Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 12:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus do taiḋḃreaḋ coṁarṫa iongantaċ eile ar neaṁ: agus féuċ dragún mór rúaḋ, air a raḃadar seaċd gcinn, agus deiċ naḋarca, agus seaċd gcorónaċa ar a ċeannuiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do noċtaḋ cóṁarṫa eile san spéir; agus féaċ, dragún mór dearg, go raiḃ seaċt gcloigne agus deiċ n‐aḋarca aige, agus do ḃí seaċt gcoróineaċa ar na cloigniḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 12:3
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsa ló sin smaiċdeoċuiḋ an TIĠEARNA le na ċloiḋeaṁ géur agus mór agus láidir leḃiatan an naiṫir niṁe ṫolltaċ, eaḋon leḃiatan a naiṫir niṁe ċam; agus muirfiḋ sé an dragún atá annsa ḃfairge.


Músgáil, músgáil, cuir neart ionnad, a ríġ an TIĠEARNA; músgail, aṁuil annsna seanláeṫiḃ, annsna ginealaċaiḃ áosda. Naċ tusa sin do ġéarr Rahab, agus do loit an dragún?


Isé an sinnsior agus an tonóraċ, an ceann; agus an fáiḋ ṁúineas bréuga, an tearball.


Agus aṁuil do ċonnairc tú na cosa agus na méir, cuid do ċriáiḋ an ṗotadóra, agus cuid díarann, roinnfiġior an rioġaċd; aċd biáiḋ inte do neart a níaruinn, an tionad iona ḃfaca tú an tíarann camaisce lé criáiḋ ṡuáite.


Agus mar do ḃádar méir na ccos cuid díarann, agus cuid do ċriáiḋ, marsin ḃías an rioġaċd biáiḋ cuid ḋi láidir, agus cuid briste.


Agus na ndeiċ naḋarc do ḃí ar a ċeann, agus a naóin oile ṫáinic súas, agus roiṁe ar ṫuitiodar tríur, eáḋon na haḋairce agá raḃadar súile, agus béul do laḃair neiṫe ro ṁóra, a raiḃ a ḟéuċuin niosa ró árrṫaċda náid a ċompanuiġ.


Agus is deiċ ríġṫe na deiċ náḋarca éireoċus as an rioġaċd so: agus éireoċuiḋ ríġ oile na ndiaiġ; agus buḋ éaccosṁuil ón ċéid ríġ é, agus claóiḋfiḋ sé trí ríġṫe.


Agus do taiḋḃreaḋ cóṁarṫa mór iongantaċ ar neaṁ; bean ar na héuduġaḋ ris an ngréin, agus an ġealaċ fá na cosuiḃ, agus coróin ḋá réult deug air a ceann:


Agus an tan do ċonnairc an dragún gur teilgeaḋ síos ar an dtalaṁ é, do rinne sé gérleanṁuin air an mnaói rug an leanaḃ mic.


Agus do ġáḃ fearg an dragún ris an mnaói, agus do imṫiġ sé do ḋéunaṁ coguiḋ ris an gcuid eile dá síol, ċoiṁéudas aiṫeanta Dé, agus aga ḃfuil fíaḋnuise Iósa Críosd.


Agus do ṫarruing a earball an treas cuid do réultuiḃ niṁe, agus do ṫeilg íad ċum na talṁan: agus do ṡeas an dragún a ḃfiaḋnuisi na mná do ḃí ré haḋuiġ a toirrċeasa de ḃreiṫ, ċum a leinḃ do ṡlugaḋ ḋó ar na ḃreiṫ.


Agus do ḃí cáṫ ar neaṁ: do ċáṫuiġ Miċéul agus a aingil ris an dragún; agus do ċáṫuiġ an dragún agus a aingil riusún,


Agus do teilgeaḋ amaċ an dragún mór, an tseanaiṫir niṁe, dá ngoirṫear an Díaḃal agus Sátan, an tí ṁeallas an doṁan uile: do teilgeaḋ amaċ é fán dtalaṁ, agus do teilgeaḋ amaċ a aingil maille ris.


Agus do ṡeas mé air ġaineaṁ na mara, agus do ċonnairc mé ainṁiḋe ag éiriġe as an ḃfairrge, air a raḃadar seaċd gcinn agus deiċ naḋárca, agus deiċ gcorónaċa ar a aḋárcuiḃ, agus ainm blaisṗéime air a ċeannuiḃ.


Agus bá cosṁuil an tainṁiḋe do ċonnairc mé ré liopard, agus bá cosṁuil a ċosá ré cosuiḃ ṁaṫġaṁuin ṁóir, agus bá cosṁuil a ḃéul ré béul leoṁain: agus tug an dragún a neart féin, agus a ċaṫaóir, agus cúṁaċda móra ḋó.


Agus tugadar onóir don dragún noċ tug cuṁaċda don nainṁiḋe, agus tugadar onóir don ainṁiḋe, ag ráḋ, Cía as cosṁuil ris a nianṁiḋe? Cía ḟéudus cogaḋ ḋéunaṁ ris?


Do ċonnairc mé na ḋiáiġ sin cóṁarṫa mór iongantaċ eile ar neaṁ, seaċd naingil agá raḃádar na seaċd bpláġa deiġeanaċa; óir is ríu sin do coiṁlíonaḋ fearg Dé.


Agus do ċonnairc mé trí spiorada néaṁġlana bá cosṁuil ré cnadáin ag teaċd amaċ as béul an dragúin, agus as béul a nainṁiḋe, agus as béul an ḟáiḋ ḟallsa.


Agus na deiċ naḋárca do ċonnairc tu as deiċ ríġṫe íad, nar ġaḃ ríoġaċd ċuca fós, aċd ġeaḃus cúṁaċda ċuca mar ríoġuiḃ a náonúair ris a nainṁíḋe.


Agus na deiċ naḋárca do ċonnairc tú air a nainṁíḋe, biáiḋ fúaṫ aca don ṁeirrdriġ, agus fúigfid fásuiġe noċduiġe í, agus íosuid a feóil, agus loisgfid re teine í.


Agus a dúḃairt an taingeal riom, Cred fá ngaḃann iongaḋ ṫú? foillséoċadsa ḋuit rúindíaṁair na mná, agus a nainṁiḋe iomċras í, ar a ḃfuil seaċd gcinn, agus deiċ naḋarca.


Agus bá cosṁail a ṡúile ré lasair ṫeineaḋ, agus do ḃádar mórán coróineaċ ar a ċeann; agus do ḃí ainm sgríoḃṫa aige, nár baiṫne daóineaċ aċd dó féin.


Agus rug sé ar an drágún, an seanaṫair niṁe, noċ is Díaḃal agus is Satán ann, agus do ċeanguile sé é míle blíaḋain,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ