Taisbeunaḋ 13:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)12 Agus do rinne sé gaċ ní dár ḃféidir ris an gcéud ainmiḋe ḋéunaṁ ḋá laṫair, agus tug sé air an dtalaṁ agus air an druing áitreaḃas ann onóir do ṫaḃairt don ċéud áinṁiḋe, agár leiġeasaḋ a ċneaḋ ḃáis. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)12 Agus oibriġeann sé smaċt an ċéad ainṁiḋe ’n‐a ḟiaḋnaise, agus cuireann sé d’ḟiaċaiḃ ar a ḃfuil ar talaṁ ’n‐a gcóṁnaiḋe ann aḋraḋ do ṫaḃairt do’n ċéad ainṁiḋe go raiḃ a ġoin ḃáis leiġeasta. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
An tainṁiḋe do ċonnairc tú do ḃí sé ann, agus ní ḃfuil; agus eiréoċuiḋ sé a níos as an bpoll duḃaigéin, agus do ġeuḃuiḋ a sgrios: agus buḋ hiongnaḋ ris an luċd áitreaḃas an talaṁ, (ag naċ ḃfuil a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar na beaṫa o ṫus an doṁain,) an tan do ċífid an tainṁiḋe do ḃí ann, agus naċ bḟuil, agus fós atá.
Agus do ċonnairc mé cáṫaóireaċa, agus do ṡuiġeadar dream ionnta, agus do tugaḋ breiṫeaṁnus dóiḃ: agus do ċonnairc mé anmanna na druinge do díċeannaḋ ar son ḟiaḋnuise Iosa, agus ar son ḃreiṫre Dé, agus naċ dtug onóir don nainṁiḋe, ná ḋá ioṁáiġ, agus nár ġaḃ a ċoṁarṫa ċuca a gcláruiḃ a néudan, ná na láiṁ; agus mairfid agus béid na ríoġuiḃ a ḃfoċair Ċríosd míle blíaḋuin.