Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 10:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus a duḃairt sé ríom, is éigean duit fáiḋeadóireaċd do ḋéunaṁ a rís a ḃfíaḋnuise a niomad ṗuibleaċa, agus ċineaḋaċa, agus ṫeangṫa, agus ṁoráin ríġteaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus aduḃraḋ liom, Caiṫfiḋ tú tarngaireaċt do ḋéanaṁ fós i dtaoḃ a lán poibleaċa, agus ciniḋeaċ, agus teangṫaċ, agus riġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 10:11
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃéara mé air an ttalaṁsin muile ḃríaṫra noċ do laḃair mé na haġaíḋ, eaḋon a nuile ní dá bfuil scríoḃṫa annsa leaḃarso, noċ do ṫairrġir Ieremiah a naġaíḋ na ccineaḋaċ uile.


A duḃairt sé riom a rís, Tairrġirsi air na cnáṁaiḃsi, agus abair riú, Siḃsi a ċnáṁa tiorma, éistiġ bríaṫar an TIĠEARNA.


Ann sin a dúḃairt seision riomsa, Tairrġir ċum na gáoiṫe, tairrġir, a ṁic an duine, agus abair ris an ngaóiṫ, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Tárr ó na ceiṫre gáoṫaiḃ, a anál, agus séid ar na marḃuiḃsi, ċor go mbéid beó.


Agus do ġlac mé an leaḃrán as láiṁ a naingil, agus do ṡluig mé é; agus do ḃí sé am ḃéul coṁmilis ré mil: aċd an tan do ṡluig mé é, do rinne sé mo ḃruinn searḃ.


Agus tugaḋ ḋaṁ giolcaċ cosṁuil ré slait: agus do ṡeas an taingeal láiṁ riom, agus a duḃairt, Eiriḋ, agus toṁais teampoll Dé, agus a naltóir, agus an dream do ní seirḃís ann.


Agus do ċífid cuid do na treaḃuiḃ agus do na puibleaċuiḃ agus do na teangṫuiḃ agus do na cineaḋaċuiḃ a gcuirp feaḋ ṫrí lá go leiṫ, agus ní léigfid a gcuirp do ċur a dtúamniġiḃ.


Agus do ċonnairc mé aingeal eile ag eitealluiġ a meaḋón neiṁe, agá raiḃ soisgéul síorruiḋe ċum a ṡoisgéulta don druing áitreaḃas an talaṁ, agus do nuile ċineaḋ, agus ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal,


As seaċd ríġṫe íad mar an gcédna: do ṫuiteadar cúigḟear ḋíoḃ, agus mairiḋ áon, agus atá áon eile gan teaċd fós; agus an tan ṫiucfus se, as goirid ċaiṫfeas sé faireaċ.


Agus na deiċ naḋárca do ċonnairc tu as deiċ ríġṫe íad, nar ġaḃ ríoġaċd ċuca fós, aċd ġeaḃus cúṁaċda ċuca mar ríoġuiḃ a náonúair ris a nainṁíḋe.


Agus a duḃairt sé ríom, Na huisgeaḋa do ċonnairc tú, sa nionad na ḃfuil an ṁeírrdreaċ na suiḋe, as puibleaċa, agus coiṁṫionóil, agus cíneaḋaċa, agus teangṫa iad.


Agus do ċanadar cainntic núaḋ, ag ráḋ, As fíu ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ, agus a ṡéuluiḋe dfosglaḋ: do ḃríġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiḋ tú sinne do Ḋía réd ḟuil féin as a nuile ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal, agus ċineaḋ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ