Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 11:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus ar a nuáirsin féin do ḃí críoṫ mór talṁan ann, agus do ṫuit an deaċṁaḋ cuid don ċaṫruiġ, agus do marḃaḋ seaċd míle pearsa ris an gcríṫ talṁan sin: agus do ġaḃ eagla an ċuid eile, agus tugadar glóir do Ḋía neiṁe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus an uair ċéadna sin do ḃí crioṫ mór talṁan ann, agus do ṫuit an deiċeaṁaḋ cuid de’n ċaṫair ar lár, agus do marḃaḋ seaċt míle duine san gcrioṫ talṁan agus do scannruiġ an ċuid eile ḋíoḃ, agus ṫugadar glóir do Ḋia na ḃflaiṫeas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 11:13
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃádar aiṫiṫe ar an ttalaṁ ann sna laeṫiḃ sin; agus mar an ccéudna na ḋiáiġ sin, a nuair ṫangadar mic Dé a steaċ ċum inġeana na ndáoine, agus rugadar clann dóiḃ, do ḟásadar sin na ndáoiniḃ árrṫaċda, noċ do ḃí san tseanaimsir na ndáoiniḃ iomráiteaċ.


Do ḋéana TIĠEARNA na slóġ cuáirt agad maille re tóirniġ, agus lé crioṫtalṁan, agus lé tormán mor, lé stoirm agus lé hanfa, agus lé lasair ṫeineaḋ loisgniġe.


Tugaiḋ glóir dá ḃur TTIĠEARNA Día, suil dó ḃéara sé dorċadus, agus suil ṫuisleoċuid ḃur ccosa ar na sléiḃtiḃ dorċa, agus, an feaḋ ḃeiṫí ag feiṫioṁ re solus, go ḃfillfiḋ séision é a sgáile an ḃáis, agus go ndéana sé dorċaċt ṫiuġ ḋe.


Muna néistiġe, agus muna ccurṫaói ann ḃur ccroiḋe é, do ṫaḃairt glóire dom ainmse, a deir TIĠEARNA na slóġ, cuirfe misi go deiṁin malluġaḋ oruiḃ, agus mailleoċa mé ḃur mbeannuġaḋ: fós, do ṁallniġ mé ċeana íad, do ḃríġ naċ ccurṫaoi ann ḃur ccroiḋe é.


Ann sin do ġoireadarsan an dara húair an duine do ḃí dall, agus a duḃradar ris, Taḃair glóir do Ḋía: atá a ḋeiṁin aguinne gur ab peacṫaċ an duinesi.


Agus ann sna láeṫiḃsin ar neirġe do Ṗeadar a lár na ndeisciobal, a duḃairt sé, (agus do ḃí a núiṁir anmann do ḃí ar an láṫaírsin a dtimċeall ċéud agus fitliċe,)


¶ Agus a duḃairt Iosua re Aċan, Guiḋim ṫú a ṁic, taḃair glóir don TIĠEARNA Día Israel, agus déana adṁáil ris; agus innis dambsa a nois cred do rinne tú; ná ceil orum é.


Aċd a gcionn ṫrí lá go leiṫ do ċuáiḋ Spiorad na béaṫa ó Ḋía ionnta, agus do ṡeasadar air a gcosuiḃ; agus do ġaḃ eagla ṁór an dream do ċonnairc íad.


Agus do hosglaḋ teampoll Dé ar neaṁ, agus ba léir áirc a ċonnarṫa ann a ṫeampoll: agus do ḃí tinnteaċ, agus goṫanna, agus tóirrneaċ, agus crioṫ talṁan, agus cloiċṡneaċda mór ann.


Ag ráḋ do ġúṫ árd, Bíoḋ eagla Dé oruiḃ, agus tuguiḋ glóir ḋó; óir táinic uáir a ḃreiṫeaṁnuis: agus déunuiġ úṁla don tí do ċrúṫuiġ neaṁ, agus talaṁ, agus an ḟairrge, agus na tuibruideaċa uisge.


Cía air naċ biáiḋ eagla róṁad, a Ṫíġearna, agus naċ dtiuḃraḋ glóir dod ainm? Óir as tú táonar atá naoṁṫa: óir tiucfuid na huile ċineaḋaċa agus sléuċdfuid ad fíaḋnuise; óir atáid do ḃreiṫeaṁnuis ar na ḃfoillsiuġaḋ.


Bíoḋ gáirdeaċas agus lúaṫġáir oruinne, agus tugam glóir ḋósan: óir táinic pósaḋ a Nuáin, agus do ullṁaiġ a ḃean í féin.


Atá beagán danmannuiḃ fos agad a Sardis nár ṡlauiḋ a néuduiġe; agus siuḃóluid síad má ráon riomsa a néuduiġiḃ gléiġeala: óir as fíu sin íad.


Agus do ḟéuċ mé an tan do ḟosguil sé an seiseaḋ séula, agus, féuċ, do ċríoṫnuiġ an talaṁ go mór; agus do rinneaḋ an ġrían cóṁḋorċa ré héudaċ róin, agus do rinneaḋ an ġealaċ uile cósṁuil ré fuil;


Agus do ġlac an taingeal an sionnsa, agus do líon sé do ṫeine na haltóra, agus do ṫeilg sé fan dtalaṁ é: agus do éiriġ góṫanna, agus tóirneaċ, agus tinnteaċ, agus criṫ talṁan ann.


Oir a núair do ḋéantáoi íoṁáiġe ḃur nemeróideaḋ, agus íoṁáiġe ḃur luċa noċ ṁilleas an taluṁ; agus ḃéarṫaói glóir do Ḋía Israel: dob éidir go néattroimeoċaḋ sé a láṁ ḋaóiḃ, agus dá ḃur ndeeiḃ, agus dá ḃur ndúiṫċe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ