Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 12:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus do ċúala mé gúṫ mór ar neaṁ, ag ráḋ, A nois atá slánuġaḋ, agus neart, agus ríoġaċd ar Ndéine, agus cuṁaċda a Ċríosdsan: óir do téilgeaḋ síos fear éiliġṫe ar ndearḃraiṫreaċ, noċ do ḃí ḋá néiliuġaḋ do ló agus doiḋċe a ḃfíaḋnuise ar Ndé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus do ċualas glór árd ar neaṁ, g‐á ráḋ, Anois atá slánuġaḋ, agus cuṁaċt, agus ríoġaċt ár nDé, agus cuṁaċt a Ċríost tagṫa: óir atá éiliġṫeoir ár mbráṫar teilgṫe síos, an té do ḃí g‐á n‐éiliú i ḃfiaḋnaise ár nDé de ló agus d’oiḋċe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 12:10
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

As leatsa, a ṪIĠEARNA, an ṁórḋaċd, agus na cuṁaċda, agus an ġlóir, agus an ḃuáiḋ, agus an ríoġaṁlaċd: óir is leaċd a nuile ní da ḃfuil ar neaṁ agus air talaṁ; as leaċd an rioġaċd, a ṪIĠEARNA, agus atá tú ar hárduġaḋ mar ċeann ós cionn a nuile ní.


Aċt a nois sín do láṁ, agus leag í ar a ḃfuil aige, agus mailleoċuiḋ sé ṫú ad aġaiḋ.


Annsin do ḟreagair Sátan don TIĠEARNA, agus a duḃairt, An gan aḋḃar atá eagla Dé air Iób?


Aċt cuirse amaċ do láṁ anois, agus bain re na ċnáiṁ agus re na ḟeoil, agus mailleoċaiḋ sé ṫú ad aġaiḋ.


Oír is leis an TTIĠEARNA an rioġaċt: agus isé is úaċdarán a measc na ccineaḋaċ.


Atá do ċaṫaóir ríoġa, a Ḋé, go sáoġal na sáoġal: colḃa fíréuntaċda iseaḋ is colḃa dot ríoġaċd.


Agus a láeṫiḃ na ríoġ so cuirfiḋ Día neiṁe rioġaċd súas, naċ scriosfuiġear go bráṫ: agus ní fúigfiġear an rioġaċd ag daóiniḃ oile, aċd brisfiḋ sí iona codċuiḃ agus díbeoruiḋ na rioġaċda uile, agus seasfuiḋ sí go braṫ.


A deir Iosa ris, A duḃairt tusa é: aċd ċeana a deirimsi riḃ, Na ḋiaiġ so do ċifiḋe Mac an duine na ṡuiḋe ar deas láiṁ ċuṁaċd Dé, agus ag teaċd a néulliḃ neiṁe.


Agus ar dteaċd Diosa do laḃair sé ríu, ag ráḋ, Ṫugaḋ ḋamsa gaċ uile ċuṁaċda ar a neaṁ agus ar talaṁ.


Tiġeaḋ do ríoġaċd. Deúntar do ṫoil ar an ttalaṁ, mar do niṫear ar neaṁ.


Agus a duḃairt seision ríu, A núair do ḋéantáoi urnuiġe, abraiḋ, Ar naṫair atá ar neaṁ, naoṁṫar hainin. Tigeaḋ do rioġaċd. Déantar do ṫoil, ar an talaṁ, mar atá ar neaṁ.


Agus a duḃairt an Tiġearna, A Ṡímóin, a Síomóin, féuċ, díarr Sátan siḃsi, le ḃar gcáṫaḋ mar ċruiṫneaċd:


Ar mbeiṫ ḋíḃse, agus dom spioraidse cruinn a ḃfoċair a ċéile, a nainm ar Dtiġearna Iósa Críosd, maille ré cúṁaċd ar Dtiġearna Iósa Críosd,


Aċd a duḃairt sé riom, Is lór ḋuit mo ġrássa: óir iomlánuiġṫear mo ċúṁaċdasa a néugcrúas. Uime sin buḋ ró ṁóide mfonn mórḋáil do ḋéunaṁ as méugcrúasuiḃ, ionnus go ndéanaḋ cúṁaċd Ċríosd cóṁnuiḋe ionnam.


Na mná áosda mar an gcéudna, a naibíd iomċuḃaiḋ do náoṁṫaċd, gan ḃeiṫ na luċd eíliġe go héugcoir, gan íad féin do ṫaḃairt go hiomarcaċ dfíon, na luċd teaguisg neiṫeann maiṫ;


Bíġiḋ measarrġa, déunuiḋ faire; óir atá ḃur naṁuid an díaḃal, mar leoṁan ḃéicfeaċ, ag gaḃáil fá gcuáirt dá ḟéuċain cía ṡluiġfeaḋ sé:


Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.


Agus an tí ḃeireas buáiḋ, agus ċomgṁus moibreaċasa gus an gcríċ ḋeiġeanuiḋ, do ḃéur cúṁaċda ḋó ós cionn na gcineaḋaċ:


Agus do éiġeadar do ġúṫ árd, ag ráḋ, Slánuġaḋ dár Ndíane atá na ṡuiḋe sa gcaṫaóir, agus do Núan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ