Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 13:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus do rinne sé miorḃuile móra, ionnus go dtug sé fó deara teine ṫeaċd a núas ó neaṁ ċum na talṁan a ḃfíaḋnuise na ndaóineaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus ġníonn sé míorḃailtí móra, ċum teine féin do ṫarraing anuas ó neaṁ ar an talaṁ i ḃfiaḋnaise na ndaoine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 13:13
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ann sin do ṫuit teine an TIĠEARNA, agus do ḋóiṫ sí an nofráil loisge, agus an cunnaḋ, agus na cloċa, agus an luaiṫreaḋ, agus do liġ súas an tuisge do ḃí san treinse.


Agus do rinneadar dráoiṫe na Hégipte sin lé na ndroiġeaċduiḃ; agus do cruáiḋeaḋ croiḋe Ṗárao, agus níor uṁluiġ sé ḋóiḃ; fá mar a duḃairt an TIĠEARNA.


Agus do rinneadar na dráoiṫe sin le na ndroiġeaċd, agus tugadar cnadáin súas ar talaṁ na Hégipte.


Agus níor ḟéadadur na dráoiṫe seasaṁ a laṫair Ṁaoise do ḃríġ nam bolguiḋe; óir do ḃí an ḃolgaċ ar na dráoiṫiḃ, agus ar na Hégiptiḃ uile.


Agus táinic teine a maċ on TTIĠEARNA, agus do loisc an dá ċéad agus an cáogad do ofráíl an túis.


Agus ag teaċd do na Ṗarisineaċaiḃ agus do na Sadduiċíneaċuiḃ, a cur caṫuiġṫe air do iárradar air coṁarṫa do ṫaisbéanaḋ ó neaṁ ḋóiḃ.


Oír eiréoċuiḋ Críosdanna fallsa, agus fáiḋ fallsa, agus do ḋeánuid coṁarṫuiḋe agus miorḃuile móra; ionnas go meallfuid síad (da maḋ éidir é) na dáoine toġṫa féin.


Oír éiréoċuid Críosdanna fallsa agus faiḋe fallsa, agus do ḋéunuid coṁarṫuiḋe agus míorṁuile, do ṁeallaḋ, na ndáoine toġṫa féin, dá maḋ éidir é.


Agus do réir mar do ċuir Iannes agus Iambres a naġuiḋ Ṁaóisi, as mar an gcéudna ċuirid an dreamsa a naġuiḋ na firinne: luċ inntinne truáilliġe, mearuiġe a dtáoḃ am ċreidiṁ.


Agus cía bé lér mían doċar do ḋéunaṁ ḋóiḃ, tig teine amaċ as a mbéul, agus sluigiḋ sí a naiṁde: agus cía bé lér mían doċar do ḋéunaṁ ḋóiḃ, as aṁluiḋ so ás éigean a ṁarḃaḋ,


Oir is spiorada deaṁan íad, ḃíos ag déunaṁ cóṁarṫaḋ, agus ṫéid amaċ go ríoġuiḃ na talṁan agus an doṁuin uile, ċum a gcóṁċruinniġe a gceann ċaṫa láe ṁóir Ḋé Uileċúṁaċduiġ.


Agus do gaḃaḋ an tainṁiḋe, agus na fáiḋ fallsa maille ris noċ do rinne míorḃuileaḋ na ḟíaḋnuise, léur ṁeall sé an dream do ġaḃ coṁarṫa a nainṁiḋe ċuca, agus tug onóir ḋá ioṁáiġ. Agus do teilgeaḋ íad ar áon beó a loċ teineaḋ ar dearglasaḋ lé ruiḃ.


Agus do ċúadar súas ar leiṫead na talṁan, agus do ṫimċiolladar campa na náoṁ, agus an ċaiṫair ionṁuin: agus táinic teine a núas ó neaṁ ó Ḋía, agus do ṡluig sí íad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ