Agus do ḟreagair an ríġ, agus a duḃairt ré hoglaċ Dé, Cuir impiḋe anois ar aġaiḋ do ṪIĠEARNA Dé, agus guiḋ ar mo ṡonsa go naisiocṫar mo láṁ ḋaṁ a rís. Agus do ġuiḋ óglaċ Dé an TIĠEARNA, agus do haisígeaḋ a láṁ a rís don ríġ, agus do ḃí sí mar dó ḃí rioṁe.
Agus do ġuiḋ Maóisi an TIĠEARNA a Ḋía, agus do ráiḋ, A ṪIĠEARNA, créad fa lassan ṫfearg a náġuiḋ do ṗobail, noċ ṫug tú amaċ as críċ na Hégipte lé cuṁaċtuiḃ móra, agus le láiṁ láidír?
Cruinneoċṫar tréuda Cedar uile mar áon ċugadsa, foiġeonuid reiṫeaḋ Nebaiot ḋuit: tiucfuid súas maille ré mo ḋeaġṫoilsi ar maltóir, agus glóirfiodsa tiġ mo ġlóire.
Ar ċuir Heseciah ríġ Iúdah agus Iúdah uile ċum báis ar aonċor é? naċ raiḃ eagla an TIĠEARNA air, agus naċ ar íarr sé an TIĠEARNA, agus naċ ar ḃaiṫreaċ leis an TTIĠEARNA an tolc dfúagair sé na naġuiḋ? Marso do ḋéanamaoisne olc mór a naġaiḋ ar nanmann.
Glac úaṫaso don ḃruid, eaḋon ó Heldai, ó Ṫobiah, agus ó Iedaiah, noċ ṫáinic ón Ḃabilóin, agus tárrsa an lá céadnasin, agus éiriġ go tiġ Iosiah ṁic Seṗaniah,
Agus raċuid áitreaḃṫuiġ gaċ aon ċaiṫreaċ go ċéile, ag ráḋ, Deanam tráṫ do ġuiḋe a laṫair an TIĠEARNA, agus díarruiġ ṪIĠEARNA na slóġ: raċaiḋ misi mar an ccéadua.
Uime sin a duḃairt me, Tiucfaid na Ṗilistiniġ orum a núas anois go Gilgal, agus ní ḋeárna mé eadarġuiḋe ris an TTIĠEARNA: do ċoiṁeígniġ mé mé féin ar a naḋḃarsin, agus dofráil mé ofráil loisge.