Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 11:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus béid a gcuirp sínte ar ṡráidiḃ na caiṫreaċa moire, dá ngoirṫear go spioradálta Sodom agus a Néigipt, sa nionad fós ann ar céusaḋ ar Dtíġearna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus béiḋ a gcuirp sínte ’n‐a luiġe i sráid na caṫraċ móire ar a dtugtar go spioradálta Sodom agus an Éigipt, mar ar céasaḋ a dTiġearna, ċóṁ maiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 11:8
40 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ do ḃádar, dáoine Ṡodom go holc, agus na bpeacaċuiḃ a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA go hiomurcaċ.


Ann sin do ḟear an TIĠEARNA ar Ṡodom agus ar Ġomorrah ruiḃ agus teine ón TIĠEARNA amaċ as flaiṫeaṁnus;


Is misi anTTIĠEARNA do Ḋía, noċ do ṫréoruiḋ ṫusa amaċ as talaṁ na Hégipte, as tiġ na daóirse.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Is deiṁin go ḃfaca misi scíursa mo ṗobuil, noċ atá sa Négipt, agus do ċúala mé a néiġṁe, do bríġ a maiġistreaḋ tascuiḋ: óir atá fiós a ndoilġis agam.


Do ní taisbeanaḋ a ngnúise fiaġnuise na naġaiḋ; agus foillsiġid a bpeacaḋ aṁuil Sodom, ní ḟólċuid síad é. A ṁairg dá nanam! óir do ċúitiġeadar olc ríu féin.


Do ċonnairc mé fós a ḃfáiġiḃ Ierusalem ní adḟúaṫṁar: do níd aḋaltrannas, agus siuḃluiġid a mbréaguiḃ, neartuiġid fós láṁa luċt na míġníoṁ, go naċ ḃfillean áonduine ó na olc: atáid uile ḋaṁsa aṁuil Sodom, agus a háitreaḃṫuiġ aṁuil Gomorrah.


Agus ṫugadar Uriah amaċ as an Négipt, agus rugadar go Iehoiacim an ríġ é; noċ do ṁarḃ leis an ccloiḋeaṁ é, agus do ṫeilg a ċorp marḃ a nuáiġiḃ na ndaoine gcoitċionn.


Agus isí Samária an deirḃṡíur as sine agad, í féin agus a hinġeana noċ áitreaḃus ar do láiṁ ċlé: agus do ḋeirḃṡíur is óige, noċ áitreaḃus ar do láiṁ ḋeis, isí Sodom agus a hinġeana.


Féuċ, do bé so éigceart do ḋeirḃṡeaṫar Sodom, úaḃar, líonṁaireaċt aráin, agus iomad dioṁaóinis do ḃí innte féin agus iona hinġeanuiḃ, ní mó do neartuiġ sí láṁ an ḃoiċt nó an ríaċtanuiġ.


Giḋeaḋ do ṁéaduiġ sisi a stríopaċus, a ngaírm láeṫe a hóige ċum cuiṁne, ann a ndéarna sí meirdreaċus a ccríċ na Hegipte.


Marso do ḃeára mé air húallaċus cosg uait, agus air do stríopaċus ó ċríċ na Hégipte: iondus naċ ttóigfe tú do ṡúile súas ċuca, agus naċ ccuiṁneoċa tú an Négipt ní sa ṁó.


Agus rinneadar stríopaċus annsa Négipt; do rinneadar stríopaċus iona nóige: annsin do brúiġeaḋ a gcíċe, agus annsin do ḃrúiġeadar cíoċa a maiġdíonuis.


Ní mó dfág sí a stríopaċus ón Négipt: óir do luiġeadar lé iona haóis óig, agus do ḃrúiġeadar cíċe a maiġdionuis, agus do ḋóirtiodar a stríopaċus uirre.


Annsin a dúḃairt sé riomsa, A ṁic an duine, isíad na cnáṁaso tiġ Israel go hiomlán: féuċ, a deirid síad, Do tiormuiġeaḋ ar ccnáṁa, agus do cailleaḋ ar ndóṫċus: air ar soinne do gearraḋ amaċ sinn.


Do scrios mé cuid díḃ, aṁuil do scrios Día Sodom agus Gomorrah, agus do ḃáḋḃair aṁuil aiṫinne ar na ṫarruing amaċ as an losgaḋ: ṫairis sin níor ḟilleaḃair ċugamsa, a deir an TIĠEARNA.


A deirim riḃ go deiṁin, go maḋ socaṁluiḋe do ṫalaṁ luċ Ṡodóm agus Ġomorra a ló an ḃreiṫeaṁnus, nó don ċaṫruiġsin.


Agus ar dtuitim ḋó ċum na talṁan, do ċúalaiḋ sé gúṫ ag ráḋ ris, A Ṡaúil, a Ṡaúil, créud fá a ḃfuil tú ag gérleanṁuin orum?


Uime sin do ḟúlaing Iósa an ṗáis mar an gcéudna, don táoḃ amuíġ don ġeata, ċum an ṗubail do náoṁaḋ ḋó ré na ḟuil féin.


Agus atá ar dtuitim, ní féidir a naṫnúaḋuġaḋ a rís ċum aiṫriġe; do ḃríġ go ḃfuilid ag céusaḋ Ṁic Dé a rís ḋóiḃ féin, agus ag sgige fáoi.


Agus ag déunaṁ luáiṫriḋ do ċaiṫreaċuiḃ Ṡoduim agus Ġomorra do ḋamnuiġ sé íad maille ré na sgrios, ar na ndéunaṁ na neisiompláir don druing do ċaiṫfeaḋ a mbeaṫa go neiṁḋíaġa;


Do réir mar atá Sodom agus Gomorra, agus na caiṫreaċa na dtimċioll, noċ do lean do ḋrúis air an moḋ céudna sin, agus do lean dainṁíanuiḃ coiṁṫiġeaċa na colla, ar nag cur síos na neisiompláir, ag fulang péine na teineaḋ síorruiḋe.


Agus ar a nuáirsin féin do ḃí críoṫ mór talṁan ann, agus do ṫuit an deaċṁaḋ cuid don ċaṫruiġ, agus do marḃaḋ seaċd míle pearsa ris an gcríṫ talṁan sin: agus do ġaḃ eagla an ċuid eile, agus tugadar glóir do Ḋía neiṁe.


Agus do ċífid cuid do na treaḃuiḃ agus do na puibleaċuiḃ agus do na teangṫuiḃ agus do na cineaḋaċuiḃ a gcuirp feaḋ ṫrí lá go leiṫ, agus ní léigfid a gcuirp do ċur a dtúamniġiḃ.


Agus do brúġaḋ an túmar re cosuiḃ don táoḃ amuiġ don ċaṫruiġ: agus táinic fuil amaċ as a númar go sríanuiḃ na neaċ, feaḋ ṁíle ar ṡé ċéud sdáid.


Agus do lean aingeal eile, ag ráḋ, Do ṫuit, do ṫuit an Ḃabilóin, an ċaṫair ṁór; óir tug sí air na huile ċineaḋaċuiḃ fíon feirge a sdríopaċuis diḃe.


Agus do rannaḋ an ċaṫair ṁór a dtrí cotannuiḃ, agus do ṫuiteadar caiṫreaċa na gcineaḋaċ: agus ṫáinic an Ḃabilóin ṁór a gcuiṁne a laṫair Dé, ionnus go dtiuḃraḋ sé cupán dfíon ċaṫuiġ a ḟeirge ḋi.


Agus táinic aingeal do na seaċd naingliḃ agá raḃadar na seaċd soiṫiġe, agus do laḃáir sé riom, ag ráḋ riom, Gaḃ a leiṫ; taisbéana mé ḋuit dámnuġaḋ na méirrdriġ móire atá na suiḋe ár uisgeḋiḃ iomḋa:


Agus an bean do ċonnairc tú a sí an ċaṫair ṁór í, agá ḃfuil ríoġaċd ós ríoġuiḃ na talṁan.


Agus ainm sgríoḃṫa aglár a héudúin, RUINDIAṀAIR, AN ḂABILON ṀOR, MAṪAIR SDRIOPAĊAIS AGUS ĠRAINEAṀLAĊDA NA TALṀAN.


Agus seasfuid siad a ḃfad uáiṫe ré faitċeas a peannuide, ag ráḋ, As trúaġ, trúaġ an ċaṫair ṁór Babilón, an ċaṫair ṫréun! Óir a náonuáir aṁáin ṫáinic do ḃreiṫeaṁnus.


Agus béid ag éiġṁe an tan ċífid deataċ na teineaḋ ré a loisgfiġtear í, ag ráḋ, Cía an ċaṫair bá cosṁail ris an gcaṫair ṁóirse!


Agus do éiġ sé go láidir go ġúṫ árd, ag raḋ, Do ṫuit, do ṫuit an Ḃabilóin ṁór, agus do rinneaḋ áit coṁnuiġe deaṁan di, agus ionaḋ congṁála gaċ spioruide neaṁġlóine, agus áit cúṁduiġ gaċ éinḟúaṫṁair neaṁġloin.


Agus do ṫóg aingeal néartṁar áiriġe cloċ suás mar ċloiċ ṁóir ṁuilinn, agus do ṫeilg í sa ḃfairrge, ag ráḋ, Is mar so teilgfiḋṫear an Ḃabilón an ċaṫair ṁór síos ré foirrneart, agus ní ḃiáiḋ air faġáil ní sa ṁó.


Agus is innte fríṫ fuil na ḃfaiḋeaḋ, agus na náoṁ, agus na nuile ḋaóineaḋ do marḃaḋ ar an dtalaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ