Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 13:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus do ṡeas mé air ġaineaṁ na mara, agus do ċonnairc mé ainṁiḋe ag éiriġe as an ḃfairrge, air a raḃadar seaċd gcinn agus deiċ naḋárca, agus deiċ gcorónaċa ar a aḋárcuiḃ, agus ainm blaisṗéime air a ċeannuiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ṡeasuiġ sé ar ġaineaṁ na mara. Agus do ċonnacas ainṁiḋe ag teaċt aníos as an ḃfairrge, deiċ n‐aḋarca aige agus seaċt gcinn, agus deiċ gcoróineaċa ar a aḋarcaiḃ, agus ainmneaċa dia‐ṁaslaiḋ ar a ċeannaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 13:1
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Naċ ḃfuil eagla oruiḃ roṁamsa? a deir an TIĠEARNA: naċ ccrioṫnoċuiḋe am laṫairsi, noċ do áitreiḃ an gaineaṁ mar ṫéoruinn do nfairge maille ré hórduġaḋ síoṫḃúan, naċ féidir lé ḋul ṫairis: agus mátá go tiomáinfid a tonna íad féin, giḋeaḋ ní ḃéaruid buáiḋ; mátá go ttonnġáirfid, aċt ċeana ní raċuid ṫairis?


Agus do ḋéana an ríġ dó réir a ṫola féin; agus áirdeoċuiḋ sé é féin, agus méideoċuiḋ sé é féin ós cionn gaċ uile ḋée, agus laiḃeoruiḋ sé neiṫe iongantaċa a naġaiḋ Dé na ndía, agus béaruiḋ sé buáiḋ nó go ccríoċnuiġṫior an nfearg: do ḃríġ gur bé an ní do cinneaḋ do ḋéantar.


Agus aṁuil do ċonnairc tú na cosa agus na méir, cuid do ċriáiḋ an ṗotadóra, agus cuid díarann, roinnfiġior an rioġaċd; aċd biáiḋ inte do neart a níaruinn, an tionad iona ḃfaca tú an tíarann camaisce lé criáiḋ ṡuáite.


Agus an tan ċrioċnóċuid síad a ḃfíaḋnuise, do ḋéunuiḋ an tainṁiḋe éirġeas ón bpoll duḃaigéin cogaḋ ríu, agus béuruiḋ sé buáiḋ orrṫa, agus muirfiḋ sé íad.


Agus do taiḋḃreaḋ coṁarṫa iongantaċ eile ar neaṁ: agus féuċ dragún mór rúaḋ, air a raḃadar seaċd gcinn, agus deiċ naḋarca, agus seaċd gcorónaċa ar a ċeannuiḃ.


Agus do ċonnairc mé ainṁiḋe eile ag éirġe as an dtalaṁ; air a raḃadar ḋá aḋáirc cosṁuil ré haḋárcuiḃ uáin, aċd do laḃraḋ se mar ḋragún.


Agus do ṁeall sé an luċd áitreaḃas an talaṁ do ḃríġ na miorḃuileaḋ tugaḋ ḋó ré a ndéunaṁ láṫair a nainṁiḋe; ag ráḋ ris an luċd áitreaḃas an talaṁ, Ioṁáiġ a ḋéunaṁ don náinṁiḋe, air a raiḃ an buille cloiḋiṁ, agus do ḃí béo.


Agus tugaḋ cúṁaċda ḋó, sbíorad do ṫaḃairt díoṁáiġ a náinṁiḋe, ionnus go laiḃéoraḋ ioṁáiġ a nainṁiḋe, agus go dtiuḃraḋ fó deara an ṁéidnaċ dtiuḃraḋ onóir díoṁaiġ a nainṁiḋe, do ṁarḃaḋ.


Agus do ċonnairc me cosaṁlaċd ḟairrge gloiniḋe ar na cúmasg ré teine: agus an luċd rug buáiḋ ar a nainṁiḋe, agus ar a ioṁáiġ, agus ar a ċóṁarṫa, agus ar úiḃir a anma, na seasaṁ ag an ḃfairrge ġloiniḋe, agus cláirseaċa Dé aca.


Agus do ċonnairc mé trí spiorada néaṁġlana bá cosṁuil ré cnadáin ag teaċd amaċ as béul an dragúin, agus as béul a nainṁiḋe, agus as béul an ḟáiḋ ḟallsa.


Agus na deiċ naḋárca do ċonnairc tú air a nainṁíḋe, biáiḋ fúaṫ aca don ṁeirrdriġ, agus fúigfid fásuiġe noċduiġe í, agus íosuid a feóil, agus loisgfid re teine í.


Agus rug sé ris mé fán ḃfásaċ trés an spioruid: agus do ċonnairc mé bean na sniḋe ar ainṁiḋe air ḋáṫ na sgárrlaóide, lán danmannuiḃ blaísṗéimiġe, ar a raḃadar seaċd gcinn agus deiċ naḋárca.


Agus ainm sgríoḃṫa aglár a héudúin, RUINDIAṀAIR, AN ḂABILON ṀOR, MAṪAIR SDRIOPAĊAIS AGUS ĠRAINEAṀLAĊDA NA TALṀAN.


Agus do ċonnairc mé an tainṁiḋe, agus riġṫe na talṁan, agus a slóiġ, ar na gcruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile ċum coguiḋ ḋéunaṁ ris an tí do ḃí ar muin a neiċ, agus ré na ṡlúaġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ