Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 12:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus do taiḋḃreaḋ cóṁarṫa mór iongantaċ ar neaṁ; bean ar na héuduġaḋ ris an ngréin, agus an ġealaċ fá na cosuiḃ, agus coróin ḋá réult deug air a ceann:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do noċtaḋ cóṁarṫa mór san spéir; bean, agus an ġrian mar ċlúdaċ uirṫi, an ġealaċ fá n‐a cosaiḃ, agus coróin dá réalta déag ar a ceann;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 12:1
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Aċt ċeana a ttáoḃ ṫeaċtaḋ ṗrionnsaḋ na Baibilóine, noċ do ċuir teaċta ċuige dfaġáil sgéul a niongnuiḋ do rinneaḋ annsa tir, do léig Día na leiṫ féin, é, da ḋearḃaḋ, ċor go mbeiṫ fios a nuile ni da raiḃ iona ċroiḋe aige.


Ag cur ṡoluis mar éadaċ ort; ag síneaḋ na ḃflaiṫeas amaċ mar ċúirtín:


Oír is grían agus scíaṫ an TIĠEARNA Día: do ḃéaraiḋ an TIĠEARNA grása agus glóir: ní ċuinneoċaiḋ sé maiṫ ón luċd do ṡiuḃlus go díreaċ.


¶ Cia hí súd ḟéuċus amaċ mar an ṁaidin, breáḋġa mar an ngealuiḋ, gléiġeal mar an ngréin, agus úaṫḃasaċ aṁuil slúaġ go mbrataċaiḃ?


Gáirdeoċuiḋ mé go mór annsa TIĠEARNA, biáiḋ manam sólásaċ ann mo Ḋia; óir déaduiġ sé mé a cculaḋuiḃ an tslánaiġṫe, dfoluiġ sé mé le róba na firéantaċda, aṁuil ċóiriġeas fear núaḋpósta é féin le breáġaċtuiḃ, agus mar ċóiriġeas an ḃean núaḋṗósta í féin lé na séuduiḃ.


Biáiḋ tú fós ad ċoróin ġlóire a láiṁ an TIĠEARNA, agus ad ḋiadem ríoġaṁuil a láiṁ do Ḋé.


Agus tárrṫoċa an TIĠEARNA a Ndía íad san ló sin aṁuil tréad a ṗobail: óir béid mar ċloċaiḃ coróinne, ar na ttógḃáil súas mar ḃratuiġ air a ḋuṫaiġ.


¶ Aċt díḃse air a ḃfuil eagla manmasa éireoċuiḋ Grían a nionracuis maille ré leiġios iona sciaṫánuiḃ; agus raċfuiḋ siḃ amaċ, agus fásfuiḋ súas mar ġaṁnuiḃ an stalla.


Ann sin do ḟreagradar dream do na sgríobuiḋiḃ agus do na Ṗairisíneaċaiḃ, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, is mían linn coṁarta dfaicsin úait.


Ann sin do ċífiḋṫear coṁarṫa Ṁic an duine ar neaṁ: agus ann sin caóifid treaḃa na talṁan uile, agus do ċífid Mac an duine ag teaċd a néullaiḃ neiṁe maille ré cuṁaċdaiḃ agus ré glóir ṁóir.


Agus tuitfid réultanna neiṁe, agus béid na cuṁaċda a tá ann sna neaṁaiḃ ar criṫ.


Agus béid creaṫa móra talṁan a mórán dáitiḃ, agus gorta, agus pláġa; agus neiṫe uaṫḃásaċa agus coṁarṫuiġe móra ó neaṁ.


Agus béid coṁarṫuiġe ann sa ngréin, agus ann sa ngealuiġ, agus ann sna réultannuiḃ: agus combrúġaḋ na gciniḋeaċ ar an dtalaṁ, tré úaṫḃás; ag buirfiġ don ḟairge agus do na tonnuiḃ;


An té aga ḃfuil an ḃean núaṗósda as é an fear núaṗosda é: aċd cara an ḟir núaṗósda, noċ ṡeasas agus éisdeas ris, gaḃuiḋ gairdeaċus mór é tré ġuṫ an ḟir núaṗósda: ar a naḋḃarsin atá mó ġáirdeaċusa ar na ċoiṁliónaḋ.


Agus foillseoċuiḋ mé iongantuis ar neaṁ ṡúas, agus comarṫaiḋe ar a dtalaṁ ṡíos; fuil, agus teine, agus gal deatuiġe:


Aċd cuiriḋ umuiḃ an Tiġearna Iósa Críosd, agus ná bíoḋ cúram na colla oraíḃ, a míangusuiḃ.


Ceart Dé a deirim tré ċreideaṁ Iósa Críosd dá gaċ áonduine agus ar gaċ áon ċreideas: óir ni ḃfuil eidirḋéaluġaḋ ann:


Oír atáim éudṁar riḃ ré héud díaḋa: óir do ullṁuiġ mé siḃ déinḟear aṁáin, ċum ḃur dtaḃarṫa mar óiġ ḟíorġloin do Ċríosd.


Oír an ṁeid aguiḃ do baisdeaḋ a Gcríosd do ċuireaḃair Críosd iomuiḃ.


Aċd ata an Tiarusalém atá ṡúas sáor, noċ as máṫaír ḋúinne uile.


Giḋeaḋ nár léige Día go ndéanuinnse mórḋáil, aċd as croiṫ ar Dtiġearna Iósa Críosd, tré a ḃfuil an sáoġal céusda agumsa, agus misi ag an tsáoġal.


As seicréid ṁór so: aċd as air Ċríosd agus a neagluis láḃruimse.


Rúindiaṁair na seaċd réult do ċonnairc tú am láiṁ ḋeis, agus na seaċd gcoinnleóir órrġa. A síad na seaċd réulta seaċd naingil na neaglúisiḋiḃ: agus na seaċd gcoinnleóir do ċonnairc tú a síad na seaċd neagluiseaḋa íad.


Agus do hosglaḋ teampoll Dé ar neaṁ, agus ba léir áirc a ċonnarṫa ann a ṫeampoll: agus do ḃí tinnteaċ, agus goṫanna, agus tóirrneaċ, agus crioṫ talṁan, agus cloiċṡneaċda mór ann.


Agus do taiḋḃreaḋ coṁarṫa iongantaċ eile ar neaṁ: agus féuċ dragún mór rúaḋ, air a raḃadar seaċd gcinn, agus deiċ naḋarca, agus seaċd gcorónaċa ar a ċeannuiḃ.


Do ċonnairc mé na ḋiáiġ sin cóṁarṫa mór iongantaċ eile ar neaṁ, seaċd naingil agá raḃádar na seaċd bpláġa deiġeanaċa; óir is ríu sin do coiṁlíonaḋ fearg Dé.


Agus do ḃádar ḋá ḟonndameint déug ag balla na caiṫreaċ, agus iontasan anmanna ḋá absdail déug a Nuáin.


Agus ní ríaċdanaċ air an ccaṫruiġse grían, ná gealaċ dó ṡoillsiuġaḋ innte: óir do ṡoillsiġ glóir Dé í, agus a sé an Túan is solas di.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ