Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 14:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ċúaluiḋ mé gúṫ ó neaṁ, mar ḟuáim iomad uisgeaḋ, agus mar ḟuáim tóirniġ móire: agus do ċúaluiḋ mé fuáim cláirséoraḋ ag déunaṁ ceóil ré na gcláirseaċuiḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ċualas glór ó neaṁ, mar ṫorann uiscí ioṁḋa, agus mar ḟuaim tóirniġe móire: agus an glór do ċualas, do ḃí sé mar ḃéaḋ cláirseoirí ag seinm ceoil ar a gcláirseaċaiḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 14:2
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṡinn Dáiḃi agus tiġ Israel uile a laṫair an ṪIĠEARNA ar gaċ uile aḋḃa ċiúil déanta dfíoḋḃaḋ giuṁuis, eaḋon ar ċlairseaċaiḃ, agus ar ṡaltraċaiḃ, agus ar ṫiompánuiḃ, agus ar ċoirnetiḃ, agus ar ċimbaluiḃ.


Agus ṫangadar go Ierusalem le saltraċaiḃ agus le cláirseaċuiḃ agus lé stocaiḃ go tiġ an TIĠEARNA.


Canaiḋ don TIĠEARNA ré molaḋ; canaiḋ sailm ċum ar Ndé air an gcláirsiġ:


Molaidís ainm air bpíob: air an tábur mbig agus air an gcláirsiġ canaidis salm ḋósan.


Molaiḋ an TIĠEARNA ris an ccláirsiġ: re psaltair re hionstrumeint ḋeiċ ttéud canuiḋ ḋó.


Agus annsin raċa mé go haltóir Dé, go nuige Día luaṫġáir mo ġáirdeaċuis: agus, molfad ṫú ar an ccláirsiġ, ó a Ḋé mo Ḋía.


Músgail súos, ó mo ġlóir; dúisiġe a ṡaltraċa agus a ċláirseaċa: múisgeola mé air maidin.


Air aḋḃa ḋeiċ ttéad, agus air an tsalmċeolaċ; agus air an ccláirsiġ re guṫ árd.


Os cionn ġoṫa na nuisgeaḋ mór núaṫḃusaċ, ós cionn ṁonġair na mara, is úaṫḃasaċ ós áird atá an TIĠEARNA.


Canuiġ ċum an TIĠEARNA ris an ccláirsiġ; ris an gcláirsiġ, agus re guṫ salm.


Agus tárla an treas lá air maidin, go raḃadar tóirneaċa agus tinnteaċa, agus neul tiuġ ar a tslíaḃ, agus guṫ an sduic ro árd; ionnus gur crioṫnuiġeadar a raiḃ do ḋaóiniḃ annsa ċampa.


Agus do ċoncadar an pobal uile na tóirneaċa, agus na tinnteaċa, agus fuáim an sduic, agus an slíaḃ ag deatuġaḋ: agus a nuáir do ċoncadar an pobal é, do aṫruiġeadar, agus do ṡeasadar a ḃfad uáḋ.


Lingfid na cineaḋaċa aṁuil búaiḋreaḋ móráin uisgeaḋ: aċd imḋeargfuiḋ Día íad, agus teiṫfid a ḃfad úaḋ, agus díbeorṫar íad mar lóċán na slíaḃ roiṁe a ngaóiṫ, agus aṁuil líaṫróid roiṁe an ngaoiṫ nguairdéain.


Agus, féuċ, ṫáinic glóir Dé Israel as an tsliġe a noir: agus do ḃí a ḟuáim aṁuil fuáim ṁóráin uisceaḋ: agus do loinnriġ an talaṁ le na ġlóir.


Agus do ċífiġear an TIĠEARNA ós a ccionn, agus raċuiḋ a ṡoiġead amaċ mar aiṫinne teineaḋ: agus séidfiḋ an Tiġearna DIA an stoc, agus imeoċuiḋ le gáoṫaiḃ guáirdeana an túaisceirt.


Gioḋ go laiḃéoruinn ré teangṫuiḃ ḋáóine agus aingeal, agus gan gráḋ ionnam, ní ḃfuilim aċd mar ṗrás ag déunmah fuáime, nó mar ċimbal ag cluigineaċd.


Agus do coiṁéigniġeaḋ mé ris an Spioruid a ló an Tiġearna, agus do ċúaluiḋ mé don táoḃ ṡíar ḋíom gúṫ mór mar ḟuáim sduic,


Agus bá cosṁuil a ċosa ré fionnḃruine, aṁuil ar na ndeargaḋ a nuáiṁ ṫéineaḋ; agus bá cosṁuil a ġúṫ ré fuáim ṁoráin duisgiḋiḃ.


Agus do ċúaladar gúṫ árd ó néaṁ, ag ráḋ ríu, Tigiḋ a níos ann so. Agus do ċúadar súas ar neaṁ a néull; agus do ċonnairc a náiṁde íad.


Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.


Agus do ċonnairc me cosaṁlaċd ḟairrge gloiniḋe ar na cúmasg ré teine: agus an luċd rug buáiḋ ar a nainṁiḋe, agus ar a ioṁáiġ, agus ar a ċóṁarṫa, agus ar úiḃir a anma, na seasaṁ ag an ḃfairrge ġloiniḋe, agus cláirseaċa Dé aca.


Agus ní cluinfiġṫear ionnad ní sa ṁó fuáim cláirséoraḋ, ná luċd ciúil, ná ṗíobaireaḋ, ná ṫrompóireaḋ; agus ní ḃiáiḋ éinḟear ceirde déinċeird air biṫ air faġáil ionnad ní sa ṁó, agus ní cluinfiġṫear ionnad ní sa ṁó fuáim ċloiċṫe muilinn;


Agus ar nglacaḋ an leaḃair ḋó, do leigeadar na ceiṫre beaṫuiġ agus an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise a Nuáin, ar mbeiṫ ċláirseaċ, agus ṡoiṫeaċ nórġa ag gaċ áon díoḃ fó leiṫ lán do ḋeagḃalaiḋiḃ, agár ab íad urnuiġe na náoṁ íad.


Do ċonnairc mé an tan do ḋosguil an Túan an ċéid séula do na séuluiġiḃ, agus do ċúaluiḋ mé beaṫaċ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ ag ráḋ, mar ḟúaim tóirrniġe, Gaḃ a leiṫ agus féuċ.


Agus do ṡéid an céudaingeal a sdoc, agus tárrla cloiċṡneaċda agus teine ann ar na gcumasg ré fuil, agus do teilgeaḋ íad fón dtalaṁ: agus do ḋóiġeaḋ an treas cuid do na crannuiḃ, agus do dóiġeaḋ an féur glas uile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ