Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Taisbeunaḋ 1:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Taisbeunaḋ Iósa Críosd, noċ tug Día ḋó, ċum na neiṫeann is éigean do ḃeiṫ ann go lúaṫ dfoillsiuġaḋ ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ; agus ar gcur ṫeaċdaireaċda úaḋ ré na aingeal dó do ṫaisbéin sé dá ṡearḃḟoġantuiġe Eóin:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Taisbeánaḋ Íosa Críost, ṫug Dia ḋó ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ d’ḟoillsiú d’á ṡeirḃíseaċaiḃ; agus do noċt d’á ṡeirḃíseaċ Eoin iad le teaċtaireaċt aingil,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Taisbeunaḋ 1:1
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Atá rún an TIĠEARNA ag an luċd eagluiġeas roiṁe; agus foillsiġiḋ a ċunnraḋ ḋóiḃ.


Agus do ċúala mé gúṫ dúine eidir ḃrúaċaiḃ Ulai, noċ do ġoir, agus a duḃairt, A Ġabriel, taḃair ar an ḃfearso an nfis do ṫuigsin.


Fós, an feaḋ do ḃí mé ag laḃairt a núrnaiġ, an fear céadna Gábriel, noċ do ċonnairc mé annsa ḃfis ar tús, air ar tugaḋ eitiol do ḋéanaṁ go deiṫniosaċ, do ḃean sé riom a dtimċioll aimsire íoḋbarṫa an tráṫnóna.


A ttosaċ híarratuis ṫáinic a náiṫna amaċ, agus atáimsi ar tteaċd dá ṫaisbeanaḋ ḋuitsi; óir áta tú ar do ġráḋuġaḋ go ro ṁór: uimesin tuig an taḋḃar, agus meas a nfis.


Go deiṁin ní ḋéana an Tiġearna DIA éinní, gan taisbeanaḋ a ṡecréide dá ṡerḃíseaċaiḃ na fáiġe.


Oír níor laḃair misi úaim féin, aċd an Taṫair ó dtáinig mé, tug sé áiṫne ḋaṁ, créd as cóir ḋaṁ araḋ, agus creud as coir ḋaṁ a laḃairt.


Uaḋ so súas ní ġoirfe mé searḃḟoġantuiḋe ḋíḃ, óir ní ḃfuil a ḟios ag an tsearḃḟoġantuiḋ créud do ní a ṫiġearna: aċd do ġoir mé cáirde ḋiḃ; óir na huile neiṫe do ċúaluiḋ mé ó Maṫair, do léig mé a ḃfios ċugaiḃsi.


Oír tug misi ḋóiḃ na bríaṫra ṫug tusa ḋaṁ; agus do ġaḃadar ċuca íad, agus daiṫniġeadar go deiṁin gur ab uátsi ṫáinig misi, agus do ċreideadar gur tusa ċuir uáit mé.


Agus an ní do ċunnairc agus do ċúalaiḋ sé, do ní sé so dfiaḋnuise; aċd ní ġlacan áonduine a ḟíadnuisi.


Atá mórán agam ré laḃairt agus ré ḃreaṫnuġaḋ ḃur dtimċeallsa: aċd as fírinneaċ an té do ċuir úaḋ mé; agus laḃruim ris a tsáoġal na neiṫe do ċúaluiḋ mé úaḋsan


Agus a nois don té lér féidir siḃ do ḋaingniuġaḋ do réir mo ṡoisgeilsi, agus ṡeanmóra Iósa Críosd, do réir ḟoillsiġe na seicréide, noċ do congṁaḋ go folaiġeaċ ó ṫús an doṁain,


Oír ní ó ḋuine fúair mé é, ná do ṫeaguisgeaḋ mé, aċd tré ṫaisbéaunaḋ Iósa Críosd.


Oir gur ḟoillsiġ sé ḋaṁ do réir ṫaisbéunta an rúindíaṁair; mar do sgríoḃ mé roiṁe go haiṫġearr;


Pol, searḃḟoġantuiġ Dé, agus absdal Iosa Críosd, do réir ċreidiṁ ḋáoine ṫóġṫa Dé, agus adṁála na fírinne, noċ atá réir ḋíaġaċda;


Sgríoḃ na neiṫe do ċonnairc tú, agus na neiṫe atá ann, agus na neiṫe ṫiucfus na ḋiáiġ so;


Do ḃí misi Eóin, ḃur ndearḃráṫair, agus ḃur gcóṁċompánaċ a dtáoḃ ḃuáiḋearṫa, agus ríoġaċda agus ḟúlaing Iósa Criosd, sa noiléun dá ngoirṫear Patmos, ar son ḃreiṫre Dé, agus ar son ḟíaḋnuise Iósa Críosd.


Agus táinic aingeal do na seaċd naingliḃ agá raḃadar na seaċd soiṫiġe, agus do laḃáir sé riom, ag ráḋ riom, Gaḃ a leiṫ; taisbéana mé ḋuit dámnuġaḋ na méirrdriġ móire atá na suiḋe ár uisgeḋiḃ iomḋa:


Agus do ṫuit mé síos agá ċosuiḃ ċum a onóruiġṫe. Aċd a duḃairt sé riom, Coiṁéid naċ déuna tú sin: as coiṁṡearḃḟoġantuiġe ḋuit mé, agus dod ḋearḃráiṫriḃ agá ḃfuil fíaḋnuise Iósa aca: taḃair onóir do Ḋía: óir a sí fíaḋnuise Iósa spiorad na fáiḋeadóireaċda.


A duḃairt sé riom an tan sin, Scríoḃ, Is beannúiġe an dream fuáir cuireaḋ ṡuipéir ḃainnse a Nuáin. Agus a duḃairt riom, A síad so briaṫra fírinneaċ Dé.


Agus do ċonnairc misi Eóin an ċaṫair náoṁṫa, Ierusalem núaḋ, ag teaċd o Ḋía a núas ó neaṁ, ar na hullṁuġaḋ aṁuil ġléusas bean núaḋṗósda í féin fá ċoṁair a fir.


Agus táinic neaċ do na seaċd naingliḃ ċugum agá raḃadar na seaċd soiṫiġe líonta do na seaċd bpláġuiḃ deiġeanaċa, agus do laḃair sé riom, ag ráḋ, Gaḃ a leiṫ, taisbéunfadsa ḋuit an ḃean núaḋṗósda, bean a Nuáin.


Agus do ṫaisbéin sé ḋaṁ srúṫ glan duisge na beaṫa, coiṁḋeallruiġeaċ ré criosdal, ag teaċd amaċ ó ċaṫaóir Dé agus a Núain.


Do ċuir mise Iósa maingeal uáim ċum fíaḋnuise do ḋéunaṁ ḋíḃse ar na neiṫiḃse sna heagluiseaċuiḃ. Is mise fréuṁ agus slióċd Ḋáiḃi, réult ḋeallruiġeaċ na maidne.


Agus a duḃairt sé riom, Is díleas fíreanneaċ na bríaṫrasa: agus do ċuir an Tíġearna Día na ḃfáiḋeaḋ náoṁṫa a aingeal úaḋ dfoillsiuġaḋ ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ féin na neiṫe is éigean do ḋéunaṁ go haiṫġearr.


Agus mise Eóin an tí do ċonnairc agus do ċúaluiḋ na neiṫese. Agus an tan do ċúala agus do ċonnairc íad, do ṫuit mé síos ċum sléuċdana do ḋéunaṁ a ḃfiaḋnuise ċos a naingil do ḟoillsiġ na neiṫese ḋaṁ.


Aċd a duḃairt sé riom, Seaċuin ṫú ar sin do ḋéunaṁ: óir is coiṁṡearḃḟoġantuiġe ḋuit mé, agus dod ḋearḃráiṫriḃ ná fáiḋiḃ, agus don druing ċoiṁéudas bríaṫra an leaḃairse: déun sléuċduin do Ḋía.


Na ḋiaiġ so do ḟéuċ me, agus, féuċ, doras fosguilte ar neaṁ: agus an céud ġúṫ do ċúaluiḋ mé, mar ḟuáim sduic ag laḃairt riom; ag ráḋ, Gaḃ a níos ann so, agus foillseóċad ḋuit na neiṫe as éigean do ḋéunaṁ na ḋiáiġ so.


Agus táinic sé agus do ġlac sé an leaḃar as láiṁ ḋeis an tí do ḃí na ṡuiġe sa gcaṫaóir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ