Bíaiḋ a núallġul aṁuil leóṁan, nuállfuiḋ sé aṁuil leoṁánniḃ óga: núallfuiḋ fós, agus greamoċuiḋ air an ccreiċ, agus béaruiḋ leis slán é, agus ní ṡáorfuiḋ aóinneaċ é.
Féuċ, tiucfa sé aṁuil leoṁan a níos ó árd Iordan gus a náitreaḃ neartṁar: aċt do ḃéara misi air rioṫ go hobann uáiṫe: agus cía an duine toġṫa, óirdeoċus mé ós a cionn? óir cía is cosṁuil riom? agus cía ċinnfios a naimsir ḋaṁ? agus cía an tréaduiġe ṡeasfas as mo ċoinne?
Féuċ, tiucfaiḋ sé a níos aṁuil leoṁan ó at Iórdan go háitreaḃ an neartṁair: aċt do ḃéara misi orra rioṫ go hobann uáiṫe: agus cía an duine toġṫa, oirdeoċus mé ós a cionn? óir cía is cosṁuil riom? agus cía ċinnfios a naimsir ḋaṁ? agus cía an tréaduiġe ṡeasfas as mo ċoinne?
Eagloċuiḋ luċt áitreaḃa Ṡamária, do ḃriġ láoġ Ḃet‐aḃen: óir caóiḋfid a daoine ós a cionn, agus a sagairt do ġáirdiġ ría, do ḃríġ a glóire, do ċionn gur imṫiġ uáiṫe.
Criosluiġiḋ siḃ féin, agus caóiḋiġ, a ṡagarta: núalluiḋsi, a ṡeirḃísiġ na haltóra: tigiḋ, luiġiḋ ar feaḋ na hoiḋċe a saicéadaċ, siḃsi seirḃísiġ mo Ḋé: óir do congṁaḋ a nofráil ḃíḋ agus a nofráil diġe ó ṫiġ ḃur Ndé.
Naċ ccrioṫnoċuiḋ an talaṁ uimeso, agus naċ ccaóiḋfiḋ gaċ duine dá ccoṁnuiġionn ann? agus éireoċuiḋ súas go hiomlán aṁuil tuile; agus teilgfiġear amaċ agus báiḋfiġear é, aṁuil le tuile na Hégipte.
Annsa ló sin ní ḃiáiḋ náire ort ar son huile gníoṁ, ionar ṡáruiġ tú am aġuiḋsi: óir annsin do ḃéara me amaċ as do lár an ṁéid ġáirdiġios ann húaḃar, agus ní ḃiáiḋ tú uáiḃreaċ ni is mó do ḃríġ mo ṡléiḃte náoṁṫasa.
Nuálluiġ, a ċrann giuṁuis; óir do ṫuit an cédar; do ḃríġ gur creaċaḋ na cuṁaċduiġ uile: núalluiġ, a ḋairiġe Básan; óir ṫainic foraóis na fineaṁna sios.
Cía do na fáiḋiḃ nar ḋíḃreadar ḃur náiṫreaċa? agus do ṁarḃadar an dream do réuṁḟoillsiġ teaċd an Táon Firéin úd; agá raḃaḃairse a nois ḃur luċd braṫa agus dúnṁarḃṫa: