Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 1:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 As mise Alṗa agus Oméga, an tosaċ agus an deireaḋ, a deir an Tíġearna, an tí atá, agus do ḃí, agus ḃías an tí atá Uileċúṁaċdaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Is mise an t‐Alfa agus an t‐Ómega, adeir an Tiġeara Dia, an té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt, an tUile‐ċuṁaċtaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 1:8
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a nuáir do ḃí Abram nóċad agus náoi mbliaḋna dáois, do ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin do Abram, agus a duḃairt ris, Is misi an Día uile ċuṁaċdaċ; siuḃuil am ḟiadnuise agus bí diongṁalta.


Agus go mbeannuiġe Día uile ċuṁaċdaċ ṫú, agus go ndearna siólṁur ṫú, agus go ḃfoirlíonuiġ ṫú, go ṁic tú ad iomad dáoine.


Agus a duḃairt Día ris, Is misi Día uile ċuṁaċdaċ: bí siolṁar agus foírlíon; tiocfuiḋ cineaḋ agus morán do ċiniḋeaċuiḃ uáid, agus tiocfaid ríġṫe amaċ ód ḟorḋronnuiḃ;


Agus Día uile ċuṁaċdaċ do ṫaḃairt grás díḃ a laṫair a nóglaoiċ, ionnus go ccuirfiḋ sé liḃ ḃur ndearḃraṫair eile, agus Beniamin, Ma ċaillimsi mó ċlann, do ċaill me meféin.


¶ Agus a duḃairt Iácob ré Ióseṗ, Do ḟoillsiġ Día uile ċuṁaċdaċ é féin daṁ a Lus a ttír Ċánaain, agus do ḃeannuiġ mé.


Lé Día haṫar dá ríriḃ, noċ ċuidéoċas leaċd, agus leis a nuileċuṁaċdaċ, noċ beinneóċus tú le beannuġaḋ niṁé ṡuas, beannuġaḋ a naigéin atá a níoċdar ṡíos, beannuġaḋ na gcíoċ, agus na mbronn:


Agus a duḃairt Día ré Maoisi: AS ME AN TI AS ME: agus a duḃairt sé marso a déura tú ré clannuiḃ Israel, ATA MISI, do ċuir ċuguiḃ mé.


Agus do ṫáisbéin mé mé féin do Abraham, agus do Isaac, agus do Iácob, a nainm Dé uile ċuṁaċduiġ, aċd ann mainm IEHOḂAH níor ḃaiṫne ḋóiḃ mé.


Cía doibriġ agus do rinne é, ag gairm sleaċdan o ṫosaċ? misi an TIĠEARNA, céadna, agus leis a ndeiġionaċ; is misi é.


Is siḃsi mfíaḋnuisesi, a deir an TIĠEARNA, agus mo ṡeirḃiseaċ noċ do ṫoġ mé: ċor go naiṫeontaói agus go ccreidfiḋe mé, agus go ttuigṫí gur misi é: níor cumaḋ Día ar biṫ roṁamsa, ní mó ḃías am ḋiáiġ.


Is marso a déir an TIĠEARNA Ríġ Israel, agus a ḟúascaltóir TIĠEARNA na slóġ; Is misi an céad, agus is mé an deiġionaċ; táoḃ aṁuiġ ḋíom ní ḃfuil Día ar biṫ.


¶ Eíst riomsa, a Iácob agus a Israel, air ar ġoir mé; is misi é; is mé an ċéidneaċ, agus is mé fós an deiġionaċ.


Oír do rugaḋ leanaḃ ḋúinne, tugaḋ mac ḋúinn: agus biáiḋ an ríaġlaḋ air a ġúaluinn: agus goirrfiġear a ainm Iongantaċ, Coṁairleaċ, An Día cuṁaċtaċ, An Taṫair síorruiḋe, An Prionnsa na Síoṫċána.


A duḃairt, an té do ċúaluiḋ hríaṫra Dé, noċ do ċonnairc fis a Nuileċuṁaċtuiġ, ar ttuitim a súan aċd a ṡúile foscuilte:


Agus biáiḋ mé aguiḃ um Aṫair, agus biáiḋ siḃse ḃar gcloinn ṁac agus inġean agumsa, a deir Tiġearna na Nuileċúṁaċd.


Ag ráḋ, As mise Alṗa agus Oméga, an céidneaċ agus a neaċ deíġeanaċ: agus, Sgríoḃsa a leaḃar, an ní do ċí tu, agus cuir uáit é ċum na seaċd neagluisiḋiḃ atá sa Násia; ċum Eṗesuis, agus ċum Smirna, agus ċum Pergamuis, agus ċum Tiatíra, agus ċum Sardis, agus ċum Ṗiladelṗía, agus ċum Laodicea.


Agus an tan do ċonnairc mé é, do ṫuit mé síos agá ċosuiḃ a rioċd ṁairḃ. Agus do ċuir seision a láṁ ḋeas oram, ag ráḋ riom, Ná bíoḋ eagla ort; as míse an céidneaċ agus an neaċ deiġeanaċ:


Eoin ċum na seaċd neagluíseaḋ atá sa Násia: Grása maille riḃ, agus síoṫċáin, ón tí áta, agus do ḃí agus ḃías; agus ó na seaċd Spioraduiḃ noċ atá a ḃfíaḋnuise a árdċaṫáoiresion;


Ag ráḋ, Beirmíd buiḋeaċas riotsa, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ, noċ atá, agus do ḃí, agus ḃías; óir do ġaḃ tú ċugad do ṁórċuṁaċda féin, agus do ġnoḋuiġ tú do ríoġaċd.


Agus do ċanadar cainntic Ṁaóise ṡearḃḟoġantuiġ Dé, agus cainntic a Nuáin, ag ráḋ, As mór iongantaċ hoibreaċasa, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ; is coṁṫrom fírinneaċ do ṡliġese, a Rí na ccineáḋaċ.


Oir is spiorada deaṁan íad, ḃíos ag déunaṁ cóṁarṫaḋ, agus ṫéid amaċ go ríoġuiḃ na talṁan agus an doṁuin uile, ċum a gcóṁċruinniġe a gceann ċaṫa láe ṁóir Ḋé Uileċúṁaċduiġ.


Agus do ċúaluiḋ mé neaċ eile ó níosdaḋ náoṁṫa ag ráḋ, A seaḋ, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ, is fírinneaċ cóṁṫrom do ḃreaṫasa.


Agus ṫáinic cloiḋeaṁ géur ḋá ḟáoḃar amaċ as a ḃéul, ċum na gcineaḋaċ do ḃúalaḋ ris: agus do ḋéunuiḋ sé a ríaġluġaḋ ré slait íaruinn: agus a se ṡaltras fá na ċosaiḃ úmar fíona cúṫuiġ ḟeirge Dé Uileċuṁaċduiġ.


Agus do ċúala mé aṁuil gúṫ buḋne móire, agus aṁuil fuáím uisgeaḋ iomḋa, agus aṁuil fúaim tóirrniḋ aintréin, ag ráḋ, Alleluía: óir a sé an Tíġearna Día uileċúṁaċdaċ as Rí ann.


Agus sgríoḃ ċum aingil eagluise na Smirna; Ag so na neiṫe a déir an céidneaċ agus an neaċ deiġeanaċ noċ fuáir bás, agus atá beó;


Agus ní ḟácuiḋ mé teampoll innte óir a sé an Tíġearna Día Uileċuṁaċdaċ agus an Túán as teampoll di.


Agus a duḃairt sé riom, Atá sé déunta. As mise Alṗa agus Oméga, an tosaċ agus an deireaḋ. Do ḃéura mé don tí ar a ḃfuil tart ní ré iḃe do ṫobar uisge na beaṫa a naisgiḋ.


As misi Alṗa agus Oméga, an tosaċ agus an deireaḋ, an ċéidneaċ agus an neaċ deiġeanaċ.


Agus do ḃí ar gaċ beaṫaċ fó leiṫ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ sin, sé sgiaṫáin fá gcuáirt; agus íad don táoḃ a stiġ lán do ṡúiliḃ: agus níor sguireadar do ló ná doiḋċe, dá ḃeiṫ ag ráḋ, Is náoṁṫa, náoṁṫa, náoṁṫa, an Tiġearna Día Uileċúṁaċdaċ, an té ḃí, agus atá agus ḃías.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ