Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 11:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus do ġaḃ fearg na cineaḋaċa, agus táinic ṫfeargsa, agus aimsir, ḃreiṫeaṁnuis na marḃ, agus luáiḋeaċda do ṫaḃairt dod ṡearḃḟoġantuiġiḃ ba faiḋiḃ, agus do na náoṁuiḃ, agus don luċd ar a ḃí eagla hanma, eidir ḃeag agus ṁór; agus sgreasda na druinge sgriosus an talaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus d’éiriġ na ciniḋeaċa feargaċ, agus ṫáinig t’ḟearg‐sa, agus tráṫ breiṫeaṁnais na marḃ, agus an tráṫ ċum a luaiġeaċt do ṫaḃairt dod’ ṡeirḃíseaċaiḃ, na fáiḋe, agus do na naoṁaiḃ, agus do na daoiniḃ gur ab eagal leo t’ainm, idir ḃeag agus ṁór; agus ċum scriosadóirí na talṁan do scrios.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 11:18
48 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt mar atá áirde na neaṁ ós cionn na talṁan, atá a oineaċ ċomór sin don luċt air a ḃfuil a eagla.


An TIĠEARNA air do láiṁ ḋeis loitfiḋ sé ríġṫe a ló a ḟeirge.


Bí dúil aig an TTIĠEARNA annsa luċt air a mbí a éagla, noċ ċuirios dóiġ iona ṫrócaire.


Annsin laiḃeoruiḋ sé ríu iona ḟeirg, agus cráiḋfiḋ sé íad iona ḋíḃḟeírg.


Atá a ṡlánuġaḋ go deiṁin a ngar don luċt air a ḃfuil a eagla; go náitriġioḋ glóir ann ar ndúiṫċe.


¶ Cluinmíd críoċ na cúise uile: Eagluiġ Día, agus coiṁéad a aiṫeanta: óir sé so iomlán an duine.


¶ Dá mbeiṫ go ndéanaḋ peacaċ olc céud uáir, agus go ḃfaideoċuiḋ a láeṫe, giḋeaḋ go deiṁin atá fios agam go mbeiṫior go maíṫ ag an ndruing eagluiġios Día, noċ air a mbí eagla dá laṫair:


Aċt buáiḋreoċuiḋ sgéulta amaċ as a noirṫear é agus as an ttuáisceart: uime sin raċuiḋ sé amaċ ré cúṫaċ mór daiḋṁilleaḋ, agus do scrios ṁórán ṫrid amaċ.


Aċt suiġfiḋ an breiṫeaṁnus, agus béaruid a ṫiġearnus úaḋa, da ḋíoṫ‐laiṫriuġaḋ agus da scrios go deireaḋ.


Agus fós tré na ġliocas do ḃéara sé biseaċ air ċeilg iona láiṁ; agus mórfuiḋ é féin iona ċroiḋe, agus lé síoṫċáin scriosfaiḋ sé iomad: seasfuiḋ sé fós súas a naġaiḋ Ṗrionnsa na bprionnsaḋ; aċt brisfiġear é a néagṁuis láiṁe.


Bioḋ gaírdeaċas, agus luáṫġáir óruiḃ: óir is mór ḃur lúaiḋeaċd ar neaṁ: óir is mar sin do ġérleanadar na faiḋe ṫaínic roṁaiḃ.


Agus a tá a ṫrócaire ó ḋíne go díne don dréim ar a ḃfuil a eagla.


Agus aṁuil atá a ndán do ḋaóiniḃ bás dfaġáil áonuáir aṁáin, agus na ḋiáiġ sin an breiṫeaṁnus:


Aċd a láeṫiḃ ġoṫa an seaċdṁaḋ aingeal, an tan ṡéidfeas sé a sdoc, biáiḋ rúindíaṁair Dé ar na ċrioċnúġaḋ, do réir mar do ḟoillsiġ sé ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ féin na fáiḋe.


Aċd teilg amaċ an ċúirt atá don táoḃ amuiġ don teampoll, agus ná toṁais í; óir tugaḋ í do na Cineaḋaċuiḃ: agus do ḋéunuid an ċaṫair náoṁṫa ṡaltairt fá na gcosuiḃ ré heaḋ ḋá ṁíos agus dá ḟíċead.


Cía bé ḃéuras neaċ ris a mbruid raċuiḋ sé féin a mbruid: cía bé ṁarḃas ré cloíḋeaṁ is éigean é féin do ṁarḃaḋ ré cloíḋeaṁ. Is ann so atá foiġid agus creideaṁ na náoṁ.


Agus tug sé air a nuile ḋuine, eidir ḃeag agus ṁór, eidir ṡaiḋḃir agus ḋaiḋḃir, eidir ṡáor agus dáor, coṁarṫa do ġaḃáil ċuca na láiṁ ḋeis, nó a gcláruiḃ a néudan:


I ḃfiḋ an tise fós dfíon ḟeirge Dé, do nfíon ġlan líontar a gcupán a ḟeirge; agus do ġeaḃuiḋ a ṗíanaḋ a dteine agus a ruiḃ a ḃfiaḋnuise na naingeal náoṁṫa, agus a ḃfíaḋnuise a Nuáin:


Do ċonnairc mé na ḋiáiġ sin cóṁarṫa mór iongantaċ eile ar neaṁ, seaċd naingil agá raḃádar na seaċd bpláġa deiġeanaċa; óir is ríu sin do coiṁlíonaḋ fearg Dé.


Agus tug beaṫaċ do na ceiṫre beaṫaiḋiḃ do na seaċd naingliḃ seaċd soiṫiġe órrġa líonta dfeirg Dé, ṁaireas go sáoġal na sáoġal.


Tuguiḋ ḋi do réir mar ṫug sise ḋíḃse, agus tuguiḋ ḋi go dúbalta de réir a gníoṁarṫa: líonuiḋ ḋi go dúbalta an cupán do líon sise ḋíḃse.


Agus ṫáinic cloiḋeaṁ géur ḋá ḟáoḃar amaċ as a ḃéul, ċum na gcineaḋaċ do ḃúalaḋ ris: agus do ḋéunuiḋ sé a ríaġluġaḋ ré slait íaruinn: agus a se ṡaltras fá na ċosaiḃ úmar fíona cúṫuiġ ḟeirge Dé Uileċuṁaċduiġ.


Ċum féola ríġṫeaḋ díṫe ḋíḃ, agus féola árdċaiptíneaḋ, agus féola ḋaóineaḋ cúṁaċdaċ, agus féola eaċ, agus an mbarcṡluáiġ ḃías orrṫa, agus féola na nuile, eidir ṡáor agus dáor, eidir ḃeag agus ṁór.


Agus táinic gúṫ amáċ ón gcaṫaóir, ag ráḋ, Moluiḋ ar Ndía, a uile ṡearḃḟoġantuiġeaḋa, agus a luċd air a ḃfuil a ḟaitċeas, eidir ḃeag agus ṁór.


Agus do ċonnairc mé na mairḃ, eidír ḃeag agus ṁór, na seasaṁ a ḃfíaḋnuise Dé; agus do hosglaḋ na leaḃair: agus do hosglaḋ leaḃar eile, eaḋon leaḃar na beaṫa: agus rugaḋ breaṫ ar na ṁarḃaiḃ as na neiṫiḃ do ḃí sgríoḃṫa sna leaḃruiḃ, do réir a ngníoṁarṫaḋ.


Agus giḋ bé nar friṫ sgríoḃṫa a leaḃar na beaṫa do teilgeaḋ é sa loċ teineaḋ.


Agus, féuċ, is gearr do dtiucfa mé; agus mo lúaċ sáoṫair agum, ċum a ṫaḃarṫa dá gaċ áon do réir mar ḃías a ġníoṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ