6 Tréigiḋ amadánaċd, agus mairiġ; agus imṫiġiḋ a sliġe na tuigsiona.
Imṫiġiḋ uáim, siḃsi a luċt déanta uilc: agus coiṁéadfad aiṫeanta mo Ḋé.
Eíst, a inġean, agus faic, agus cláon do ċlúas; agus dearmaid do ḋaóine féin, agus tiġ haṫar;
An té ċoiṁéadas teagasg atá sé a sliġe na beaṫa: aċt an té ḋíultas smaċtuġaḋ atá sé air seaċrán.
An té ṡiuḃluiġios le daóiniḃ críonna biáiḋ sé críonna: aċt scriosfuiġṫear compánaċ na namadán.
Cluinsi, a ṁic, agus bí críonna, agus tréoruiġ do ċroiḋe annsa tsliġe.
Do ṁúin mé ṫú a sliġe an ġliocuis; do ṫréoruiġ mé ṫú a gcasánaiḃ díreaċa.
Oír giḋ bé ġeaḃas misi do ġeaḃa sé beaṫa, agus do ġeaḃa faḃar ón TIĠEARNA.
Oír is liomsa méideoċṫar do laéṫe, agus foirlíonfar blíaḋna do ṡáoġail.
Ċor go siuḃoluid síad ann mo reaċtaiḃ, agus go ccoiṁéadfuid mórduiġṫe, agus go ndéanuid íad: agus béid na bpobal agamsa, agus buḋ misi a Ndíasan.
Agus biáiḋ Dáiḃi mo ṡeirḃíseaċ na ríġ ós a ccionn; agus biáiḋ aontréaduiġe aca uile: siuḃolúid fós ann mo ḃreiṫeaṁnusaiḃse, agus coiṁéadfuid mo státúide, agus do ḋéanuid íad.
Déanuiḋ ḃur ndiṫċeall ar ḋul a sdeaċ sa doras ċuṁann: óir a deirim riḃ, Is iomḋa dáoine iárrfas dul a sdeaċ, agus naċ búḋ éidir leó:
Agus do ġuiḋ sé agus do ṫeaguisg sé íad ré morán eile do ḃríaṫruiḃ, ag ráḋ, Coiṁéaduiḋ siḃ féin on droċġeinealaċsa.
Uime sin taguiḋ amaċ as a lár, agus dealuiġe ríu, a deir an Tiġearna, agus ná bíoḋ buáin aguiḃ ré ní neaṁġlan; agus géuḃuiḋ misi ċugam siḃ,
Agus do ċúala mé gúṫ eile ó neaṁ ag ráḋ, Tigiḋ amaċ aisde, mo ṗobalsa, deagla ḃeiṫ díḃ pártaċ ré na peacaiḋiḃ, agus pairt dfaġáil díḃ ḋá pláġuiḃ.