucfuiḋ olc ċuca, a deir an TIĠEARNA.


Aṁairg don ṁuinntir atá a socaṁal ann Sion, agus ċuirios a ndóiġ a sliaḃ Ṡamáriah, noċ dá ngoirṫear tóġa na ccineaḋaċ, ċum a ttáinic tiġ Israel!


Oir a táid dáoine coillte noċ a rugaḋ mar sin as broinn a maṫar: agus a taíd cailltéanuiġ, a gar ḃeanadar daóine asda: agus a táid cailltéanuiġ, do ḃean asda féin ar son na rióġaċda neaṁḋa. Giḋ bé ḟéadus a ġaḃáil ċuige, gaḃaḋ.


Ann sin buḋ cosṁuil ríoġaċd neime ré deiċneaḃar maiġdean, do ġlac a lampuiḋe, agus do ċúaiḋ a maċ do ṫeagṁáil ar an ḃfear núaṗósda.


Agus ag teaċd do sgríobaiġ aíriġe, a duḃairt sé ris, A Ṁaiġisdir, leanfuiġ misi ṫu gioḋ bé ar biṫ ball ann a raċaiḋ tú.


Do ċluinid mo ċáoiriġsi mo ġúṫ, agus aiṫniġim iád, agus leanuid síad me:


Giḋ bé ní seirḃís daṁsa, leanaḋ sé mé; agus mar a mbía misi, bíaiḋ mo ṡeirḃiseaċ ann mar an gcéadna: giḋ bé ḋéanas seirḃís daṁ, ḃéura Maṫair onóir ḋó.


A duḃairt Peadar ris, A Ṫiġearna, créud fá naċ ḃféaduim do leanṁuin a nois? Cuirfiḋ mé manam ar do ṡon.


Do laḃair Iósa riú a rís, ag ráḋ, Is misi solus an dóṁain: giḋ bé leanus misi, ní ṡioḃalfa sé a ndorċadas, aċd do ġéuḃa sé solus na beaṫa.


Ar a naḋḃarsin taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, agus don tréud uile, ar a ndearna an Spiorad Náoṁ easbuig ḋíḃ, do ḃéaṫuġaḋ eagluíse Dé, noċ do ċeannaiġ sé lé na ḟuil féin.


Agus íarruim daṫċuinge oruiḃ, a ḋearḃráiṫre, (ós aiṫniḋ ḋíḃ muinntir ṫiġe Steaṗáin, gurab íad céadṫoraḋ na Haċaía, agus go dtugadar íad féin do ḋéanaṁ miniosdralaċd do na náoṁuiḃ.)


Oír do ċeannċaḋ siḃ ar lúaċ: uime sin tugaiḋ glóir do Ḋía ré ḃur gcorp, agus ré ḃur spioraid, óir is lé Día íad.


Aċd fós ma ṗósann tú, ní ḃfuil peacaḋ ḋuint ann; agus má ṗósann maiġdean, ní ḃfuil peacaḋ ḋi ann. Giḋeaḋ do ġeuḃaid a leiṫid so buáiḋirt do ṫáóḃ na feóla: aċd atáimse da ḃur ccoigilt.


Oír atáim éudṁar riḃ ré héud díaḋa: óir do ullṁuiġ mé siḃ déinḟear aṁáin, ċum ḃur dtaḃarṫa mar óiġ ḟíorġloin do Ċríosd.


Agár ab é is geall connarṫa dar noiġreaċdne go teaċd duinne a seilḃ ar sáoirsi, ċum moltá a ġlóiresion.


Ċum a déunta ḋó féin na heagluis ġlórṁuir, gan ċáiḋe, gan ċasaḋ, ná ní as cosṁuil ríu sin; aċd ionnus go mbíaḋ sí náoṁṫa neiṁċionntaċ.


Noċ ṫoirmisgeas pósaḋ, an bíaḋ do ṡeaċna, noċ do ċrúṫuiġ Día ċum a ċaiṫṁe maille re haltuġaḋ don druing ċreideas agus agá ḃfuil fios na fírinne.


Agus ċum an coiṁṫionóil ġinearalta agus eagluis gaċa ċéidġine, noċ atá sgríoḃṫa ar neaṁ, agus ċum Dé breiṫeaṁ na nuile, agus ċum spíorad na ḃfiréun ndiongṁálta,


As dá ṫoil féin do aiṫġin sé sinne ré bréiṫir na fírinne, ċum ḃeiṫ ḋúinn ar gcéud tórṫuiḃ ḋá ċreatúraiḃsion.


Aċd is cinéul toġṫa siḃse, sagartaċd ríoġa, cineaḋ náoṁṫa, pubal ar leiṫ; ionnus go ḃfoillséoċaḋ siḃ suḃáilciḋe an tí do ġoir siḃ as dorċadus ċum a ṡolais iongantuiġ féín.


Cóṁruicfid an dreamsa ris a Núan agus béuruiḋ an Túan buáiḋ orrṫa: óir a sé Tíġearna na dtíġearnaḋ é, agus Rí na ríġṫeaḋ: agus an luċd atá ḋá ṫáoḃ atáid síad ar na ngairm, agus ar na dtóġa, agus ionnruic.


Agus ní ḟácuiḋ mé teampoll innte óir a sé an Tíġearna Día Uileċuṁaċdaċ agus an Túán as teampoll di.


Agus ní ríaċdanaċ air an ccaṫruiġse grían, ná gealaċ dó ṡoillsiuġaḋ innte: óir do ṡoillsiġ glóir Dé í, agus a sé an Túan is solas di.


Atá beagán danmannuiḃ fos agad a Sardis nár ṡlauiḋ a néuduiġe; agus siuḃóluid síad má ráon riomsa a néuduiġiḃ gléiġeala: óir as fíu sin íad.


Agus do ċanadar cainntic núaḋ, ag ráḋ, As fíu ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ, agus a ṡéuluiḋe dfosglaḋ: do ḃríġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiḋ tú sinne do Ḋía réd ḟuil féin as a nuile ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal, agus ċineaḋ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ