Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 12:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus do ṫarruing a earball an treas cuid do réultuiḃ niṁe, agus do ṫeilg íad ċum na talṁan: agus do ṡeas an dragún a ḃfiaḋnuisi na mná do ḃí ré haḋuiġ a toirrċeasa de ḃreiṫ, ċum a leinḃ do ṡlugaḋ ḋó ar na ḃreiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do ṫarraing a earball an treas cuid de réaltanaiḃ na spéire ’n‐a ḋiaiḋ, agus do ṫeilg sé ċum na talṁan iad: agus do ṡeasuiġ an dragún os cóṁair na mná do ḃí ar tí an leanḃ do ḃreiṫ, ċum go sluigfeaḋ sé an leanḃ ċóṁ luaṫ agus béarfaí é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 12:4
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt sé, A nuáir do ḃeiṫí ag deanaṁ oifige mná tuismiġe do na mnáiḃ Eaḃruiḋeaċ, agus do ċifí íar ttuismeaḋ íad; más mac ḃías ann, marḃuiḋ é; aċ mas inġean ḃías ann, biáiḋ sí beó.


Annsa ló sin smaiċdeoċuiḋ an TIĠEARNA le na ċloiḋeaṁ géur agus mór agus láidir leḃiatan an naiṫir niṁe ṫolltaċ, eaḋon leḃiatan a naiṫir niṁe ċam; agus muirfiḋ sé an dragún atá annsa ḃfairge.


As é an díaḃal as aṫair ḋáoiḃ, agus as íad míana ḃur naṫair as toil liḃsi ḋéunaṁ. Do ḃi seision na ḟear dúnṁarḃṫa ó ṫus, agus níor ċoṁnuiḋ se sa ḃfírinne, óir ní ḃfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úaḋ féin laḃrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as aṫair don bréig.


Bíġiḋ measarrġa, déunuiḋ faire; óir atá ḃur naṁuid an díaḃal, mar leoṁan ḃéicfeaċ, ag gaḃáil fá gcuáirt dá ḟéuċain cía ṡluiġfeaḋ sé:


Agus do ḃí cáṫ ar neaṁ: do ċáṫuiġ Miċéul agus a aingil ris an dragún; agus do ċáṫuiġ an dragún agus a aingil riusún,


Agus do teilgeaḋ amaċ an dragún mór, an tseanaiṫir niṁe, dá ngoirṫear an Díaḃal agus Sátan, an tí ṁeallas an doṁan uile: do teilgeaḋ amaċ é fán dtalaṁ, agus do teilgeaḋ amaċ a aingil maille ris.


Agus bá cosṁuil an tainṁiḋe do ċonnairc mé ré liopard, agus bá cosṁuil a ċosá ré cosuiḃ ṁaṫġaṁuin ṁóir, agus bá cosṁuil a ḃéul ré béul leoṁain: agus tug an dragún a neart féin, agus a ċaṫaóir, agus cúṁaċda móra ḋó.


Agus tugadar onóir don dragún noċ tug cuṁaċda don nainṁiḋe, agus tugadar onóir don ainṁiḋe, ag ráḋ, Cía as cosṁuil ris a nianṁiḋe? Cía ḟéudus cogaḋ ḋéunaṁ ris?


Agus do ċonnairc mé trí spiorada néaṁġlana bá cosṁuil ré cnadáin ag teaċd amaċ as béul an dragúin, agus as béul a nainṁiḋe, agus as béul an ḟáiḋ ḟallsa.


Agus an bean do ċonnairc tú a sí an ċaṫair ṁór í, agá ḃfuil ríoġaċd ós ríoġuiḃ na talṁan.


Agus rug sé ar an drágún, an seanaṫair niṁe, noċ is Díaḃal agus is Satán ann, agus do ċeanguile sé é míle blíaḋain,


Agus do ṡéid an treas aingeal a sdoc, agus do ṫuit réult ṁór ó néaṁ, ar dearglasaḋ mar lóċrann ṡolasda, agus do ṫuit sé sa treas cuid do na haiḃniḃ, agus sna tiubruidiḃ duisge;


Agus a sé ainm ġoirṫear don réult sin Mormónta: agus do hiompoiġeaḋ an treas cuid do na huisgiḋiḃ a mormónta; agus fúaradar morán bás ó ná huisgiḋiḃ, tré go raḃadar searḃ.


Agus do ṡéid an ceaṫraṁaḋ aingeal a sdoc, agus do buáileaḋ an treas cuid don ġréin, agus an treas cuid don ġealuiḋ, agus an treas cuid do na réultuiḃ; ionnus go ndearnaḋ an treas cuid dioḃ dorċa, agus níor ḋeallruiġ an lá an treas cuid de, agus a noiḋċe mar an gcéudna.


Agus do ṡéid an céudaingeal a sdoc, agus tárrla cloiċṡneaċda agus teine ann ar na gcumasg ré fuil, agus do teilgeaḋ íad fón dtalaṁ: agus do ḋóiġeaḋ an treas cuid do na crannuiḃ, agus do dóiġeaḋ an féur glas uile.


Agus do ṡéid an dara haingeal a sdoc agus do teilgeaḋ cosaṁlaċd sléiḃe móir tré ṫeiniḋ fan ḃfairrge: agus do rinneaḋ fuil don treas cuid don ḟairrge;


Agus fuáir an treas an cuid do na creatúiriḃ do ḃí sa ḃfairrge, ann a raiḃ anam, bás; agus do haiḋṁilleaḋ an treas cuid do na longuiḃ.


Agus do ḃádar earbuil orrṫa cosṁuil ré haiṫréaċuíḃ niṁe, agus do ḃí cailg ann a nearbluíḃ: agus a sé bá cúṁaċda ḋóiḃ ḃeiṫ ag gortuġaḋ ḋáoineaḋ feaḋ ċúig míos.


Oír is ann a mbéul atá a gcúṁaċda, agus ann a nearbluiḃ: oír is cosṁuil a nearbuill ré haiṫreaċuiḃ níṁe, agus atáid cinn ar na hearbluiḃsin, ré a ndéunuid dóċar.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ