Agus do ṫuit cuid eile a dtalaṁ ṁaiṫ, agus an tan do ḟás sé, tug sé toraḋ céadaċ úaḋ. Agus ar na ráḋ so ḋó, do éiġ sé, Giḋ be agá ḃfuilid clúasa ċum éisdeaċda, éisdeaḋ sé.
An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisiḋíḃ; Do ḃéurad don tí ḃeireas buáiḋ ré a iṫe don ṁanna ḟoluiġeaċ, agus do ḃéur ḋó cloċ ġeal, agus ainm núaḋ sgríoḃṫa air an gcloiċ, náċ aiṫniḋ daóin neaċ aċd aṁáin don tí ġlacas í.
An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Spiorad ris na heagluisiḋiḃ; Do ḃéura mé don tí ḃeireas buáiḋ, ní ré a iṫe do ċrann na beaṫa, noċ atá a meaḋón ṗárrṫais Dé.