Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 12:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Uime sin a ḟlaiṫeaṁnasa, bíoḋ gairdeaċas oruiḃ, agus oruiḃse a luċd áitreaḃas ionnta. As mairg do aitréiḃuiġ an talaṁ agus do nfairrge! Óir táinic an díaḃal a nsúas ċúguiḃ, lán do ċúṫaċ feirge, ar mbeiṫ a ḟeasa aige gur ab aiṫġearr a aimsir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Déanaiḋ gáirdeaċas d’á ḃriġ sin, a ḟlaiṫeasa, agus siḃ‐se ċóṁnuiġeas ionnta. Is mairg do’n talaṁ agus do’n ḟairrge: óir atá an diaḃal imṫiġṫe síos ċugaiḃ, agus fearg ṁór air, agus a ḟios aige naċ ḃfuil aċt tamall beag i ndán dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 12:12
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Canuiḋ, a neaṁa; óir do rinne an ṪIĠEARNA é: gáiriḋ, a ċodċa íoċtaraċa na talṁan: brisiġ amaċ a cceol, a ṡléiḃte, a ḟoraóis, agus gaċ crann ionnad: óir dfúasgail an TIĠEARNA Iácob, agus do ġlóruiḋ sé é féin a Nísrael.


¶ Canuiḋ, a ḟlaiṫeasa; agus bí súgaċ, a ṫalaiṁ; agus a ṡléiḃte, brisiḋ amaċ a ccéoil: óir do ċoḃruiġ an TIĠEARNA a ṗobal, do ḋéana sé grása air a ṫrúaġaiḃ.


Mar an gcéadna, a deirim riḃ, Bí gáirdeaċas ar aingliḃ Dé trí éin ṗeacṫaċ aṁáin do ní aiṫriġe.


Glóir do Ḋía ann sna hárduiḃ, agus síoḋċáin ar an dtalaṁ, deaġṫoil do na dáoiniḃ.


Oír sealad ro ḃeag go fóill, tiucfaiḋ an ti atá ċum teaċda, agus ní ḋéuna sé muill.


Agus, a ċaired, ná bioḋ an táoin níse na ainḃfios oruiḃ, go ḃfuil éunlá aṁáin ag an Dtíġearna mar ṁíle bliaḋan, agus mile blíaḋain mar eunlá aṁáin.


Agus tug sé an tí ṁaireas go sáoġal na sáoġal, noċ do ċrúṫuiġ neaṁ, agus na neiṫe atá ann, agus an talaṁ, agus na neiṫe atá ann, agus a nfairrge, agus na neiṫe atá innte, mar ṁionnuiḃ, naċ bíaḋ aimsir ann feasda:


Agus do ḋéunuid áitreaḃuiḋ na talṁan gáirdeaċas ós a gcionn, agus biáiḋ lúaṫġáir orrṫa, agus cuirfid taḃartuis ċum a ċéile; do ḃríġ gur ṗíanadar an dá ḟáiġse áitreaḃuiġ na talṁan.


Do ċuáiḋ an dara truáiġe ṫoruinn, agus, féuċ, tiucfuiḋ an treas truáiġe go háiṫġearr.


Agus do teilgeaḋ amaċ an dragún mór, an tseanaiṫir niṁe, dá ngoirṫear an Díaḃal agus Sátan, an tí ṁeallas an doṁan uile: do teilgeaḋ amaċ é fán dtalaṁ, agus do teilgeaḋ amaċ a aingil maille ris.


Agus do ḟosguil sé a ḃéul ċum Dé ṁasluġaḋ; ċum a anma ṁasluġaḋ, agus a ṫabernacail, agus na druinge áireaḃas air neaṁ.


O a ḟlaiṫeaṁnuis, bíoḋ gairdearċas ort dá táoḃ, agus oruiḃse a apsdala agus a ḟáiḋe náoṁṫa; óir do riune Día dioġaltus uirrṫe ar ḃur sonsa.


Agus do ċonnairc mé, agus do ċúaluiḋ mé aingeal ná áonar ag eitealluiḋ a meaḋón neiṁe, ag ráḋ do ġúṫ árd, As mairg, mairg, mairg, don druing áitiġeas an talaṁ ar son ġóṫann sdoc na dtrí naingeal atá fós ċum teaċda, ar tí a sdoc do ṡéideaḋ!


Do ċuáiḋ áon truáiġe aṁáin ṫoruinn; agus, féuċ, atá ḋá ṫruáiġe fós ċum teaċda na ḋiáiġ so.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ