¶ Agus seasfuiḋ sé agus biaṫfuiḋ sé a neart an TIĠEARNA, a mórḋaċd anma an TIĠEARNA a Ḋía; agus fanfuid síadsan: óir anois biáiḋ sé mór go foirċeann na talṁan.
Agus beaṫoċa mé tréud a náir, eaḋon siḃsi, a ḃoċta an treúda. Agus do ġaḃ mé ċugam ḋá ḃata; do ġoir mé Sgeiṁ daón díoḃ, agus dou dara Cuiḃreaċ; agus do ḃeaṫuiġ mé an tréud.
Agus teiṫfiḋ siḃsi go gleann na sliaḃ; óir roiṫeoċuiḋ gleann na slaíḃ go Hasal: a seaḋ, teiṫfiḋe, aṁuil mar do ṫeiṫeaṁair roiṁe an ccrioṫ ttalṁan a laéṫiḃ Ussiah ríġ Iúdah: agus tiucfuiḋ an TIĠEARNA mo Ḋía, agus na naóiṁ uile leaċd.
A Iérusaléim, A Iérusaléim, ṁarḃus na fáiḋe, agus ġaḃus do ċloċuiḃ ar an luċd ċuirṫear a ttíonsaiḋ, créd a ṁiónca do buḋ áill leam do ċlann do ċruinníuġaḋ re ċeile, mar ċruinniġeas an ċearc a gearrcuiġ fa na sgiaṫánaiḃ, agus níor ḃáill leaċd!
A duḃairt Iósa ría, Na bean rium; óir ní ḋeaċaiḋ mé fós súas ċum Maṫar: aċd imṫiġ roṁad ċum mo ḋearḃraiṫreaċ, agus abair ríu, Go ḃfuilim ag dul súas ċum Matrhar féi, agus ċum ḃur Naṫarsa; ċum mo Ḋé féin, agus ḃur Ndíasa.