9 Ann sin a duḃairt mé, Ní ḃeaṫoċa mé siḃ: éugaḋ, an ní éugas; an ní is cóir a ġeárraḋ amaċ, geárrṫar amaċ é; agus iṫidís an ċuid oile gaċ áon díoḃ feóil a ċéile.
Agus do ḃéara misi orra feóil a mac diṫe, agus feóil a ninġean, agus íosuiḋ gaċ uile ḋuine ḋíoḃ feóil a ċarad annsa ċampa agus annsa ċrúaḋóig, lé ccuiṁgeoċuid a náṁuid, agus an drong íarrus a mbás, orra.
¶ Agus a nuáir ḟíafroċus an pobalso, nó fáiġ, no sagart, díotsa, ġa ráḋ, Cred é úalaċ an TIĠEARNA? déara tú ríu annsin, Cred an túalaċ? Eaḋon tréigfiḋ mé siḃse, a deir an TIĠEARNA.
Ar a náḋḃarsin, féuċ, Misi, eaḋon Misi dearmoda mé siḃ ṫríd amaċ, agus tréigfiḋ mé siḃ, agus an ċaṫair ṫug mé ḋaóiḃ féin agus da ḃur naíṫriḃ, agus teilgfiḋ mé amaċ as mo laṫair siḃ:
¶ Agus an tan ṫiucfas sé, buáilfiḋ sé tír na Hégipte, an ṁéid atá ċum báis don ḃás; an ṁéid atá ċum daoirsine don dáoirsine; agus an ṁéid atá ċum an ċloiḋiṁ don ċloiḋeaṁ.
Ar a naḋḃarsin íosfuid na haiṫre na mic ann do lár, agus íosfuid na mic na haiṫre; agus béara mé breaṫa ionnad, agus spréiḋfiḋ mé iomlán ṫfuiġill annsna buile ġáoṫaiḃ.
¶ Do scriosaḋ mo ḋáoine do ḋíṫ éoluis: do ḃríġ gur ṫarcuisniġ tú éolus, tarcuisneoċa misi ṫusa mar an ccéadna, ċor naċ biáiḋ tú ad ṡagart agum: ó ḋearmuid tú dliġeaḋ do Ḋé, dearmodfa misi mar an ccéadna do ċlannsa.
Agus a núair do ċonnairc sé crann fige ar a tsliġm táinic sé ċuige, agus ní ḟúair sé ní ar biṫ air, aċd duilleaḃar a ṁáin, agus a deir sé ris, Nar ḟása toraḋ ó so amaċ go bráṫ ort, Agus ċrión an crann fíge ar an mballsin.
Uime sin a duḃairt Iósa ríu, Atá an solus ḃur measg fós ar feaḋ tamuill ḃig. Siuḃlaiḋ an feaḋ ḃías an solus aguiḃ, deagla go mbéuraḋ an dorċadus, oruiḃ: Oír giḋ bé ṡioḃlus ann sa dorċadus, ní feas do gá háit a ngaḃann sé.
Na ḋiáiġ sin do laḃuir Iósa ríu a rís, Atáimsi ag imṫeáċd, agus íarrfuiḋesi mé, agus do ġéuḃṫaói bás an ḃur bpeacaḋ: mar a dtéiġimsi, ní héidir liḃsi teaċd.
An tí do ní éugcóir, déunaḋ eugcóir do ġnáṫ: agus an tí atá neaṁġlan, bíoḋ neaṁġlan do ġnáṫ: agus bíoḋ an firéun, firéunta do ġnáṫ: agus bíoḋ an náoṁ, naoṁṫa do ġnáṫ.