Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 1:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Do ḃí misi Eóin, ḃur ndearḃráṫair, agus ḃur gcóṁċompánaċ a dtáoḃ ḃuáiḋearṫa, agus ríoġaċda agus ḟúlaing Iósa Criosd, sa noiléun dá ngoirṫear Patmos, ar son ḃreiṫre Dé, agus ar son ḟíaḋnuise Iósa Críosd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Mise Eoin, ḃur mbráṫair agus ḃur gcóṁṗáirtiḋe san anró, agus san ríoġaċt, agus san ḃfad‐ḟulang atá i hÍosa, do ḃíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briaṫair Dé, agus ar son fiaḋnaise Íosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 1:9
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a deir seisean riu, Ioḃṫáoi go deiṁin dom ċupánsa, agus baisdfiḋṫear siḃ leis an mbaisdeaḋ lé a mbaisdear misi: aċd suiġe ar mo láiṁ ḋeis, agus ċlé, ní leamsa a ṫaḃairt, aċd ḃeirar don dreim dá ḃfuil sé ar na ullṁuġaḋ ó Maṫair.


Agus a duḃradarsan ris, Is éidir. Aċd a duḃairt Iósa ríu, Go deiṁin an cupán iḃimsi ioḃṫáoisi é; agus an baisdeaḋ lé a mbaisdear misi, baisdfiṫear siḃsi leis:


Do laḃuir mé na neiṫesi riḃ, do ċum go mbeíṫ síoḋċáin aguiḃ ionnumsa. Do ġéuḃṫáoi trioblóid sa tsáoġal: aċd bíoḋ dóċus maiṫ aguiḃ; so ḃúaḋaiġ misi ar a tsaoġal.


Agus ann sna láeṫiḃsin ar neirġe do Ṗeadar a lár na ndeisciobal, a duḃairt sé, (agus do ḃí a núiṁir anmann do ḃí ar an láṫaírsin a dtimċeall ċéud agus fitliċe,)


Ag neartuġaḋ anmann na deisciobal, agá dteagusg fá aṁuin sa gcreideaṁ, agus gur tré iomad buaiḋearṫa as éigean dúinn dul a steaċ go ríoġaċd Dé.


Agus más clann, is oiḋriġe fós sinn; óiḋriġe gan aṁaras do Ḋía, agus coṁóiḋriġe do Ċríosd; má ḟuilngmíd a néinḟeaċd ris, ionnus go mbemís a ccóṁġlóir ris.


Aċd má ḃíonn súil aguinn ris an ní naċ ḃfaicmíd, do nimíd fuireaċ tre ḟoiġid.


Agus atá meiniġin ḋaingean aguinn asuiḃsi, do ḃríġ go ḃfuil a ḟios aguinn, mar do ġeiḃ siḃ ḃur gcuid don nanṡóġ, go ḃfuiġe siḃ ḃur gcuid don tsóġ mar an gcéudna.


Már as cóir ḋaṁ an breaṫnuġaḋsa do ḃeiṫ agum oruiḃ uile, do ḃríġ go ḃfuil siḃ agam um ċróiḋe; go raḃaḃair uile páirteaċ ré mo ġrása, ré linn mo ġéiḃeann, agus mo ċosanta agus mo ḋaingniġṫe ar a tsoisgéul.


Ṫairis sin is maiṫ do rinneadḃairse, ḃeiṫ páirteaċ rém ḃuáiḋirtse.


Agus go dtréoruiḋe an Tíġearna ḃur gcroiḋṫe sá tslíġe ḋíriġ ċum gráḋa Dé, agus ċum feiṫeaṁ go foiġideaċ ré Críosd.


Uime sin ná bíoḋ aḋnáire ort fá ḟíaḋnuise ar Dtíġearna, ná am ṫimċiollsa priosúnaċ ar a ṡon: aċd bíoḋ do ċuid agad do ḃuáiḋirt an tsoisgéil do réir ċúṁaċd Dé;


Oir atá foiġid na ríaċdanus oruiḃ, ionnus ar ndéunaṁ tola Dé ḋíḃ, go ḃfuiġe siḃ toraḋ na geallaṁna.


Iarruim daṫċuinge ar na seanóiriḃ ḃur measg, ar mbeiṫ ḋaṁ féin fós um ṡeanóir, agus um ḟíaḋnuise ar na neiṫiḃ do ḟulaing Críosd, agus um ṗártuiġe a dtáoḃ na glóire atá ré haġuiḋ a ḟoillsiġe.


Taisbeunaḋ Iósa Críosd, noċ tug Día ḋó, ċum na neiṫeann is éigean do ḃeiṫ ann go lúaṫ dfoillsiuġaḋ ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ; agus ar gcur ṫeaċdaireaċda úaḋ ré na aingeal dó do ṫaisbéin sé dá ṡearḃḟoġantuiġe Eóin:


An tí do rinne fíaḋnuise do ḃréiṫir Dé, agus dfíaḋnuise Iósa Críosd, agus dá gaċ ní ḋá ḃfacuiḋ sé.


Eoin ċum na seaċd neagluíseaḋ atá sa Násia: Grása maille riḃ, agus síoṫċáin, ón tí áta, agus do ḃí agus ḃías; agus ó na seaċd Spioraduiḃ noċ atá a ḃfíaḋnuise a árdċaṫáoiresion;


Agus do rinne ḋínn ríġṫe agus sagairt do Ḋía agus dá Aṫair; glóir agus cúṁaċda ḋósan go sáoġal na sáoġal. Amén.


Agus an tan ċrioċnóċuid síad a ḃfíaḋnuise, do ḋéunuiḋ an tainṁiḋe éirġeas ón bpoll duḃaigéin cogaḋ ríu, agus béuruiḋ sé buáiḋ orrṫa, agus muirfiḋ sé íad.


Giḋeaḋ rugadar buáiḋ air tré ḟuil a Nuáin, agus tré ḃréiṫir a ḟiaḋnuise; agus ní raiḃ suim aca na nanam féin go bás.


Agus do ġáḃ fearg an dragún ris an mnaói, agus do imṫiġ sé do ḋéunaṁ coguiḋ ris an gcuid eile dá síol, ċoiṁéudas aiṫeanta Dé, agus aga ḃfuil fíaḋnuise Iósa Críosd.


Cía bé ḃéuras neaċ ris a mbruid raċuiḋ sé féin a mbruid: cía bé ṁarḃas ré cloíḋeaṁ is éigean é féin do ṁarḃaḋ ré cloíḋeaṁ. Is ann so atá foiġid agus creideaṁ na náoṁ.


Is ann so atá foiġid na náoṁ: is ann so ḋearḃṫar an dream ċoiṁéudas aiṫeanta Dé, agus creideaṁ Iósa.


Agus do ṫuit mé síos agá ċosuiḃ ċum a onóruiġṫe. Aċd a duḃairt sé riom, Coiṁéid naċ déuna tú sin: as coiṁṡearḃḟoġantuiġe ḋuit mé, agus dod ḋearḃráiṫriḃ agá ḃfuil fíaḋnuise Iósa aca: taḃair onóir do Ḋía: óir a sí fíaḋnuise Iósa spiorad na fáiḋeadóireaċda.


Agus do ċonnairc mé cáṫaóireaċa, agus do ṡuiġeadar dream ionnta, agus do tugaḋ breiṫeaṁnus dóiḃ: agus do ċonnairc mé anmanna na druinge do díċeannaḋ ar son ḟiaḋnuise Iosa, agus ar son ḃreiṫre Dé, agus naċ dtug onóir don nainṁiḋe, ná ḋá ioṁáiġ, agus nár ġaḃ a ċoṁarṫa ċuca a gcláruiḃ a néudan, ná na láiṁ; agus mairfid agus béid na ríoġuiḃ a ḃfoċair Ċríosd míle blíaḋuin.


Do ḃríġ gur ċoiṁéid tú briaṫar mfoiġidesi, do ḋéunsa ṫusa ċoiṁéud ar aimsir an ċaṫuige, noċ atá ċum teaċda ar a tsáoġal uile, ċum dearḃṫa na druinge áitiġeas an talaṁ.


Agus an tan do ḟosguil sé an cúigeaḋ séula, do ċonnairc mé faói a naltóir anmanna na druinge do marḃaḋ ar son ḃréiṫre Dé, agus ar son na fíaḋnuise do ċosnadar:


Agus a duḃairt mise ris, A ṫíġearna, atá a ḟios agadsa. Agus a duḃairt seision riomsa, Ag so an dream ṫáinic as buáirḋirt ṁóir, agus do niġ a róbuiḋe, agus do ġealuiḋ íad a ḃfuil a Nuáin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ