Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 10:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus do ġlac mé an leaḃrán as láiṁ a naingil, agus do ṡluig mé é; agus do ḃí sé am ḃéul coṁmilis ré mil: aċd an tan do ṡluig mé é, do rinne sé mo ḃruinn searḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus do ġlacas an leaḃar beag as láiṁ an aingil, agus do ṡluigeas siar é; agus do ḃí sé ċóṁ milis le mil im’ ḃéal, aċt nuair do ḃí sé iṫte agam, do rinneaḋ mo ḃolg searḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 10:10
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Bu milis mo smuáintiġṫe ḋaṫaoḃsan: do ḋéanad gáirdeaċus ansa TTIĠEARNA.


Cred é millse do ráiḋte dom ċarbad! ní is millsi ná mil dom ḃéul!


Mó is cóir a níarruiḋ ná ór, aseaḋ, ná iomad dór ḟínealta: ni is millsi mar an gcéadna ná mil, agus ná seilt ċriaṫar na meala.


Is cíor ṁeala bríaṫra millsi, milis do nanam, agus sláinte do na cnáṁuiḃ.


Agus do leaṫnuiġ sé ós mo ċoinne é: agus do ḃí sé scríoḃṫa a stiġ agus amuiġ: agus do ḃí scríoḃṫa ana caoineaḋ, osnaḋa, agus mairgneaċ.


Annsin do ṫóg an spiorad súas mé, agus rug sé leis mé, agus do ġlúais mé a searḃus, a tteas mo spioraide; aċt do ḃí láṁ an TIĠEARNA láidir orum.


Agus a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, taḃair air do ḃolg iṫe, agus líon do ṁionaċ leis an rolaso ḃeirimsi ḋuit. Annsin a dúaiġ mé é; agus do ḃí sé ann mo ḃéul mar ṁil ar ṁillsi.


Agus a duḃairt sé ríom, is éigean duit fáiḋeadóireaċd do ḋéunaṁ a rís a ḃfíaḋnuise a niomad ṗuibleaċa, agus ċineaḋaċa, agus ṫeangṫa, agus ṁoráin ríġteaḋ.


Agus do imṫiġ mé ċum a naingil, agus a duḃairt mé ris, Taḃair ḋaṁ an leaḃrán. Agus a duḃairt seision riom, Glac, agus sluig é; agus do ḋéuna sé do ḃruinn searḃ, aċd biáiḋ sé ad ḃéul coṁmilis ré mil.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ