Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 14:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus do ċannadar mar do ḃíaḋ céol núaḋ a ḃfiaḋnuise na caṫaóireaċ, agus a ḃfíaḋnuise na gceiṫre mbeaṫaċ, agus na seanóireaḋ: agus níor ḃféidir déinneaċ an céol sin dfoġlaim aċd aṁáin don ċéud agus do na ceiṫre ar ḋá ḟiċead do ṁíltiḃ, do ḃí ar na gceannaċ ón dtalaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 agus do ḃíodar ag canaḋ aṁráin, mar ḃéaḋ aṁrán úr‐nua, ós cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ, agus os cóṁair na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus os cóṁair na seanóir: agus ní raiḃ ar ċumas d’aoinneaċ an t‐aṁrán sin d’ḟoġlaim, aċt aṁáin do’n ċéad ceaṫrar, agus dá ḟiċid míle duine do ḃí ceannuiġṫe as a raiḃ ar talaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 14:3
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

O a Ḋé, canfa mé caintic núaḋ ḋuit: air an tsailmċéolaċ agus air instrument deiṫ ttéad ċanfas mé sailm ḋuit.


Moluiḋ an TIĠEARNA. Canuiḋ don TIĠEARNA caintic núaḋ, bíoḋ a ṁolaḋ a gcioṁṫionól na náoṁ.


Atá rún an TIĠEARNA ag an luċd eagluiġeas roiṁe; agus foillsiġiḋ a ċunnraḋ ḋóiḃ.


Canuiḋ ḋó caintic núaḋ; sinniḋ go héolgaċ maille re fuáim áird.


Agus do ċuir sé caintic núaḋ ann mo ḃéul, molaḋ dar Ndía: do ċífid mórán é, agus biáiḋ eagla orra, agus cuirfid a ndóiġ annsa TIĠEARNA.


Canuiġ don TIĠEARNA caintic núaḋ: canuiġ don TIĠEARNA, a ṫalaṁ uile.


Canuiḋ don TIĠEARNA caintic nuaḋ; óir do rinne sé neiṫe iongantaċa: do ṫárṫaiḋ a láiṁ ḋeas, agus a ríġ náoṁṫa féin.


¶ Canaiḋ don TIĠEARNA caintic núaḋ, agus a ṁolaḋ ó imiol na talṁan, siḃsi do ṫéid síos ċum na fairge; agus a nuile ní dá ḃfuil innte; na hoiléin, agus a náitreaḃṫaċa.


Oir as amadanaċd don dreim ṫéid a múġa bríaṫar na croiċṫe; aċd ḋúinne atá air ar slanúġaḋ as é cúṁaċda Dé é.


Aċd ní feas don duine nádúrṫa na neiṫe ṫig ó Spiorad Dé: óir as aiṁġliocas ris íad: agus fós ní féidir leis a ḃfios do ḃeiṫ aige, do ḃríġ gur go sbioradalta aiṫeantar iad.


Agus daṁairc mé, agus, féuċ, Uán na ṡeasaṁ ar slíaḃ Sióin, agus céud ceaṫrar agus dá ḟiċid do ṁíltiḃ na ḟoċair, agá raiḃ ainm a Aṫar sgríoḃṫa a gcláruiḃ a néudan.


Agus do ċanadar cainntic Ṁaóise ṡearḃḟoġantuiġ Dé, agus cainntic a Nuáin, ag ráḋ, As mór iongantaċ hoibreaċasa, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ; is coṁṫrom fírinneaċ do ṡliġese, a Rí na ccineáḋaċ.


An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋíḃ; Do ḃéurad don tí ḃeireas buáiḋ ré a iṫe don ṁanna ḟoluiġeaċ, agus do ḃéur ḋó cloċ ġeal, agus ainm núaḋ sgríoḃṫa air an gcloiċ, náċ aiṫniḋ daóin neaċ aċd aṁáin don tí ġlacas í.


Agus do ċanadar cainntic núaḋ, ag ráḋ, As fíu ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ, agus a ṡéuluiḋe dfosglaḋ: do ḃríġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiḋ tú sinne do Ḋía réd ḟuil féin as a nuile ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal, agus ċineaḋ;


Agus do ċúala mé uiḃir na druinge air ar cuireaḋ an séula: agus do séuluiġeaḋ céud agus ceaṫrar ar ḋá ḟiċead dó ṁíltiḃ do ṫreaḃuiḃ ċloinne Israel uile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ