Agus do ṫarruing Iehu boġa le na neart iomlán, agus do ḃúail sé Iehóram idir a riġiḃ, agus do ċuáiḋ án tsoiġead amaċ agá ċroiḋe, agus do ṫuit sé síos iona ċarbad.
¶ Múscail, a ċloiḋiṁ, a naġuiḋ máoḋaire, agus anaġaiḋ an duine ar bé mo ċompanaċ, a deir TIĠEARNA na slóġ: buáil an táoḋaire, agus scánruiġ na caóiriġ: agus fillfe me mo láṁ air na húanuiḃ beaga.
Agus biáiḋ deataċ a bpeannuiḋe ag éiriġe súas go sáoġal na sáoġal: agus ní ḃiáiḋ suáiṁneas do ló agus doiḋċe, ag an drong do ḃeir onóir don nainṁíḋe agus dá ioṁáiġ, ná ag an tí ġaḃus ċuige coṁarṫa a anmasan.