Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 13:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus bá cosṁuil an tainṁiḋe do ċonnairc mé ré liopard, agus bá cosṁuil a ċosá ré cosuiḃ ṁaṫġaṁuin ṁóir, agus bá cosṁuil a ḃéul ré béul leoṁain: agus tug an dragún a neart féin, agus a ċaṫaóir, agus cúṁaċda móra ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus an t‐ainṁiḋe do ċonnacas, do ḃí sé cosṁail le liobard, agus ḃí a ċosa cosṁail le cosaiḃ maṫġaṁna, agus ḃí a ḃéal cosṁail le béal leoṁain: agus ṫug an dragún a neart, agus a árd‐ċaṫaoir, agus cuṁaċt ṁór dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 13:2
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do iompóiġ seision ar a ais, agus dféuċ orra, agus do ṁalluiġ sé íad a nainm an TIĠEARNA. Agus ṫáinig amaċ ḋá ṁaṫġaṁuin ḃainionna as an ccoill, agus do réubadar días agus dá fiṫċiod leanaṁ ḋíoḃ.


Coiṁéad mé ó ḃéul an leoṁuin: óir do ċúala tú mé ó aḋarcaiḃ na hunicorn.


Teagṁaḋ maṫġaṁuin ar ccaill a cuiléan ré duine, ní is luáiṫe ná amadán iona leiṁe.


Aṁuil ḃíos leoṁan cuṫaiġ, agus maṫġaṁuin luáimneaċ; marsin ḃíos an droċúaċtaran ós cionn na ndaóine mboċt.


Bíaiḋ a núallġul aṁuil leóṁan, nuállfuiḋ sé aṁuil leoṁánniḃ óga: núallfuiḋ fós, agus greamoċuiḋ air an ccreiċ, agus béaruiḋ leis slán é, agus ní ṡáorfuiḋ aóinneaċ é.


An ḃféadann an Tetíopeaċ a ċroicionn do ṁalairt, nó an liopard a ḃreice? marsin féadṫaoise fós maiṫ do ḋéanaṁ, noċ ġnáṫuiġios déanaṁ uilc.


Uimesin muirfiḋ leoṁan as an ḃforaóis íad, agus millfiḋ madraḋ alla an díoṫraiṁ íad, do ḋéana liopard faire ós cionn a ccaiṫreaċ: réubfar na ḃloḋuiḃ a nuile ḋuine raċus amaċ as sin: do ḃríġ gurab iomḋa a ccionta, agus gur lionṁar a ndul ar ais.


Síuḃoluid síad a ndiáiġ an TIĠEARNA: núallfuiḋ sé aṁuil leoṁan: an tan núallfas sé, annsin crioṫnoċuid an ċlann ó níarṫar.


Marso a deir an TIĠEARNA: Mar ḃeanas an taóḋaire as béul an leoṁuin ḋá ċois, no cuid do ċluáis; is marsin beanfuiġear clann Israel amaċ ċoṁnuiḋeas a Samária a ccoirnéul leabṫa, agus an Damascus a ccúil leabṫa.


Aṁuil dá tteiṫeaḋ duine roiṁe leoṁan, agus go tteigeoṁaḋ beṫir air; no go raċaḋ a steaċ annsa tiġ, agus a láṁ do léigion air an mballa, agus aiṫir niṁe do ḃreiṫ air.


Is Iuáiṫe fós a neiċ ná liopaird, agus is buirbe íad ná coin allta an tráṫnóna: agus leaṫnoċuid a marcṡlúaġ íad féin, agus tiucfuid a marcṡlúaġ ó imċéin; eitilfid mar an niolar ḋeiṫfriġeas diṫe bíḋ.


Giḋeaḋ do ṡeas an Tíġearna láiṁ rium, agus do neartuiġ sé mé; ionnus go mbíaḋ seanmóir an tsoisgeil dearḃṫa ṫríomsa, agus do gcluinfedis na Cineaḋaċa uile í: agus do sáoraḋ mé ó ḃéul an leoṁain.


Bíġiḋ measarrġa, déunuiḋ faire; óir atá ḃur naṁuid an díaḃal, mar leoṁan ḃéicfeaċ, ag gaḃáil fá gcuáirt dá ḟéuċain cía ṡluiġfeaḋ sé:


Agus an tan do ċonnairc an dragún gur teilgeaḋ síos ar an dtalaṁ é, do rinne sé gérleanṁuin air an mnaói rug an leanaḃ mic.


Agus do ṫeilg a naiṫir niṁe uisge mar ṡrúṫ as a ḃéul a ndiáiġ na mná, ionnus go dtiuḃraḋ fó deara ḋi imṫeaċd ré fánuiġ ris an tsrúṫ.


Agus do teilgeaḋ amaċ an dragún mór, an tseanaiṫir niṁe, dá ngoirṫear an Díaḃal agus Sátan, an tí ṁeallas an doṁan uile: do teilgeaḋ amaċ é fán dtalaṁ, agus do teilgeaḋ amaċ a aingil maille ris.


Agus do rinne sé gaċ ní dár ḃféidir ris an gcéud ainmiḋe ḋéunaṁ ḋá laṫair, agus tug sé air an dtalaṁ agus air an druing áitreaḃas ann onóir do ṫaḃairt don ċéud áinṁiḋe, agár leiġeasaḋ a ċneaḋ ḃáis.


Agus tugadar onóir don dragún noċ tug cuṁaċda don nainṁiḋe, agus tugadar onóir don ainṁiḋe, ag ráḋ, Cía as cosṁuil ris a nianṁiḋe? Cía ḟéudus cogaḋ ḋéunaṁ ris?


Agus do ḋóirt an cúigeaḋ aingeal a ṡoiṫeaċ ar ċaṫaóir a nainṁiḋe; agus do rinneaḋ a rioġaċd lán dá ḋorċaduis; agus do ċognadar a dteangṫa ré hiomad doilġeasa,


Agus na deiċ naḋárca do ċonnairc tu as deiċ ríġṫe íad, nar ġaḃ ríoġaċd ċuca fós, aċd ġeaḃus cúṁaċda ċuca mar ríoġuiḃ a náonúair ris a nainṁíḋe.


Agus do gaḃaḋ an tainṁiḋe, agus na fáiḋ fallsa maille ris noċ do rinne míorḃuileaḋ na ḟíaḋnuise, léur ṁeall sé an dream do ġaḃ coṁarṫa a nainṁiḋe ċuca, agus tug onóir ḋá ioṁáiġ. Agus do teilgeaḋ íad ar áon beó a loċ teineaḋ ar dearglasaḋ lé ruiḃ.


As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus hionad coṁnuiġe, a náit a ḃfuil ardċaṫáoir Ṡátain: agus coiṁéudann tú mainmse, agus níor ṡéun tú mo ċreideaṁ, sna laeṫiḃ fós ionar marḃaḋ Antipas mfíaḋnuise ḟíre, eadruiḃse, sa nionad na ḃfuil Sátan na ċoṁnuiġe.


Agus rug sé ar an drágún, an seanaṫair niṁe, noċ is Díaḃal agus is Satán ann, agus do ċeanguile sé é míle blíaḋain,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ