Ann sin déiriġ Serubbabel ṁac Sealtiel, agus Iessua ṁac Iosadac súas, agus do ṫionnscnadar tiġ Dé do ċur súas noċ atá ann Ierusalem: agus fáiġe Dé maille ríu ag congnaṁ ḋóiḃ.
O a ṪIĠEARNA Día Israel, atá tú ceart: óir mairmidne fós íar ndul as, mar atá a niuġ: féuċ, a támaoid ad laṫair ann ar gciontuiḃ: óir ni ḟéadmaoid seasaṁ as do ċoinne dá ḃríġ so.
Teagṁuiḋ tú don té ġáirdiġeas, agus oibriġios fíréantaċd, cniṁniġid siad ort ann do ṡliġṫiḃ: féuċ, atá fearg ort; do ḃríġ gur ṗeacuiġeamairne: ionta so atá búanfus, agus sáorfuiġear sinn.
Aċt atámaóid uile aṁuil neaṁġlan, agus atáid ar nionnracus uile aṁuil ceirteaċa salċa; agus seargamaoid uile aṁuil duilléog; agus rugadar ar bpeacuiḋ leó sinn cosṁuil ris an ngaóiṫ.
O mo Ḋía, cláon do ċlúas, agus cluin; oscuil do ṡúile, agus féuċ ar náonránaċt, agus an ċaṫair noċ goirṫear as hainm: óir ní ċuirmidne ar nguiḋe dot laṫair ar son ar nionracuis, aċt ar son do ṁórṫrócaireaḋ féin.