Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 1:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Rúindiaṁair na seaċd réult do ċonnairc tú am láiṁ ḋeis, agus na seaċd gcoinnleóir órrġa. A síad na seaċd réulta seaċd naingil na neaglúisiḋiḃ: agus na seaċd gcoinnleóir do ċonnairc tú a síad na seaċd neagluiseaḋa íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 rúindiaṁair na seaċt réalta do ċonnacais im’ láiṁ ḋeis, agus na seaċt gcoinnleoir óir. Is iad na seaċt réaltana aingle na seaċt eaglais, agus is iad na seaċt gcoinnleoirí óir na seaċt h‐eaglaisí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 1:20
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḋéana tú a ṡeaċt soillse sin: agus soillseóċuiḋ tú a ṡolus sin, lé ttiuḃra solus anonn as a ċoinne.


Agus do rinne sé seaċd lampa, agus a smólġlantóire, agus a ṁiása smóil, dór ḟíorġlan.


Agus a duḃairt sé ríom, Cred do ċí tú? agus a duḃairt misi, Daṁairc mé, agus féuċ cuinnleóir uile dór, go scála air a ṁullaċ, agus seaċd ttóirsi air, agus seaċd bpíopa ċum na seaċd lampuiḃ, noċ do ḃí air a ṁullaċ:


Oír do buḋ cóir do ṗuisíniḃ an tsagairt eólus do ċoiṁéad, agus do buḋ coir ḋoíḃsion dliġeaḋ díarruiġ as a ḃéul: óir isé sin teaċtaire ṪIĠEARNA na slóġ.


Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, Do ḃríġ gur ab daóiḃsi tugaḋ fios rúindíoṁra na ríoġaċda neaṁḋa, do ḃeiṫ agaiḃ, agus níor tugaḋ ḋóiḃsean é.


Agus a duḃairt seisean, Is dáoiḃsi tugaḋ rúndiaṁra rioġaċda Dé daiṫniuġaḋ: aċd do ċáċ eile a ccosaṁlaċduiḃ; ionnus ag faicsin dóiḃ naċ ḃfaicdís, agus ag cluinsin dóiḃ naċ dtuigfidís.


Oír ní háill leam, a ḃráiṫreaċa, ainḃfios na seicréidesi do ḃeiṫ oruiḃ, (do ċum naċ bíaḋ siḃ glic ann ḃur mbaraṁluiḃ féin;) go dtárrla daille air ċuid Díosráel, nó go dtí iomláine na Gcineaḋaċ a steaċ.


Ag ráḋ, As mise Alṗa agus Oméga, an céidneaċ agus a neaċ deíġeanaċ: agus, Sgríoḃsa a leaḃar, an ní do ċí tu, agus cuir uáit é ċum na seaċd neagluisiḋiḃ atá sa Násia; ċum Eṗesuis, agus ċum Smirna, agus ċum Pergamuis, agus ċum Tiatíra, agus ċum Sardis, agus ċum Ṗiladelṗía, agus ċum Laodicea.


Agus do ḃí aige na láiṁ ḋeis seaċd réulta: agus cloiḋeaṁ géur ḋá ḟáoḃar ag teaċd amaċ as a ḃéul: agus a ġnúis aṁuil ḋeallruiġeas an ġrían ann a láinneart.


Eoin ċum na seaċd neagluíseaḋ atá sa Násia: Grása maille riḃ, agus síoṫċáin, ón tí áta, agus do ḃí agus ḃías; agus ó na seaċd Spioraduiḃ noċ atá a ḃfíaḋnuise a árdċaṫáoiresion;


Agus ainm sgríoḃṫa aglár a héudúin, RUINDIAṀAIR, AN ḂABILON ṀOR, MAṪAIR SDRIOPAĊAIS AGUS ĠRAINEAṀLAĊDA NA TALṀAN.


Agus a dúḃairt an taingeal riom, Cred fá ngaḃann iongaḋ ṫú? foillséoċadsa ḋuit rúindíaṁair na mná, agus a nainṁiḋe iomċras í, ar a ḃfuil seaċd gcinn, agus deiċ naḋarca.


Sgrioḃ ċum aingil eagluise Eṗesuis; Ag so na neiṫe a deir an tí ċomgṁas na seaċd réulta na láiṁ ḋeis, noċ ṡiúḃlas a meaḋón na seaċd gcoinnleóir órrġa;


Agus sgrioḃ ċum aingil na heagluise atá a Bpergamus; Ag so na neíṫe a deir an tí agá ḃfuil an cloiḋeaṁ géur ḋá ḟáoḃar;


Agus sgríoḃ ċum aingil na heagluise atá a Dtiatíra; Ag so na neiṫe a deir Mac Dé, agá ḃfuilid a ṡúile mar Iasair ṫeineaḋ, agus a ċosa cosṁuil ré fionnḃruiné;


Uime sin bíoḋ coiṁne agud cá hionad as ar ṫuit tú, agus bíoḋ aiṫreaċas ort, agus déun na céudoibreaċa; nó tiucfuiḋ mé ad ċoinne go haiṫġearr, agus aṫróċad do ċoinnleoir as a ionad, mona ndearna tú aiṫriġe.


Agus sgríoḃ ċum aingil eagluise na Smirna; Ag so na neiṫe a déir an céidneaċ agus an neaċ deiġeanaċ noċ fuáir bás, agus atá beó;


Agus sgríoḃ ċum aingil na heagluise atá a Sardis; Ag so na neiṫe a deir an ti agá ḃfuilid seaċd Sbiorada Dé, agus na seaċd réulta; As aiṫne ḋaṁ hoibreaċa, go ḃfuil ainm ort ḃeiṫ béo, giḋeaḋ atá tú marḃ.


Agus sgríoḃ ċum aingil eagluise Laodicéa; Ag so na neiṫe a deir Amen, an ḟíaḋnuise ḋíleas ḟírinneaċ, tosaċ crúṫuíġeaḋ Dé;


Agus sgríoḃ ċum aingil na heagluise atá a Bṗiladelṗia; Ag so na neiṫe a deir an neaċ náoṁṫa, án neaċ fírinneaċ, agá ḃfuil eoċair Ḋáiḃi, an tí osglas, agus ní ḋúnann éinneaċ; an tí ḋúnas, agus ní osglann éunduine;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ