Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 13:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus do ṁeall sé an luċd áitreaḃas an talaṁ do ḃríġ na miorḃuileaḋ tugaḋ ḋó ré a ndéunaṁ láṫair a nainṁiḋe; ag ráḋ ris an luċd áitreaḃas an talaṁ, Ioṁáiġ a ḋéunaṁ don náinṁiḋe, air a raiḃ an buille cloiḋiṁ, agus do ḃí béo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus meallann sé luċt áitreaḃa na talṁan leis na miorḃailtiḃ tugaḋ le déanaṁ ḋó i ḃfiaḋnaise an ainṁiḋe, g‐á ráḋ le luċt áitreaḃa na talṁan íoṁáiġ do ḋéanaṁ do’n ainṁiḋe fuair an ġoin ó’n gclaiḋeaṁ, agus do ṁair beo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 13:14
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Isaiah, Glac meall fígeaḋ. Agus do ġlacadar agus do ċuireadar ar an neascóid é, agus do ḃí seision slán.


Féuċ, ar a naḋḃarsin, cruinneoċadsa ṫú a ḃfoċair haiṫreaḋ, agus cruinneoċar ċum húaiġe ṫú go síoṫċanta; agus ní ḟaicfid do ṡúile an lán uilc do ḃéaras mé ar a náitsi. Agus ṫugadar scéula a rís ċum an ríġ.


Agus a duḃarit seision, Raċa mé amaċ, agus biaiḋ mé am spiorad ḃréagaċ a mbéul a ḟáġ uile. Agus a dúḃairt an TIĠEARNA, Broisteoċuiḋ tú é, agus fós éireoċuiḋ leaċd: éiriġ amaċ, agus déana mar sin.


Agus aigesion atá an neart agus an gliocus: is leis an té mealltar agus an té ṁeallas.


Ann sin do ġoir Ṗárao mar an gcéadna na dáoine glíoca, agus na bpiséogáiḃ: a nois dráoiṫe na Hégipte, do rinneadursan fós ar an moḋ céadna le na ndroiġeaċduiḃ.


Bíaṫuiḋ sé ar lúaiṫ, dfill croiḋe meallta do leaṫtaoiḃ é, go naċ ḃféadann sé anam do ṡáoraḋ, nó a ráḋ, Naċ ḃfuil bréag am láiṁ ḋeis.


Agus má ḃíonn an fáiġ meallta an tan laiḃeora sé an ní, is misi an TIĠEARNA do ṁeall an fáiġ sin, agus sínfe mé mo láṁ amaċ air, agus scriosfa mé é as lár mo ṗobail Israel.


Do ġlac tú fós do ṡeóid ḃreáġa dom órsa agus dom airgiod, noċ ṫug mé ḋuit, agus do rinne tú ḋuit íoṁáiġe daóine, agus do rinne tú stríopaċus ríu,


Mar sin do ċuáiḋ mé a steaċ agus dféuċ mé; agus do ċonnáirc mé cuma gaċ uile neiṫe ṡnáiḋios, agus ḃeaṫaċ naḋḟuaṫṁar, agus uile ioḋail ṫiġe Israel, ar na ttarruing air an mballa timċioll fá ccuáirt.


Agus do ḋéana an ríġ dó réir a ṫola féin; agus áirdeoċuiḋ sé é féin, agus méideoċuiḋ sé é féin ós cionn gaċ uile ḋée, agus laiḃeoruiḋ sé neiṫe iongantaċa a naġaiḋ Dé na ndía, agus béaruiḋ sé buáiḋ nó go ccríoċnuiġṫior an nfearg: do ḃríġ gur bé an ní do cinneaḋ do ḋéantar.


An náṁuid do áirduiġeas é féin ós cionn gaċ neiṫe dá ngoirṫear Día, nó do niṫear onóruiġeaḋ; ionnas go súiġfe sé mar Ḋía a dteampoll Dé, ḋá ċur a gcéill gur Día é féin.


Agus do teilgeaḋ amaċ an dragún mór, an tseanaiṫir niṁe, dá ngoirṫear an Díaḃal agus Sátan, an tí ṁeallas an doṁan uile: do teilgeaḋ amaċ é fán dtalaṁ, agus do teilgeaḋ amaċ a aingil maille ris.


Agus do ṡeas mé air ġaineaṁ na mara, agus do ċonnairc mé ainṁiḋe ag éiriġe as an ḃfairrge, air a raḃadar seaċd gcinn agus deiċ naḋárca, agus deiċ gcorónaċa ar a aḋárcuiḃ, agus ainm blaisṗéime air a ċeannuiḃ.


Agus tugaḋ cúṁaċda ḋó, sbíorad do ṫaḃairt díoṁáiġ a náinṁiḋe, ionnus go laiḃéoraḋ ioṁáiġ a nainṁiḋe, agus go dtiuḃraḋ fó deara an ṁéidnaċ dtiuḃraḋ onóir díoṁaiġ a nainṁiḋe, do ṁarḃaḋ.


Uime sin do ḃéuruiḋ na huile ḋaóine áitreaḃas an talaṁ onóir ḋó, an luċd naċ ḃfuilid a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar ḃeaṫa a Nuáin do marḃaḋ ó ṫosaċ an doṁain.


Agus biáiḋ deataċ a bpeannuiḋe ag éiriġe súas go sáoġal na sáoġal: agus ní ḃiáiḋ suáiṁneas do ló agus doiḋċe, ag an drong do ḃeir onóir don nainṁíḋe agus dá ioṁáiġ, ná ag an tí ġaḃus ċuige coṁarṫa a anmasan.


Agus do lean an treas aingeal íad, ag ráḋ do ġúṫ árd, Má ḃeir éinneaċ onóir don nainṁiḋe agus dá íoṁáiġ, agus go ngéuḃa ċuige a ċoṁarṫa a gclár á éudain, nó ann a láiṁ,


Agus do ċonnairc me cosaṁlaċd ḟairrge gloiniḋe ar na cúmasg ré teine: agus an luċd rug buáiḋ ar a nainṁiḋe, agus ar a ioṁáiġ, agus ar a ċóṁarṫa, agus ar úiḃir a anma, na seasaṁ ag an ḃfairrge ġloiniḋe, agus cláirseaċa Dé aca.


Agus do ċonnairc mé trí spiorada néaṁġlana bá cosṁuil ré cnadáin ag teaċd amaċ as béul an dragúin, agus as béul a nainṁiḋe, agus as béul an ḟáiḋ ḟallsa.


Agus do imṫiġ an ċéudaingeal roiṁe, agus do ḋóirt sé a ṡoiṫeaċ ar an dtalaṁ; agus do éiriḋ droċ neasgóid niṁneaċ don druing ar a raiḃ cóṁarṫa a nainṁiḋe, agus don luċd do onóruiġ a ioṁáiġ.


Agus ní ṡoillséoċuiġ solas coinnle ní sa ṁó ionnad; agus ní cluinfiġṫear gúṫ fir ná mná nuáḋṗósda ní sa ṁó ionnad: óir bá híad do ċeannuiġṫe daóine móra na talṁan; agus is réd ṗiséoguiḃ do meallaḋ na huile ċineaḋaċa.


Agus do gaḃaḋ an tainṁiḋe, agus na fáiḋ fallsa maille ris noċ do rinne míorḃuileaḋ na ḟíaḋnuise, léur ṁeall sé an dream do ġaḃ coṁarṫa a nainṁiḋe ċuca, agus tug onóir ḋá ioṁáiġ. Agus do teilgeaḋ íad ar áon beó a loċ teineaḋ ar dearglasaḋ lé ruiḃ.


Ná bíoḋ eagla éinneiṫe ḋá ḃfuileónguiḋ tú ort: féuċ, teigeuṁuiḋ go dteilgfe an díaḃal cuid aguiḃ a bpríosún, ċum ḃur ndearḃṫa; agus biáiḋ siḃ dá ḃur mbuáiḋreaḋ deiċ lá: bí díleas go bás, agus do ḃéursa ḋuit coróin na beaṫa.


Agus do teilgeaḋ an díaḃal do ṁeall íad a loċ teineaḋ agus ruiḃe, mar a ḃfuil an beaṫaċ agus an fáiḋ fallsa, agus béid síad dá bpianaḋ do ló agus doiḋċe go sáoġal na sáoġal.


Do ḃríġ gur ċoiṁéid tú briaṫar mfoiġidesi, do ḋéunsa ṫusa ċoiṁéud ar aimsir an ċaṫuige, noċ atá ċum teaċda ar a tsáoġal uile, ċum dearḃṫa na druinge áitiġeas an talaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ